Daonlathas! adeir tu?

.

Nach minic a chualamar an nath cainte úd faoin ndaonlathas, adeir nach bhfuil an córas rialaithe céanna sin thar mholadh beirte, ach, ag an am gcéanna, gurb é an ceann is fearr a fionnadh, go nuige seo. Sea, agus d’fhéadfadh ruainne den cheart a bheith acu sa mhéid sin, go háirithe, an chuid sin den nath adeir nach bhfuil an córas gan locht! Tá a fhios againn uilig, nach bhfuil córas iomlán daonlathach inshroichte, nó ní bheadh sé indéanta, i Stáit an lae inniu, chuile dhlí agus acht a chur faoi bhráid dhaonra iomlan an Stáit, mar sin, sé an córas is cóngaraí dó sin, nó an daonlathas ionadíoachta, nuair a roghaíonn pobal de dhaonra áirithe, nuair a roghnaíonn siad ionadaí, nó teachta, lena dtuairimí siúd a leagan os comhair na parlaiminte náisiúnta. Ach fiú sa chás sin, caithfear a rá, go bhfuil roinnt mhaith den chur i gcéill i gceist ann, nó ní bhíonn saorchead ag an ionadaí tofa sin, riachtanais a phobail a leagan os comhair na Dála, toisc go bhfuil dualgas air déanamh mar adeir a Pháirtí leis a dhéanamh, agus lena chois sin, nach bhfuil laincis air vótáil ar son rún a Pháirtí Polaitíochta.

Daonlathas! adeir tú?

Céard faoin gCeathrú hEastát?

Tagann fórsaí eile isteach sa chodromóid freisin. Céard faoin gCeathrú hEastát? nach ndéanann siadsan a míle dhícheall, uaireannta, ar a dtionchar fhéin a chur i gcionn ar na polaiteoirí? Agus nach mbíonn an chloch sa mhainchille acu freisin, agus iad ag dul isteach i ngort na polaitíochta. Breathnaigh ar an gcaoi a gcaitheann cuid acu le Taoiseach an Stáit s’againne, le scathamh anuas anois. Sea, agus níl dabht ar domhan ann, ach go mbíonn tionchar acu freisin le linn na dtoghchán, nó déanann siad a ladar a shá isteach sna diospóireachtaí polaitíochta, a bhíonn ag réabadh leo ina loscadh sléibhe, ó cheann ceann na tíre, le linn na dtoghchán céanna sin. Anois, nílim ag rá go mba dhroch rud, amach is amuigh, a leithéid a dhéanamh, nó dá mbeadh an Ceathrú hEastát ag glacach páirt dáiríreach sa diospóireacht sin, agus dá mbeadh siad ag iarraidh an pobal a chur ar an eolas, bheadh leas an phobail sin á dhéanamh acu, ach ar an láimh eile, dá mbeadh siad ag iarraidh dallamullóg a chur ar na vótóirí, chun iad a mhealladh lena vótaí a chaitheamh ar bhealach áirithe, ar mhaithe leosan, nó mar bhealach le díoltas a imirt ar pháirtí áirithe, bhuel, ansin, ní leas an phobail a bheadh á dhéanamh acu, ach a mhalairt ar fad.

Breathnaigh freisin ar thionchar na láithreoirí teilifíse agus raidió agus an chaoi a ndéanann siadsan iarracht ar a ndearcadh fhéin a chur chun cinn, sna cláracha a laithríonn siad. Ar mhaithe leis fhéin a dhéanann an cat crónán, adéarfadh duine faoi roinnt mhaith acusan!!

Ceant na Cumhachta !

Agus arís, nár chóir dúinn súil a chaitheamh orthu siúd a bhíonn sásta a gcuid airgid a chaitheamh, ar mhaithe le vótaí a cheannacht d’iarrthóir áirithe, nó do pháirtí áirithe, toisc, go dtuigtear dóibh, go dtabharfaí deis dóibh, ar ball, a soc a shacadh isteach sa trach beathaithe, i ngan fhios, d’fhéadfá a rá, don phobal frí chéile. Nach ‘in laige eile sa chóras daonlathais s’againne?

Táid ann freisin adéarfadh, nach gcuireann Comhrialtais le clú ár ndaonlathais, nó nuair a bhíonn ar Pháirtí ollmhór ceangal a dhéanamh le Páirtí nach bhfuil acu sa Dáil ach cupla Teachta, bíonn ar an bPáirtí ollmhór sin glacadh le prionsabail áirithe an MhionPháirtí sin, lena ndílseacht agus a vótaí, a cheannacht, sa Dáil nua. Agus sa tslí sin, tá polasaí á ghlacadh ag an Rialtas nua, nár cheadaigh an Pobal dóibh. Dá dteastódh uainn Comhrialtais a bheith mar pháirt dár gcóras rialaithe, feasta, bhuel, ansin, ba chóir dúinn glacadh mar phrionsabal, nach mbeadh sé ceadmhach, margadh dá leithéid a dhéanamh, ar mhaithe le cumhacht a cheannacht, nó i ndáiríre, is é atá i gceist i gcás dá leithéid, nó ceant cumhachta, agus d’aontódh gach éinne leat nár inmhianta an cleachtas é sin.

Stocairí

Tionchar amháin eile nach bhfuil inmhianaithe i gcúrsaí daonlathais, isea guth na ndaoine úd, a dtuigtear dóibh gur daoine cáiliúla iad, agus gur chóir don chosmhuintir rud a dhéanamh orhtu. Déarfainn go bhfuil cupla sampla maithe den chineál sin ruda, le tabhairt faoi deara, i gcúrsaí polaitíochta sna Stáit Aontaithe, faoai láthair, agus iad ag stócáil ansin don Toghchán Uachtaránachta, a thionólfar ansin, roimh dheireadh na bliana seo.

Fág faoin bPobal é!

Le críoch a chur leis an bpíosa seo, ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do rud amháin eile, agus sé sin, nuair a dhéanann an Rialtas iarracht ar dhlí a achtú, nach raibh fógartha acu ina gClár Toghchánaíochta. I gcás dá leithéid, chomh fada is a bhaineann sé liomsa, níl ach bealach amháin as an bhfadhb sin, agus sin Reifreann a reachtáil, le deis a thabhairt don phobal, agus dá lucht leanúna, cead a thabhairt dóibh a leithéid a dhéanamh.

.

gaGaeilge