I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Cuimhní ar Chamchuairt ar Albain

An Mhír Dheireannach –

Seo an gála deiridh de shraith Aistí a scríobh mé in eireaball na bliana 1992, seacht mbliana déag ó shoin anois, faoi Chuairt na bhFilí Éireannacha ar Albain, i Meán Fómhair na bliana sin. Mhothaigh mé, nárbh olc an smaoineamh é, na hAistí sin a ath-fhoilsiú, ó tharla go bhfuil a thriochadú bliain á chomóradh ag an gColún seo, I mBéal an Phobail, i mbliana.

Mar sin, seo chugaibh é………….

.

Dé Sathairn, 19 Meán Fómhair, 1992. Cé nach raibh aon ró-bhrú orainn bheith inár suí le giolc an ghealhain, an mhaidin bheannaithe sin, ag an am gcéanna, ní raibh aon ró-fhonn orainn codladh go headra, agus mar sin, bhíomar ar ár gcois, tarraingt ar a hocht a chlog ar maidin. Bhíomar pioctha, bearrtha, agus an bricfeasta ite againn, ag a naoi. Ag an bpointe sin, bhí fear an tí, Alec Welstead, réidh lena mhadraí a aclú. Chuamar, mé fhéin agus an Cornal Eoghan Ó Néill in éineacht leis, Ba thaitneamhach an uair an chloig a chaitheamar ag siúl linn trí choill, in aice an bhaile, muid ag comhrá agus ag seanchas, fad is a bhí na madraí ag rith is ag rás leo, ar a sástacht. Ba le hÓstán an Crieff Hydro an choill úd, ach go raibh cead ag an bpobal í a úsáid, am ar bith ar mhian leo.

Thart ar a haondhéag, thóg lanúin an tí, Wendy agus Alec, ina gcarr muid, go dtí Teach Stiléireachta Ghlenturret, nó bhí socraithe ag Gaeil Chrieff, go mbeadh deis againn turas tionlactha na Drioglainne is sine in Albain, a thabhairt. Rinneadar sin, agus bhlaiseamarna toradh a saothair, ag deireadh an turais, agus geallaimse dhuit é, nár den díogha é an Glenturrwet Whisky céanna sin! Bhí Ionad Oidhreachta ansin acu freisin, agus chríochanigh an turas tionlactha le scannán ‘The Water of Life,’ a léiríodh dúinn i bpictiúrlann bheag, ghleoite, na Drioglainne. Tarraingt ar mheán lae, tháinig an bhuíon Éireannach, agus Morag MacLeod, ár dtreoraí lách, oirirc, mar aon le Gaeil Chrieff, le chéile i mBialann na Drioglainne, le lón a chaitheamh i bhfochair a chéile.

A leithéid de lón níor bhlais mé le fada an lá, nua gach bia agus sean gacha dí ar chlár romhainn amach; comhluadar lách, geanúil, Gaelach; agus comhrá spreagúil, tuisceanach, cairdiúil.

Slán le Crieff!

Ar deireadh thiar, áfach, b’éigean dúinn slán a fhágáil ag ar gcairde nua i gCrieff. Déanta na fírinne, bhí uaigneas orainn, agus muid ag buaileadh bóthair, ach bhíomar ag ceapadh, go mbfhéidir go bhfillfeadh muid ar Chrieff, am éigin, amach anseo! Thugamar cúl an ghluaisteáin ar Chrieff agus a aghaidh ar Ghlaschú aerach na nGael, agus ní haithristear ár n-imeachtaí gur shroicheamar teach agus áras ár lóistín don oíche sin, an Babbity Bowster, ag Uimhir 15 Sráid Blackfriars. Tar éis dúinn an tuirse bóthair a chur dínn, bhíomar suite chun boird arís, ag a leath i ndiaidh a sé, le béile eile a chaitheamh ar ár sáimhín só, i dTeach Ósta an Babbity. Ní gá dhom an béile sin a mholadh, nó bhí sé thar mholadh beirte, cheana féin.

Sráid Stairiúil

Ar ball, agus muid sách, suaimhneach, sásta. Thugamar aghaidh an mhionbhus ar ‘The Centre for Contemporary Arts’, in Uimhir 350 Sauchiehall Street, nó ba san ionad oirirc sin a bheadh seó na hoíche sin againn. Agus cé go raibh treoraí maith againn i Morag, ní raibh sé éasca áit pháirceála a fháil dár mionbhus galánta, i ngiorracht scread asail don ionad oirirc céanna sin. Ar deireadh thiar, d’éirigh le Morag áitín feiliúnach a fháil i gcúlshráidín ciúin, cúng, agus ba ghearr go rabhamar ag déanamh ár slí síos an tsráid cháiliúil sin, Sauchiehall. Ní raibh ar mo chumas fhéin srian a choinneáil ar mo chuimhní corraithe, agus muid ag siúl linn síos feadh na sráide fada sin. Siar liom bóithrín casta na smaointe, go dtí garraí cluainteach na hóige, agus na hoícheantaa fada geimhridh sin, nuair a chloisinn m’athair agus a chomrádaithe ag cur síos ar ‘Sockeyhall Street’ mar a thugaidís uirthi.

