“An tIománaí ar an gClaí”

Peadar Bairéad

.

Nach minic a chuala muid uilig an tsean-rá faoi’n iománaí ar an gclaí, agus an chaoi go bhféadfadh seisean chuile bhotún a dhéanann na himreoirí a sheachaint. Sea, agus d’fhéadfadh seisean chuile chluiche a bhuachaint, chuile chúl a chosaint, agus chuile ionsaí a shaghdú, ag brath ar an dtaobh a dtaobhaionn sé lei, agus ó tharla go bhfuil séasúr na gcluichí móra an doras isteach chugainn anois, tá mé ag iarraidh áit deas compórdach a fháil dom fhéin, in airde ar an gclaí is airde, in aice le Páirc an Bháire. Sea, mh’anam, agus nach bhfuil cupla babhta caite agam ar an gclaí céanna, cheana féin, agus neart le rá agam faoina bhfaca mé agus mé socraithe go péacach ansin.

Ach, sul má thosaím ag cur síos ar an imirt, ba mhaith liom i dtosach, tagairt a dhéanamh do dhuine eile, a mbíonn tionchar mór aige ar thoradh na gcluichí, taobh amuigh ar fad de na hiománaithe ar an gclaí!

Cé tá i gceist agam, an ea?

An Moltóir, cé eile a bheadh i gceist agam ach fear na feadóige fhéin.

Ach, tuige a ndeirim go mbíonn tionchar aigesean ar thoradh na gcluichí? Nach iad na himreoirí fhéin a bhuann, nó a chailleann, na cluichí?

Níl dabht ar domhan ach go bhfuil cuid mhaith den bhfírinne agat sa mhéid sin, ach, ní mar a shíltear a bhítear, i gcónaí! Ach fillfidh mé ar na himreoirí, ar ball beag. i dtosach áfach, nach mbíonn cluichí ann a mhilleann an moltóir?

Tuige a ndeirim go milleann an moltóir bocht cluiche ar bith, nach é a dhualgas-san Cothrom na Féinne a chur ar fáil do chuile imreoir? Conas mar sin a d’fhéadfadh sé cluiche a mhilleadh?

That Whistle

Bhuel, nach cuimhin le chuile dhuine againn, tráth amháin, ar a laghad, nuair a mhill feadóg an mholtóra cluiche, agus nuair a chuir sé ar chumas foireann áirithe scór a fháil, nuair nach raibh a leithéid tuillte acu, nó dlite dóibh?

Nílim ag maíomh anois gur d’aon ghnó a rinne an moltóir a leithéid, ach ó tharla gur daonnaí é, tá ar a chumas dearmad a dhéanamh, sea, agus botún fhéin a dhéanamh corruair, dá ndéarfainn é. Nach minic, nuair a bhíonn foireann ag imirt ar a míle dhícheall, agus de réir na rialacha freisin, ach trí thimpiste, tuigtear don moltóir, go ndéanann fear acu feall. Séidtear an fheadóg. Tógann an taobh eile an chic phionóis, no an poc saor, agus i bpreab na súl, tá an chaid, nó an sliotar, imithe le luas lasrach idir na cuaillí agus isteach sa líon. Béiceann fear na teilefíse…C Ú L…Léimeann agus screadann an lucht féachana, agus bristear ar mhisneach na foirne eile, agus trí dhearmad sin an mholtóra, éiríonn leis an bhfoireann contráilte bua a fháil sa chluiche sin. Sea, chuir an moltóir cor i gcinniúint an chluiche sin.

Caithfidh mé a admháil, nach minic a tharlaíonn a leithéid, agus nuair a tharlaíonn fiú, caithfear a admháil nach d’aon turas é, ach, nach breá an leithseéal é d’fhear caillte na himeartha? Caithfidh mé admháil anseo, go dtarlaíonn sé go minic, nach mbronnaimse mo dhílseacht ar lucht buaite an chluiche. A mhalairt ar fad a bhíonn fíor, bunús an ama. Taobhaíonn mise, beagnach i gcónaí, le lucht caillte an chluiche, agus dá bharr sin, nach áisiúil an rud é, go bhfuil ar mo chumas an milleán ar fad, nó roinnt mhaith de, ar a laghad, a leagan ar ghuaille an mholtóra bhoicht!

My Team !

Le blianta fada anois, thug mé mo thacaíocht d’fhoireann peile Mhaigh Eo, agus caithfidh mé a admháil gurb annamh a leagaim an milleán ar imreoirí an Contae sin, tráth chailleann siad cluiche. Óm ionad folaigh, ar bharr an chlaí sin, feictear domsa, nach bhfuil radharc an mholtóra thar mholadh beirte, agus tuigtear dom freisin go bhfuil cloch sa mhainchille aige d’fhoireann mo chontae bhoicht fhéin!! Agus chomh maith le milleán a leagan ar ghuaille an mholtóra, éirionn liom sciar maith den mhilleán a leagan ar ghuaille, agus ar uilleacha freisin, na foirne eile, nó chomh fada is a bhaineann sé liomsa, ní fir spóirt a bhíonn i gcuid acu ach gaigíní sráide, ag fanacht ar uair na faille, nó ar uair na feille fhéin. Tugann dearcadh dá leithéid leithscéal dom, i gcónaí, beagnach, nuair a theipeann ar m’fhoireann tofa bua a fháil i gcluiche. Ó! tuigtear dom go maith gur dearcadh leataobhach é sin, ach, ag an am gcéanna, cuireann sé ar mo chumas deoch na díomua a dhiúgadh, bíodh go bhfuil iarraichtín den dallamullóg i gceist ann freisin.

How about your team?

Ach anois, breathnaigh ar do dhearcadh fhéin ar na cúrsaí céanna sin. An mbíonn tú fhéin sásta leis an moltóireacht, chuile bhabhta? Nó an mbíonn tú sásta le hiompar imreoirí áirithe, ar Pháirc an Bháire? Chonaic chuile dhuine againn iompar náireach do-chosanta, ar Pháirc an Bháire, corruair, agus chuala chuile dhuine againn, faoi dhaoine ag moladh d’imreoir áirithe cupla paltóg a bhualadh ar a chéile imeartha, am ar bith a gheobhadh sé an deis chuige, len é a “bhogadh”, nó a smachtú, mar adeir siad. Nach bhfuil sé thar am ag údaráis Chumann Lúthchleas Gael, deireadh a chur le hiompar míspóirtiúil dá leithéid, agus chomh maith le sin, nach bhfuil sé thar am acu freisin, cód, agus iompar, na moltóirí a chaighdeánú, sa chaoi nach bhfágfaí leithscéal ar bith ag mo leithéidse feasta, agus sa tslí sin go gcaithfimid glacadh le dímua, agus glacadh leis freisin, nár deineadh éagóir ar bith ar ar bhfoireann s’againne, agus gurbh é fáth ar chaill siad an báire, nó go raibh an fhoireann eile ró-mhaith dóibh, ar an lá!

Finally, I got it right!

Ní call dom a rá, cén fhoireann ar thaobhaigh mé lei, ar an gCéad Domhnach de Mheán Fómhair na bliana seo, agus caithfidh mé a admháil, gur thaitin an toradh go mór liom, sea, agus scil, spiorad, agus misneach, na n-imreoirí, ar an dá fhoireann. Nár laga an Rí iad, agus gura seacht fearr a bheas Foireann Chill Chainnigh, agus a lucht bainistíochta, bliain ó inniu!

gaGaeilge