I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Tréadlitir an Phápa

Agus mise ag fás suas, in Iorras na nIontas, in óige na haoise seo caite, bhí saoirse bainte amach ag Éireannaigh ó dheas, agus ag an am gcéanna, chreideadh go forleathan, go mba chine tofa iad Gaeil Éireann, cine a d’fhan dílis dá gcine, dá gcreideamh, agus dá nDia, trí bhlianta fada a n-anfhorlainn, anfhorlann a mhair thar ocht gcéad bliain. Ba bheag tír ar domhan a ghlac lena Creideamh, chomh díograiseach, dáiríreach, leis an gcine s’againne, agus dá bharr sin, tháinig fás as cuimse ar uimhir ar ndaoine a chuaigh le sagartóireacht agus le hOird Eaglasta, nó ba bheag tír ar domhan a sheol an oiread sin misinéirí thar lear, leis an Deascéal a scaoileadh go himeallchríocha an domhain. Chomh maith le sin, deineadh dia beag de chuile dhuine de na pearsain eaglasta sin. Tugadh áit na honóra sa sochaí dóibh, áit a tugadh, agus nár tuilleadh, b’in an dearmad a bhí taobh thiar de roinnt mhaith den mhí-úsáid a tugadh ar dhaoine goilliúnacha, ar ball, nó níor creideadh go bhféadfadh na pearsain chéanna sin mí-úsáid a thabhairt d’éinne beo. Ach níorbh aon aingil ar thalamh iad ach daoine daonna, cosúil leis an gcuid eile dinn.

Ach ní gá anois liosta den mí-úsáid sin a thabhairt anseo, nó ba liosta le háireamh é dá ndéanfainn a leithéid, agus chomh maith le sin, scríobh mé roinnt píosaí cheana faoi’n bhfadhb chéanna sin, agus ar aon nós, leath an scéal sin ó cheann ceann na cruinne, agus dá bharr sin, glaodh ar Easpaig Chaitliceacha na hÉireann chun na Róimhe fhéin, leis an scéal uilig sin a mhíniú dá Naofacht, an Pápa Beinidict XVI. Ba é deireadh an scéil sin, nó gur shocraigh an Pápa ar Imlitir chuig Caitlicigh Rómhánacha na tíre seo, a scríobh, agus a sheoladh chugainn roimh Chaisc na bliana seo 2010.

Bhuel, tar éis an iomláin, shroich an Imlitir sin tír na hÉireann, i ndeireadh an Charghais, i mbliain seo an Tiarna 2010. Deir an Pápa linn, go bhfuil an Imlitir seo á scriobh aige, mar Aoire an hEaglaise Uilí, chuig Pobal Dé in Éirinn, faoin mí-úsáid a thug sagairt, agus buíonta eile den chléir, ar pháistí, agus ar dhaoine goilliúnacha eile, a fágadh faoina gcúram. Ní gá a rá, ar seisean, gur chuir gníomhartha dá leithéid, agus an chaoi ar dhein údaráis na hEaglaise Caitlicí in Éirinn deighleáil leo, díomá agus déistean air.

I gCaibidil a Dó den Imlitir, cuireann sé in iúl dúinn, go dtuigtear dó, nach bhfuil an dara rogha aige ach litir dá leithéid a scríobh, nuair a chuireann sé san áireamh, an freagra lag, easnamhach, a thug údaráis na hEaglaise anseo ar na coireanna céanna sin. Sa tslí sin, teastaíaonn uaidh a mheas orainn a chur in iúl, agus chomh maith le sin, teastaíonn uaidh bealaí áirithe lenár slánú, lenár athnuachan, agus lenár leorghníomh a chur in iúl. Agus bíodh go mbíonn ciníocha eile ciontach i gcoireanna dá leithéid seo, ag an am gcéanna, is trom an choir í, agus caithfear í a admháil os ard, agus caithfear leorghníomh a dhéanamh inti, agus féachaint chuige nach dtarlóidh a leithéid inár measc arís.

