I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Cuimhní ar Chamchuairt in Albain

.

Ag dul siar ar altanna a scríobh mé anseo i mBéal an Phobail, dhá bhliain is fiche ó shoin, tháinig mé ar shraith a scríobh mé faoi na laethe aoibhne, glórmhara, a chaith mé, mar bhall de “Chuairt na bhFilí Éireannacha ar Albain”, sa bhliain, 1992, agus mhúscail na haltanna céanna sin cuimhní chomh glé, glan, glinn, ionnam, gur tuigeadh dom, nárbh olc an smaoineamh é, iad a athléamh anois, le blas agus boladh na Cuairte sin a thabhairt chun cuimhne athuair.

Scéal gan choinne

13 Mean Fomhair 1992

Fuair mé cuireadh bheith páirteach sa Chuairt ghradamach sin, – ‘Cuairt na bhFilí Éireannacha ar Albain’- mar Fhile, ón gCornal Eoghan Ó Néill, i Meitheamh na bliana sin, agus d’ardaíomar ár seolta chun an hAlban, ar an 13ú, Meán Fómhair. Bhí ar an gCuairt chéanna sin, Máire Holmes, File; Nollaig Mac Carthaigh, Píobaire; agus Brian Ó Dónaill, Amhránaí. Casadh ar a chéile an ceathrar againn ag Aerfort Átha Cliath, áit a raibh muid le bualadh leis an gCornal, ach, ar an drochuair, cailleadh deartháir an Chornail an mhaidin sin, agus ní raibh ar a chumas bheith ar an turas in éindigh linn, ach bhí socraithe aige bualadh linn thall, ar an gCéadaoin.

Ar Eite

Chuamar ar bord an eitleáin, agus muid cineál buartha, agus ba ghearr an mhoill orainn Cathair álainn Dhún Éideann a bhaint amach. Ag an Aerfort sin, ag fanacht linn, bhí Morag MacLeod agus Shonagh Irvine, thar cheann Chomhairle Ealaíon na hAlban. Agus seo thíos, faoi mar a chuir mé síos ar eachtraí an lae sin, i mBéal an Phobail, sa Kilkenny People, go gairid ina dhiaidh sin….

Cuimhní ar chuairt

Bhí mionbhus galánta, fairsing, compordach, ag Morag agus Shonagh, le sinn a thiomáint ó cheann ceann na tíre, le linn na Cuairte. Ba ghearr go rabhamar ar ár slí trí shráideanna glana, néata, Dhún Éideann, agus ba ghearr an mhoill ar Mhorag sinn a thabhairt go Christopher North House Hotel, Gloucester Place. Chuirfeadh muid an-aithne ar Mhorag, ar Shonagh, agus ar an mionbhus céanna sin, i rith na laethe a bhí romhainn amach, ach ag an nóiméad sin, thug mé mo sheomra orm fhéin, nó bhí tuirse bóthair orm, Tar éis chithfholchta, agus scathaimh ag breathnú ar an teilifís, bhí mé breá sásta liom fhéin, agus leis an saol mór, athuair.

Ón Óstán go dtí an tÁras

Ag a 6.30 pm, thiomáin Morag ón Óstán go hÁras na Comhairle Ealíon sinn. Lean daoine ag teacht isteach go dtí go raibh slua mór sa láthair. Bhí Gaeil Alban agus Gaeil Éireann i bhfochair a chéile ann, iad lách, cairdiúil, líofa.

Bhí lucht Ollscoile agus lucht nuachtán ann, mar aon le craitheadh maith de mhuintir na dúiche sin. Chuamarna timpeall, ag seanchas, ag comhrá, ag caint, ag seanchas. Ar ball, cuireadh ‘Fear an Tí’ in aithne don lucht éisteachta. Rinne sé píosa breá cainte, agus d’fhear fíorchaoin fáilte romhainn. Rinne mé fhéin mar a mhol an Cornal Ó Néill dom a dhéanamh, agus labhair mé thar cheann an Chornail, agus thug mé fios fátha gach scéil don lucht éisteachta. Go gairid ina dhiaidh sin, seoladh i dtreo an bhia muid, nó bhí bianna de gach uile chineál leagtha ar chlár dúinn, agus gan le déanamh againne ach ár rogha a bhaint astu. Eagarthóir, agus Iriseoir, a bhí mar chéilí boird agamsa agus bhain mé taitneamh agus sásamh as a gcomhrá.

Tús maith leath na hoibre

Nuair a bhí ite, ólta, againn, cuireadh tús neamhfhoirmiúil le hobair na seachtaine. Píobaire Albanach a chuir tús leis na himeachtaí, agus caithfidh mé a admháil os ard anseo, gur thaitin ceol na bpíob, faoi mar a sheinn Séamas MacLean iad, thar barr, ar fad, liom. Ina dhiaidh sin, chuir gach uile dhuine againn, ar a sheal, leis an agallamh. Bhí ceoltóirí amhránaithe agus filí Albanacha ansin freisin. Ba den chéad scoth iad uile, ach chuir mé spéis, agus dhá spéis, i saothar na nÉireannach.

Comráduithe den scoth

Cuireadh ar mo shúile dom, go raibh comrádaithe den scoth agam, don turas Albanach sin, agus b’in tuairim a chuaigh i bhfeidhm orm, oíche i ndiaidh oíche, i rith na Cuairte ar fad. D’aithris mé fhéin dhá dhán ar an ócáid sin. Ba bhreá liom iad a thabhairt duit anseo, ach, mar is eol duit fhéin, is duine cúthaileach, amach is amuigh mé! Nach orm a bhí an bród, ag deireadh na hoíche sin, nuair a tháinig an sárfhile, agus an rí-éigeas úd, Somhairle Mac Gill-Eain chun cainte liom. Ba mhór ar fad an onóir domsa é fáilte Shomhairle.

Cuireadh críoch leis na himeachtaí, thart ar a haon dhéag, ach nach raibh cuireadh chun a thí faighte againn ón bPíobaire Albanach. Ghlacamar go fonnmhar lena chuireadh, agus ar ball, chuir Séamas agus a bhean Betty, cóir mhaith orainn ina n-árasán. Chuireamar cúrsaí an tsaoil mhóir trí chéile, agus ar ball, chuamar ar ais to dtí ár nÓstán, i nGloucester Place.

Tuilleadh

Bhuel, ní raibh ansin ach an tús. Bí liom an chéad bhabhta eile agus inseoidh mé dhuit faoi eachtraí an Luain, ar Oileán Thíríodh, agus faoin bhfáilte chaoin a cuireadh roimh na hÉireannaigh san oileán mara sin, amuigh ó chósta na hAlban.

(Tuilleadh le teacht….)

.

gaGaeilge