Toghchán Chugainn

Peadar Bairéad

Déarfainn go bhfuil a fhios ag madraí, agus ag cait an bhaile, freisin, faoin am seo, go bhfuil toghchán chugainn. Tá fuadar an domhain faoi pholaiteoirí na laethe seo, iad ag brostú anseo, agus ag deifriú chuig an áit úd eile. Tá scéalta móra sna nuachtáin faoi thoghlaigh iomadúla na tíre seo, agus “saineolaithe” ag caitheamh tuairimí faoi cé a bhuafaidh an suíochán seo, nó cé chaillfidh an suíochán eile. An mbeidh ar chumas an Pháirtí seo Comhrialtas a chur sa tsiúl le cabhair ón bPáirtí úd eile, nó an dtarlóidh sé, go mbeidh gá le trí Pháirtí, le Rialtas Tuarcheathach a bhunú agus a chur i mbun gnó i dTeach Laighean, i gcionn ráithe eile. Ag Dia amháin atá a fhios ag an bpointe seo, cé bhuafaidh nó cé chaillfidh, sa toghchán céanna sin, ach ar chuala tú gur dhiúltaigh páipéar do dhúch riamh? Nach mór an gar ó Dhia é ag lucht na meán, ábhar dá leithéid a bheith leagtha ar phláta os a gcomhair amach dóibh, agus iad stiúctha le hocras, ceal nuachta, an tráth seo bliana?

Ach, conas a bheadh a fhios ag duine go bhfuil toghchán chugainn? adéarfadh duine b’fhéidir.

Geallúintí Toghchánaíochta

Bhuel, nuair a thosaíonn Páirtithe Polaitíochta ag maíomh go ndéanfadh siad seo, nó siúd, don phobal, dá dtoghfaí iad. Geallann siadhh seo, agus geallann siad siúd, ach mar is eol don duine is dúire amuigh, ní fiú an deich triuf é geallúint toghchánaíochta, nó, an chuid is mó den am, is iad na Páirtithe is lú sa Dáil a dhéanann na geallúintí is mealltaí ar fad, mar is maith atá a fhios acu, nach mbeidh orthu cur lena mbriathar.

Tuige a ndeirim nach mbeidh orthu cur lena mbriathar, an ea?

Bhuel, fiú mar tharlaíonn go mbeidh siad páirteach i gComhrialtas, ní bheidh iontu ach mionlach an-bheag sa Rialtas céanna sin, mar nach bhfuil a fhios ag gach éinne nach bhfuil a ndóthain tacaíochta acu, i measc an phobail, le tromlach na suíochán a ghnóthú dóibh fhéin, agus dá thoradh sin, is féidir leo a rá leis an bpobal, nach bhfuil deis acu a bpolasaí iomlán a chur i gcrích ag an am seo, nó chuige sin, níor mhór do na vótóirí tromlach na suíochán a bhronnadh ar bhaill a bPáirtí, ach go dtí go dtarlóidh sin, déanfaidh siad a ndícheall mór, iachall a chur ar an Rialtas glacadh le roinnt áirithe dá bpolasaí, más uathusan a ndílseacht a chur in áirithe don gComhrialtas, sa tréimhse idir sin agus an chéad toghchán eile. Mar sin, nuair a fheiceann tú na polaiteoirí, agus na Páirtithe Polaitíochta, ag gealladh seo, agus ag gealladh siúd, don bpobal, bí cinnte go bhfuil Toghchán an-ghar dúinn, mar nuair nach mbíonn gá le toghchán, ansin, is annamh a chloistear scéalta dá leithéid ó Pholaiteoirí, nó ó Pháirtithe Polaitíochta, agus nuair a chloistear, ní geallúintí, ach bagairtí nó béal bán, a radann siad chugainn.

Ceant na n-Amadán

Cheana féin, tá geallúintí faighte againn ó thrí cinn de na Páirtithe sin, iad ag cur in iúl dúinn, go n-ísleofar cánacha, agus go n-ardófar pinsin, má chuirtear iadsan i gcumhacht, ach níor chóir dúinn laethe saoire thar sáile a chur in áirthe dúinn fhéin ar mhuin na ngeallúintí céanna sin, agus nach féidir leis an vótóir freisin, a bheith cinnte fiú, má choimhlíontar na geallúintí céanna sin, go mbeidh plean rúnda eile ag duine eicínt, áit eicínt, leis na geallúintí sin a mhaoiniú trí cánacha do-fheicthe a ghearradh ar na créatúir chéanna sin, a ngealltar na buntáistí sin dóibh. Ó! nach éasca an t-amadán agus a chuid airgid a scaradh óna chéile! Deirimse ceant leat!

Ná síltear anois gurb é mo thuairimse, nach bhfuil polaiteoirí, frí chéile, le trust, nó ní hé sin atá á rá agam, in aon chor, nó chomh fada is a bhaineann sé liomsa, is dream faoi leith iad na polaiteoirí céanna sin, dream nach féidir déanamh dá n-uireasa. Ar an mórgcóir, is daoine iad a shocraíonn i dtús a mblianta, go gcaithfeadh siad a laethe ag saothrú dá bpobal. Má bhreathnaíonn tú ar bhunús na bpolaiteoirí s’againne, feicfidh tú go gcaitheann siad fiú, roinnt ama, chuile sheachtain, ag freastal ar a muintir, faoi mar ba shagart, nó dochtúir i gclinic, a bheadh iontu, agus gur féidir le vótóir ar bith bualadh isteach chucu, lena chás a phlé leo, agus ansin, bíonn an polaiteoir sásta chuile iarracht a dhéanamh, lena chás a réiteach, trí fheidhmiú thar a cheann, nó tuigeann siadsan conas rothaí na cumhachta a chasadh, ar mhaithe lena muintir.

Le gráinnín salainn!

Ach, bíodh go mbíonn bunús na bpolaiteoirí chomh macánta le breitheamh, ag an am gcéanna, tuigtear dóibh, nach féidir leo an ghairm a roghnaigh siad a chleachtadh, sé sin dlithe córa a reachtáil dá muintir, agus ag an am gcéanna, chuile chúnamh a chur ar fáil dá bpobal, mura n-éiríonn leo vótaí a mhealladh uathu, lá an toghcháin, agus sin an fáth, go n-éiríonn cuid acu chomh cleasach le sionnach, agus iad ag iarraidh fáil ar ais arís go Dáil Éireann mar Theachta dá bpobal. Mar sin, caithfhid muid maitheamh dóibh, má éiríonn cuid acu chomh lúbach le heascú, agus iad ag iarraidh a suíochán fhéin a ghnóthú i dtosach, agus ansin, suíocháin a bPáirtí, a chur in áirithe don chéad Dáil eile. Smaoinigh mar sin, ar inchreidteacht na ngeallúintí toghchánaíochta, a leagfar os bhur gcomhair, sna laethe idir seo agus an chéad toghchán eile, a dhéanfar a reachtáil taobh istigh de ráithe! agus ná déan dearmad rúinne salainn a bheith taobh leat, le caitheamh in éineacht leo!

gaGaeilge