Ba chóir dúinn, ag an nóiméad seo, smaoineamh ar na glúnta a d’imigh romhainn, agus ar an saothar a rinneadar i bhfíonghort an Tiarna. Leath siad an Creideamh ar fud na hEorpa sna meánaoiseanna, agus tharraing na manaigh Éireannacha úd a neart, ó thobar an Chreidimh, ina dtír dhúchais. Thug Liféar Pluincéad deashampla dúinn ar dhílsecht don Chreideamh céanna sin inár measc, i laethe dorcha na bpéindlíthe, agus níorbh é an t-aon duine a d’fhulaing ar son na fírinne ach oiread é. Níos déanaí sa stair freisin, trí ré na misinéireachta, thug na hÉireannaigh sampla don uile náisiún, faoin chaoi ar chóir an deascéal a leathadh, ó cheann ceann na cruinne, sa chaoi, gur bheag clann nár thug gaol eicínt don ghluaiseacht misinéireachta sin.

Le linn na saolta seo, áfach, b’éigean do mhuintir na tíre seo dul i ngleic le dúshláin tromchúiseacha an lae inniu, nuair a b’éigean dóibh cur suas le dí-eaglaisiú forleathan, agus na hathruithe uilig a tháinig anuas sa mhullach, de phlimp orainn, athruithe a mheall daoine ó mhúineadh agus ó luacha na hEaglaise Caitlicí a bhfus. Mar thoradh ar na hathruithe sin uilig, ba mhinic a laghdaíodh ar dhíograis an phobail, i gcleachtadh deabhóide, agus cráifeachta, ina saol laethúil. Minic freisin a d’iompaigh siad ó phaidreacha laethúla, ó fhreastal minic ar fhaoistin, agus ar chúrsaí spioradálta. Ní hé amháin gur dhein Pobal Dé faillí sna cúrsaí sin, ach leath an galar céanna i measc an chléir freisin, sa chaoi gur deineadh dearmad ar mholtaí Dara Chomhairle na Vatacáine. Sa chomhthéacs ginearálta seo, is cóir dúinn fadhb na mí-úsáide gnéasaí ar dhaoine óga, ag baill áirithe den chléir, nó ba sa bhealach sin a chaill an Eaglais Chaitliceach an meas agus an urraim a bhi tuillte aice agus a tugadh go fial di, thar na blianta fada. Luann an Pápa cúiseanna eile freisin, leis an gcúlú céanna sin mhíniú. Dár leis, níor chóir dearmad a dhéanamh ar na bealaí a úsáidtear le sagairt a roghnú, a thraenáil, agus a mhúnlú, agus chomh maith le sin, níor chóir dul thar fóir leis an ómós a thugtar don chléir, agus do dhaoine údarásacha eile, nó níor chóir aird ró-mhór a dhíriú ar ait na hEaglaise i measc an phobail, nó ar bhaol scannail a thabhairt do na fíréin.

Casadh roinnt de na daoine ar tugadh mí-úsáid dóibh, agus bheadh sé toilteanach a leithéid a dhéanamh arís. D’éist sé lena scéalta, thuig sé ar fhulaing siad, agus ghuigh sé leo, agus ar a son. Sa bhliain 2006, mhol sé d’Easpaig na hÉireann scéal na mí-úsáide seo a fhiosrú, féachaint céard ba chúis leis, agus bealaí le críoch a chur leis, a aimsiú, agus a mholadh, sa chaoi nach dtarlódh a leithéid arís, agus mhol sé freisin, go roinnfí ceart agus cothrom leo siúd ar deineadh éagóir dá leithéid orthu.

Ina dhiaidh sin, labhrann sé leo siúd ar deineadh mí-úsáid orthu, le sagairt agus pearsain eaglasta a rinne an mhí-úsáid chéanna sin, le tuismitheoirí, le daoine óga na tíre, le sagairt, agus le pearsain eaglasta eile, le hEaspaig agus le Pobal Dé na tíre seo. An chéad bhabhta eile, beidh mé ag plé leis na ranna sin de Thréadlitir seo an Phápa.

Go dtí sin… Slán….

gaGaeilge