….‘The Guts’…. by Roddy Doyle

Peadar Bairéad

(This week we take a look at Roddy Doyle’s latest novel…The Guts)

Úrscéal Úr

seo an chéad úrscéal a shil chugainn ó pheann líofa an údair iltréitheach, Áthcliathach, seo, nó ba liosta le háireamh é iad uilig a lua anseo, ach tá mé cinnte, gur cuimhin linn uilig teidil cosúil le The Commitments, The Snapper, The Van, Oh, Play That Thing, gan ach cupla ceann acu a lua. Sea, agus b’fhéidir freisin, gur léigh sibh cuntas eicínt fúthu sa cholún seo, siar thar na blianta. Ní call dom a rá, go bhfuil cáil idirnáisiúnta bainte amach ag an údar seo, cheana féin, agus sa leabhar seo téann sé siar ar na seanlaethe, faoi mar a léiritear iad sna Commitments, ach go háirithe, agus déanann sé iarracht ar charactair ó na laethe sin a aistriú ó na seanlaethe úd len iad a chur isteach i milieu an lae inniu. Ar éirigh leis sin a dhéanamh? Caithfidh an léitheoir a bhreith fhéin a thabhairt ar an gceist sin. Mo chuidse de, déarfainn gur éirigh go seoigh leis sa mhéid sin.

The Commitments

Is dócha gurb é Jimmy Rabitte an príomhcharachtar sa scéal seo, agus cuirtear Jimmy, bunaitheoir na Commitments, in aithne don léitheoir go breá luath sa scéal agus é anois seacht mbliana is dhá scór d’aois, bean aige, agus ceathrar clainne mar chúram orthu, agus lena chois sin, tá sé tar éis a fháil amach go bhfuil ailse inne tolgtha aige. Tá air anois an scéal sin a roinnt lena mhuintir is lena chairde, agus é ag iarraidh, ag an am gcéanna, dul siar bóithrín na smaointe agus buaileadh arís leis na daoine a raibh aithne aige orthu an tráth úd fadó. Ach anois, agus méar ag an mbás ar a ghualainn, tuigtear dó, nach bhfuil am gan teorainn fágtha aige, agus dá bharr sin, cuireann sé tuairisc ar chairde a bhí aige, an t-am sin. Éiríonn sé mór arís le Imelda Quirke, stuaire a raibh aithne aige uirthi laethe na Commitments. Sea, agus cuireann sé tuairisc a dhearthár Les’, fear nach raibh teangmháil aige leis, le breis is scór bliain. Éiríonn leis freisin, scéal na hailse a insint dá chlann is dá athair, agus bíodh nach léiríonn a fhoclóir doimhneas a mhothúcháin sa chuid seo den scéal, toisc go bhfuil an doimhneas sin ceilte faoi ghairbhe a gcomhrá, mar úsáideann sé an ghairbhe chéanna sin mar bhréagriocht, le géire agus doimhneas na mothúchán sin a cheilt.

Ag an Rock Festival

Ba é an chuid den scéal ba mhó a chuaigh i gcionn orm fhéin nó an cur síos sin ar roinnt den tseandream i láthair ag Rock Festival nua-aimseartha, agus iad ag baint súlach, toit, agus taitneamh as an ócáid sin, agus mac le Jimmy Rabbitte agus a Bhanna fhéin aige, ‘Moanin at Midnight’ agus iad ag ligint orthu go mba Bhanna ón mBulgáir iad, agus ‘I’m going to Hell’, amhrán nuachumtha, á chanadh acu, faoi mar ba amhrán é a chéadchanadh sa bhliain 1932!

Ach, le taitneamh ceart a bhaint as an scéal seo, caithfidh tú é a léamh duit fhéin, agus bíodh gur bhain mé fhéin taitneamh as an leabhar seo, agus bíodh gur thaitin cur chuige agus stíl an údair, agus an chaoi ar bhain sé úsáid nádúrtha as comhrá tíriúil na gcarachtar, ag an am gcéanna, b’fhearr liom fhéin go mór fada dá bhféadfaí srian níos rite a choinneáil ar fhoclóir an chomhrá chéanna sin. Ag an am gceanna, tá mé cinnte, go bhfuil daoine ann adéarfadh, gur maise mór ar an leabhar a leithéid de chomhrá tíriúil, nádúrtha, a bheith ann. Fágfaidh mé breith an dá rogha ag an léitheoir.

gaGaeilge