I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Cóisir san Ionad Paróiste nua

Nach againn a bhí an spraoi anseo in Ionad Paróiste Phádraig, ar an gCéadaoin, an 25ú Márta na bliana seo, nó ar an maidin chéanna sin, fuair pobal Aifrinn 10.30 a.m. in Eaglais Fhiachra cuireadh chuig cóisir speisialta, a d’eagraigh Rang Idirbhliana Chlochar Loreto, le hobair is le spiorad aostaigh an Pharóiste seo, a cheiliúradh.

Anois, ní haon rud nua é, do phobal an Aifrinn chéanna sin, a theacht le chéile san Ionad Paróiste nua, le cupán tae agus brioscaí a chaitheamh i bhfochair a chéile, rud a thugann deis dóibh a gcomhrá agus a seanchas a dhéanamh ansin, ar a suaimhneas, ach go hiondúil, tharlaíonn sin chuile mhaidin Mháirt. Ní gá a rá, gur nós nua é seo, a d’fhás as féidireachtaí an Ionaid bhreá nua atá againn anois sa Pharóiste seo. Rud speisialta a bhí sa chóisir seo a d’eagraigh Teaghlach Loreto dúinn áfach, agus ní call dom a rá, go raibh slua breá mór ar an bhfód don ócáid, nó bíonn pobal líonmhar ar an láthair don Aifreann sin ag a 10.30 a.m., chuile mhaidin.

San Ionad Nua

I ndiaidh an Aifrinn, bhuaileamar isteach san Ionad nua, agus isteach linn sa Halla breá fairsing atá acu ansin. Bhí boird agus cathaoireacha leagtha amach ansin romhainn, sea, agus bhí brioscaí, agus sólaistí de chuile shaghas ansin freisin, deasa deasa a rinne na cailíní as an Rang Idirbhlianach a ullmhú don ócáid. Bhí cailíní an Ranga sin ar an bhfód, agus potaí tae, agus potaí caifé, á láimhseáil acu, go cliste, ealaíonta, agus geallaimse dhuit e, gur ghearr an mhoill orthu freastal ar an slua a bhí sa láthair.

Ach ní hé amháin go raibh na sólaistí sin uilig curtha ar fáil acu dúinn, nó chomh maith le sin, bhí féasta ceoil agus amhránaíochta ullamh acu dúinn freisin. Ó! Mo dhearmad! Ba bheag nár dhein mé dearmad ar na daimhseoirí, nó bhí rinceoirí den scoth ansin acu freisin.

Ceathairéad a chuir tús leis na himeachtaí, agus nárbh iad a chuir fonn damhsa ar a lucht éisteachta, le binneas agus le rithim a gceoil. Ba ghearr go raibh, bosa á mbualadh, bróga á mbogadh, agus coirp á luascadh, le gile agus le rithim an cheoil. Ina ndiaidh siúd, tháinig beirt amhránaí os ár gcomhair lena nAllelúia, agus arís, rinne an bheirt seo comhcheol le chéile, go binn, corraitheach, leochaileach. Bhain an lucht éisteachta an-taitneamh as a scil, agus as a gceol, agus ba ghearr go raibh siad ag comhcheol in éindigh leis na hamhránaithe.

Buailigi cos air !

Rinceoirí a tháinig os ár gcomhair ansin, agus geallaimse dhuit é, gur bhain na cailíní seo ceol agus fuaim as an urlár, le rithim, agus le haclaíocht cos. Sea, agus nárbh iad a bhí gléasta go glé-geal, ildathach, ina bhfeisteas speisialta rince? Fuair siad an-bhualadh-bos ón lucht éisteachta.

Caithfear a rá, go raibh an chóisir chomh spreagúil, suimiúil, corraitheach, go bhfuil chuile sheans ann, go ndearna roinnt mhaith againn dearmad ar an gCarghas, agus bíodh go raibh cuid mhaith againn éirithe as sólaistí áirithe, feadh an Charghais, thug mé fhéin faoi deara, gur bheag de na deasa deasa a bhí fanta ar na boird i ndiaidh na cóisire! Ó bhail! Nach annamh a bhíonn cóisir dá leithéid againn, tráth ar bith den bhliain, gan caint in aon chor ar Shéasúr an Carghais?

Tuilleadh !

Lean na cailíní lena gcoirm cheoil, le tuilleadh ceoil, amhráin, agus rince, ach más fada an lá tagann an tráthnóna, agus ba é an dála céanna é leis an gcóisir s’againne, agus ar deireadh thiar, bhí an spórt thart, ach ba mhór a bhí an pobal s’againne faoi chomaoin ag Teaghlach Loreto, agus ag cailíní an Ranga Idirmheánaigh, agus ba é guí gach éinne a bhí ar an bhfód, an mhaidin sin, nó go m’bhféidir go dtiocfadh na cailíní céanna ar athchuairt chugainn, am eicínt, roimh dheireadh na bliana.

Nár laga an Rí iad, agus gura seacht fearr a bheidh siad bliain ó inniu.

gaGaeilge