I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Lucht NÍL in Uachtar!

Bhuel, tá chuile shórt thart anois, diomaite den liúireach agus den chasaoid, agus is féidir linn a bheith cinnte dearfa de, go mbeidh sin ann, amach anseo.

Céard atá idir chamáin agam inniu, an ea?

Conradh Lisboa, d’eile a bheadh idir chamáin agam? Mar nach beag ábhar atá á chíoradh againn, chomh minic, nó chomh mion, is atá an t-ábhar céanna sin, ó diúltaíodh dó sa Reifreann a ritheadh ar an dara lá déag de Mheitheamh, i dtír seo na hÉireann. Tá sé chomh maith dhom a admháil anseo, gur vótáil mé fhéin TÁ, faoi mar a d’inis mé dhaoibh go ndéanfainn, in alt na seachtaine seo caite, agus ba chóir a lua freisin, go raibh an bua, sa Dáilcheantar seo, ag na TÁ-anna, agus bhí mé fhéin ag ceapadh, go mbeadh an bua ag an TÁ-anna céanna sin tríd an tír ar fad, ach bhí breall orm áfach, nó ba iad na NÍL-eanna a sciob an chraobh leo sa Reifreann Náisiúnta.

Chuir an toradh sin ionadh orm i dtosach, agus díomá freisin, nó cheap mé go raibh botún déanta ag ár vótóirí, sa chás áirithe seo. Ach ansin, smaoinigh mé nach ndéanann pobal vótála botúin, nó cibé cinneadh a dhéanann siad, sin an cinneadh ceart dóibhsean, ag an am áirithe sin, faoi na coiníollacha sin, agus caithfidh na polaiteoirí leas, agus ciall, a bhaint as an gcinneadh sin, ar mhaithe leis an bpobal ar fad. Níor chóir aird dá laghad a thabhairt ar an té adúirt nach raibh cead ag an bpobal bheith san éagóir riamh, nó is é an pobal céanna sin foinse na cumhachta, agus is uathasan a thagann cibé cumhacht a láimhseálann ár lucht polaitíochta.

Europe reacts

Ina dhiaidh sin, léigh mé faoin chaoi ar glacadh le toradh ar Reifrinn i dtíortha eile san Aontas Eorpach, agus caithfidh mé a rá, gur bheag an tuiscint a léirigh siad ar chás ár vótóirí anseo, agus ar thoradh a saothair dhaonlathaigh. Thug siad le fios dúinn, go raibh díomá, fearg, agus ionadh, orthu, go ndéanfadh an pobal Éireannach faoi mar a dhein siad, tar éis ar dhein siadsan ar ár son, sna blianta gortacha atá thart anois. Bhí sé soiléir, dár leo, go mba dream iad na hÉireannaigh, a bhí sásta, agus réidh, le greim a bhaint as an lámh a bheathaigh iad! Ar cheap siad nach raibh ionainne ach maidríní lathaigh, a bheadh réidh i gcónaí déanamh mar a thoileodh siadsan? Nach dtuigfeadh daonlathaí ar bith, go bhféadfadh dhá thoradh a bheith ar Reifreann, agus go gcaithfí glacadh le guth an phobail, i ndeireadh na feide? Agus nuair a smaoiníonn tú air, nár bheag den arán saor a fuaireamar ón gComhaontas i ndáiríre, nó mhalartaíomar ár bhfarraigí, agus ár margaí baile, ar mhaithe leis na deontais a bhí dlite dúinn de bharr ár mballraíocht sa gComhargadh, faoi mar a bhí ann ag an am. Sea, bheadh duine ag súil go nglacfaí le toradh ár Reifrinn agus go raghfaí i mbun beartaíochta láithreach, féachaint conas a d’fhéadfaí an fhadhb a cruthaíodh a réiteach.

Upset

Ní mar sin a bhí, áfach, agus bhí ceannairí áirithe ag tabhairt le fios, go mbeadh siadsan réidh bóthar Chonradh Lisboa a leanúint, beag beann ar vóta an phobail Éireannaigh, fiú dá mbeadh orthu bata agus bóthar a thabhairt do na hÉireannaigh! Tuige mar sin, ar aontaigh siad i dtosach baire, nach dtiocfadh an Conradh i gcumhacht, mura nglacfadh chuile thír san Aontas leis? Arbh é a bhí i gceist acu sa mhéid son nó…chuile thír, mhór, thábhachtach…? Dúirt ceannairí eile, go gcaithfeadh an tír s’againne cead isteach san Aontas a lorg arís, tar éis do thíortha eile an Chomhaontais glacadh leis an gConradh céanna sin, sé sin, má bhí fúinn fanacht san Aontas! Níl dabht ar domhan, ach go bhfuil scéal Chailleach an Uafáis déanta de thoradh an Reifrinn s’againne acu, nó má tá dlí ar bith ag baint leis an Aontas Eorpach, nó má tá comhcheangal ar bith le snaidhmeadh idir phobail éagsúla an Aontais chéanna sin, tá sé thar am ag na cumhachtaí móra, san Aontas, an bata agus an maide scóir a chur uathu, agus deighleáil linn ar bhealach sibhialta, faoi mar a dhéanfaí i measc cairde comhionanna.

Find a solution

Mar, cé gur constaic é toradh an Reifrinn s’againne, ag an am gcéanna ní fál go haer é, agus má ghlactar leis, gur fadhb pholaitíochta é, ansin caithfear glacadh leis freisin, gur fabhb inréitithe é.

Leor sin do thuras na huaire seo, ach is cinnte go mbeidh mé ag filleadh ar an ábhar seo arís, amach anseo. San idirlinn, ba chóir dúinn athsmaoineamh a dhéanamh ar Phlean B……

gaGaeilge