I m p e d i m e n t a .

      

***********

.

Focal Laidne ó choiréal na hóige,

Ach nach é a fheileann go seoigh,

Le cur síos a dhéanamh cruinn,

Ar a bhfuil luchtaithe trom

Aniar ar ard mo dhroma,

Ag lámha garbha na mblian.

.

Is ní bréag ar bith, dár m’anam,

Impedimenta a bhaisteadh ar ualach

A chuireann moill ar ghluaiseacht,

Is a thuirsíonn croí an daonnaí.

Ar a thuras uaigneach, léanmhar,

Fan bhóthar dian ár n-oilithreacht’.

.

Ag saighdiúirí a bhíodh na hearraí,

A mbaistí impedimenta orthu,

Nó mhoilligh siad a ndul chun cinn,

Tráth theastaigh luas is éifeacht,

Ag briseadh catha, nó ag sleamhnú

Saor, lá léanmhar, bróch, na maidhme.

.

Nach é an dála céanna linne,

Agus ualach trom ár gcúramaí

D’ár mbac ar dhul chun cinn,

I gcluiche géar na beatha.

Nach minic sna sean laethe

A d’fheicfeá asal luchtaithe le féar,

Dhá bhromóg crochta lena thaoibh,

Is cruach ard bheannach in airde

Ar ard a dhroma carnaithe.

.

Mar sin dúinne freisin,

Is ualach ár gcúramaí i mbromóga

Crochta ar na scoróga bioracha,

Is carnaithe in airde os a gcionn,

Chuile mhasla is tarcaisne,

A caitheadh riamh inár dtreo.

.

Ní bhíodh ach cleas cinnte amháin

Ag an asal bocht maslaithe,

Le fáil réidh lena ualach múchtach,

Agus b’in luí síos díreach faoi.

Bhainfí an lasta trom dá dhroim,

Idir bhinn is bromóga lána,

Le cur ar a chumas

Éirí dá chosa arais arís.

.

B’fhéidir nárbh olc an smaoineamh

Dúinne freisin, luí i lár an bhealaigh,

Tráth airíonn muid na seacht gcúramaí déag

Dár gclaoi, is dár múchadh,

Fan bhóthar anacair, dian, ár n-oilithreachta.

.

************************************

.

gaGaeilge