Leabhar Spéisiúil

Peadar Bairéad

(This week we review “Between Shades of Gray” by Ruta Sepetys)

Between Shades of Gray…..by….. Ruta Sepetys

Céadchló le Penguin…..………….…………….2011

.

Díbeartha thar Tír amach

Seo an chéad úrscéal ó pheann an údair seo. Rugadh an t-údar, Ruta, ar de bhunadh Liotuánach í, i Michigan Mheiriceá, agus tá cónaí uirthi fhéin agus a clann anois i dTennessee. Scéal gruama go leor atá le léamh againn i gcéadsaothar seo Ruta, ach tugann sé léargus dúinn ar chumas an daonnaí breathnú ar na réalta, bíodh go bhfuil sé fhéin sáite go feirc sa phuiteach. Díríonn an t-údar tóirse a taighde ar ghné den mhídhaonnacht a cleachtaíodh le linn an dara cogadh domhanda. Chuala chuile dhuine faoi léirscrios Hitler ar Giúdaigh, agus arirscrios Stalin ar Rúisigh agus ar Ghearmánaigh frí chéile, ach ní chucu sin a sheolann Ruta Sepetys aird an léitheora, ach díríonn sí a n-aire ar an slad a deineadh ar phobail na Stát Bailteach, nuair a ghabh fórsaí Stalin seilbh ar na Stáit chéanna sin.

Sa bhliain 1939, i dtús an Dara Cogadh Domhanda, ghlac an Rúis, faoi Josef Stalin, seilbh ar na Stáit Bhailteacha, agus go gairid ina dhiaidh sin, chuir an Kremlin liosta de mhuintir frithRúiseach na dortha sin le cile, agus é ar intinn acu, iad a dhíothú, nó iad a chur i bpriosún, nó a dhíbirt mar sclábhaithe go Campaí Saothair sa tSibéir. Ghabh siad ceannairí agus smaointeoirí na tíre agus sa chaoi sin, bheadh sé i bhfad níos éasca smacht a chur i bhfeidhm ar a raibh fágtha, agus lena chois sin, bheadh áit ansin le Rúisigh dílse a ligint isteach leis na bearnaí úd sna pobail sin a líonadh. Tá sé ráite, gur díothaíodh thart ar fiche milliún duine, le linn don Stalin céanna sin bheith i gcumhacht san Aontas Sóivéideach!

Bhailigh an t-údar chuile eolas faoin chaoi ar éirigh le dream amháin ón liosta Liotuánach sin, a roghnaíodh le díbirt, na mílte míle ó bhaile, go Campa Saothair taobh istigh den Chiorcal Artach fhéin. Díríonn an t-údar fócas a scéil ansin ar dhream amháin, ach go háirithe ar chlann amháin sa dream sin, ar mhuintir Vilkas, ar an iníon óg, Lina, ar a máthair, Elena, ar a hathair, Kostas, agus ar a deartháir óg, Jonas. Is í Lina príomhcharactar an scéil. I dtús an scéil, tugann an t-údar le fios, go raibh an chlann sin ag smaoineamh ar éaló leo as an tír ar fad, ach, ní bhfuair siad an deis chuige sin, nó tháinig na Rúisigh aniar aduaidh orthu, sula raibh na hullmhúcháin críochnaithe acu. Gabhadh an t-athair, agus ansin tháinig baill an NKVD de rúid orthu agus tugadh fiche neomat dóibh le fáil réidh don díbirt.

Go dtí an Ciorcal Artach

Bailiodh iad ag deireadh an ama sin, agus thosaigh siad, maraon le roinnt mhaith daoine eile, ar an aistear fada go dtí oirthear na Sibéire, mar a raibh Campaí Saothair. Bh lucht an NKVD i mbun na gcampaí sin, agus gan meas madra acu ar na Liotuánaigh bhocha, nó ní raibh iontu, dár leis na Rúisigh sin, ach ciaróga lofa, agus ba é a bhí scríofa ar na carráistí traenach inar deineadh iad a dhíbirt as a dtír fhéin nó.. “Gadaithe agus Striapacha”... Fuair roinnt áirithe de na Liotuánaigh sin bás fan na slí agus sna Campaí Saothair freisin, ach lean siad orthu ag misniú a chéile tríd an uafás sin uilig, agus bí ag caint ar chéasadh! Ach ó tharla go mba ealaíontóir agus údar í Lina, lean sise uirthi ag scríobh agus ag péinteáil, nó bhí talann iontach aice chuige sin, agus is dócha gur thug sin an misneach di leanacht lei, agus í ag misniú na ndaoine thart uirthi.

Ar deireadh thiar, tar éis dóibh blianta fada a chaitheamh ar deoraíocht mar sin, agus tar éis dóibh chruatan ifreanda a fhulaingt, tháinig cuid acu slán abhaile, ach ar feadh tréimhse ansin, níor ceadaíodh dóibh labhairt, nó scríobh, faoinar fhulaigh siad faoi bhois na Rúiseach.

Ach, féach! níl fúmsa an scéal iontach seo a mhilleadh ort, ach má theastaíonn uait an scéal a léamh duit fhéin, geallaimse dhuit é, go mbainfidh tú taitneamh agus tairbhe as, nó is leabhar é, ar deacair é a chur uait go dtí go mbeidh chuile dheoir den scéal slogtha siar agat. Anois an t-am le do dheis chuige sin a thapú!

.

gaGaeilge