Smaoinigh mé ar na daoine sin, ina bhfir óga, ag an am, agus iad ag siúl leo go misniúil, rábach, cróga, ar an dtaobhchasán céanna sin, a raibh mise ag siúl air, an oíche bheannaithe sin. Nach ar m’athair agus a chomrádaithe a bheadh an bród agus an t-áthas, dá bhfeicidís an tIorrasach seo ar a bhealach chuig Ionad gradamach cosúil leis an Centre for Contremporary Arts, le mám dánta a aithris ansin, i dteanga ársa na nGael? Ar bhealach éigin, is dócha go raibh na hIorrasaigh chuideachtúla sin mar lucht éisteachta agamsa, an oíche iontach sin, i Sráid úd Sauchiehall Ghlaschú. Bhí slua an-mhór romhainn istigh, iad suite ag boirdíní, scaipthe ar fud an halla. D’éirigh thar barr le seó na hoíche sin, agus ghlac filí, ceoltóirí, agus amhránaithe Albanacha, páirt san agallamh freisin. Ní gá a rá, gur éirigh thar cionn le Máire Holmes a dánta a chur i láthair, go spreagúil, corraitheach, taitneamhach. D’éirigh le Nollaig Mac Carthaigh ceol sí, draíochta, a mhealladh as na píobaí uileann, agus chuir Brian Ó Dónaill an lucht éisteachta faoi gheasa le binneas a ghutha, agus le draíocht a cheoil. Mo chuidse de, tá mé ag ceapadh go mbeadh na cairde úd, ó laethanta m’óige, breá sásta leis na dánta a d’aithris mé fhéin dóibh i Sockeyhall Street, an oíche sin.

Féile na nGael

I ndiaidh an tseó, mar a tharla go minic i rith na seachtaine, fuaireamar cuireadh chun a tí ó Flora MacNeill, amhránaí clúiteach, traidisiúnta. Ghlacamar go fonnmhar leis an gcuireadh céanna, agus geallaimse dhuit é, nár fágadh ocras, nó tart, ar aon duine againn, i dteach úd na féile, an oíche sin. Chomh maith le sin, bhí ceol, amhráin, agus seanchas den scoth, againn, go dtí a trí a chlog ar maidin! Go fiú, nár chan mé fhéin amhrán! tráth éigin, i rith na hoíche ! Deireanas na huaire, nó brí an fhuiscí, ba chúis leis, ní foláir! Cibé faoi sin, bhíomar ar ár gcois go breá luath maidin Dé Domhnaigh, agus tar éis dúinn bricfeasta Sasanach eile a chaitheamh, thugamar na sráideanna orainn féin arís, muid ag fanaíocht timpeall, ag tabhairt chuile shórt faoi deara, tamall anseo, is tamall ansiúd. Chonaiceamar an teach is sine n nGlaschú, teach a tógadh sa bhlaiin 1471. thugamar cuairt freisin ar The Barras, na margaí ollmhóra úd, atá amuigh faoin aer acu, sa chathair sin, margaí a raibh tarraingt na mílte orthu. Ag a haon a chlog, bhíomar ar ár nglúna in Eaglais Naoimh Alphonsus, i Sráid Londain, nó theastaigh uainn Aifreann a éisteacht i nGlaschú, an mhaidin Domhniagh sin. Thaitin an ceiliúradh sin go breá linn. Labhair an ceiliúraí faoin Eaglais Chaitliceach, i gCathair Ghlaschú, tharla go bhfuiltear ag comóradh an cúigiú céad bliain d’Árdeaspagóideacht na cathrach sin. Rud amháin eile, a thug mé fhéin faoi deara, in Eaglais Alphonsus, nó gur choinnigh siadsan thall na dealbha uile, ar fud na heaglaise, nuair a chaith an chuid is mó de shéipéil na tíre seo i dtraipisí iad, blianta fada ó shoin. Taitníonn dealbha liomsa, agus ní dóigh liom, gur chóir iad a dhíbirt as ár séipéil. Folamh séipéal gan dealbha.

Turas abhaile

Arais go dtí an Babbity linn i ndiaidh an Aifrinn, lenár gcip is ár meanaithe a bhailiú, nó bhíomar tagtha go deireadh na camchuairte iontaí seo in Albain, agus bhí orainn aghaidh a thabhairt ar Aerfort Ghlaschú, agus an turas ar ais go hÉirinn. Ní dhéanfaidh muid dearmad go luath áfach, ar an tseachtain spreagúil, sásúil, neamhaí, a chaitheamar ag taisteal ó cheann ceann na hAlban, nó ar na Gaeil chairdiúla, lácha, Albanacha, a casadh orainn, le linn na cuairte do-dhearmadtha sin, Cuairt na bhFilí Éireannacha ar Albain 1992, a bhuíochas sin ar fad ag dul do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, ar an taobh seo, agus do Chomhairle Ealaíon na hAlban, ar an dtaobh eile.

Nár laga an Rí iad.

.

.

.

.

gaGaeilge