I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
Happy New Year!
“Ring our wild bells to the wild sky,
The flying cloud, the frosty lights;
The year is dying in the night,
Ring out, wild bells, and let him die”
Sea, clingigí libh a chloga caointe, nó tá an bhliain seo, 2008, ar leaba a báis, tá sí ag séathlú lei i lár na hoíche , mar sin clingigí os ard, a chloga, agus ligigí di imecht. Sea, ligigí di séathlú, nó tá a hoilithreacht críochnaithe aice. B’fhéidir nárbh í an bhliain ba mheasa riamh í, ach ag an am gcéanna, d’fhéadfadh sí a bheith i bhfad Éireann níos fearr ná mar a bhí. Ní dhéanfar dearmad go luath ar an Samhradh fuar, fliuch, míthaitneamhach, nó ar an nGeimhreadh fliuch, oighreata, preachtach, a scaoil sí chugainn, agus bíodh go bhféadfadh daoine dearmad a dhéanamh de na féiríní sin a bhronn sí orainn, is fada a chuimhneofar ar an gcúlú tubaisteach eacnamaíoch, agus ar an meath scanraitheach sa saol tionscaíoch, a thug sí mar phaltóg faoin smig dúinn, tráth raibh muidinne ag réabadh linn, go mustarach, ar dhroim an Tíogair Cheiltigh, agus muid ag ceapadh go mba Bhoicíní Móra chuile dhiabhal mac máthar dínn.
De Mortuis nil nisi bonum
Anois, ní maith liom bheith ag tromaíocht an iomarca ar an té atá ag saothrú an bháis, cheana féin, nó nach raibh sé de nath ag na Rómhánaigh fadó…De mortuis nil nisi bonum…..
Ach ag an am gcéanna, nach deacair gan bheith ag sciolladóireacht ar bhliain a rinne an oireadh sin de mhífhortún a dhumpáil anuas sa mhullach orainn?
Síocháin Dé chugainn
“Ring out old shapes of foul disease,
Ring out the narrowing lust of gold,
Ring out the thousand wars of old,
Ring in the thousand years of peace”
Sea, mh’anam! sílim go dtugann mífhortún 2008 deis dúinn uilig, ár marana a dhéanamh ar ár n-oilithreacht fhéin, i nGleann seo na nDeor agus iarracht eicínt a dhéanamh ar rún na beatha daonna a thuiscint, agus ansin, déanamh de réir ár dtuiscint ar an rúin sin feasta. Is dócha go bhfuil sé thar am againn uilig, an dúil mhallaithe a cothaíodh ionainn, le linn bhlianta an Tíogair Cheiltigh, a chaitheamh i dtraipisí, agus aghaidh a thabhairt ansin ar bhealach nua, ina mbeidh ár n-aire dírithe againn ar leas an phobail uilig, sa tslí nach bhfágfar éinne feasta, ar an imeall, ach go mbeidh deis curtha ar fáil againn do chuile shaoránach, ar shaol sásúil, úsáideach, taitneamhach, a bhaint amach.
Cuirimis Deireadh leis an Seanré
Ring out a slowly dying cause,
And ancient forms of party strife,
Ring in the nobler modes of life,
With sweeter manners, purer laws.
.
Tá faitíos orm nach bhfuil ré na síochána domhanda buailte linn fós, nó tá an cogadh idir an Sceimhlitheoireacht Idirnáisiúnta ar thaobh amháin, agus Meiriceá agus a comhghuallaithe ar an dtaobh eile, ag réabadh leis fós ina loscadh sléibhe,
Is dócha gur chóir dúinn fís Isáiah, fáidh, a thabhairt chun cuimhne anseo. Nárbh é an fáidh céanna sin a chan go fileata faoi laethe úd na síochána a bhí tuartha aige don chine s’againne?
Agus buailfidh siad a gclaimhte amach ina soic-chéachta,
Agus a sleánna ina gcorráin,
Ní thógfaidh na ciníocha an claíomh in aghaidh a chéile a thuilleadh,
Ná ní chleachtóidh siad cogadh níos mó.
Nach álainn an fhís í sin, a scalann anuas chugainn trí dhorchadas oíche na staire daonna. Sin í mian chroí an duine daonna, agus an tráth seo bliana, guímis an tseanghuí…
“Glóir do Dhia sna hArda, agus ar thalamh
síocháin do lucht a pháirte”
.
Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise dhaoibh uilig
.
.
.
.