I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

New Year Resolutions….

Tá an tráth sin bliana an doras isteach chugainn arís! Gearróga Dubha an Gheimhridh curtha dínn againn, agus muid ag druidim linn go réidh, cúramach, i dtreo na Féile Bríde. Fad ag teacht sna laethe, agus tugann chuile dhuine againn faoi deara an fad choiscéim choiligh sin tagtha sna laethanta, cheana féin; lusa an chromcinn, lena gcorn ardaithe, ag adhaint dóchais i gcroí an dúlra, anam ag tíocht i gceol na spideoige is an loin. Sea, seo an t-am le rúin athbhliana a dhéanamh.

Seolta á ardú

Seo an t-am le seolta a ardú arís, le dúshlán na mara móire moingscaoilte a thabhairt. Seo an tráth den bhliain le soithigh ár mbeatha a thabhairt i dtír, len iad a ghlanadh, is a sciúradh, agus díon a chur orthu in aghaidh doineann na dúluachra. Gan dabht ar domhan, seo an t-am le claíocha bearnaiathe na beatha a dheisiú, agus le gortghlanadh éifeachtach a dhéanamah ar fhiaile shantach, bharrphlúchtach ár laethe. Seo an tráth den bhliain, nuair a dhírím fhéin ar alt a scríobh faoain ábhar thuasluaite.

Ba bhliain faoi leith í an bhliain seo caite, an bhliain úd 2009, nó tharla go raibh a thriochadú bliain á cheiliúradh ag an gcolúinín bocht s’againne, agus le bliain anuas, bhí de nós agam, geábh a thabhairt siar thar na haltanna uilig a scríobh mé le triocha bliain anuas, agus an corrcheann acu sin a roghnú, le cur os bhur gcomhair arís. Bhuel, anois, ó tharla go bhfuil an colún seo ag seoladh isteach san aonú bliain triochad, tá socraithe agam leanúint den nós céanna sin, agus an corrphíosa, anseo is ansiúd, a roghnú le hathchló a chur air. Tuigtear dom nach ró-olc an tseift í sin, do cholún cosúil le…I mBéal an Phobail…

Triocha bliain i mbun pinn

Nach fada an t-achar é triocha bliain? Sea, agus i rith na mblianta fada sin uilig, bhí alt réidh agam le cur i gcló sa pháipéar seo, sa Kilkenny People s’againne, chuile sheachtain. Nach iomaí focal a ghaibhnigh mé ar inneoin na haigne i rith an achair sin? Is dócha gur chuir mé thart ar mhilliún go leith focal ar phár don nuachtán seo i rith an ama sin. Ba chóir dom mo bhuíochas a ghabháil le heagarthóirí an pháipéir seo, i rith an ama sin, daoine a bhí sásta glacadh, gan cheist, gan trioblóid, lem shaothar. Caithfidh mé a rá, go raibh cupla babhta, san idirlinn, nuair a cheap mé go gcuirfí deireadh leis an gcolún seo, ach ar chúis amháin, nó ar chúis eile, tháinig sé slán, agus tá sé le léamh, beo, beathaíoch, ar leathanaigh an nuachtáin cháiliúil seo fós. Agus chomh maith leis na heagarthóirí sin, níor chóir dom dearmad a dhéanamh ar mo léitheoirí dílse, ach oiread, nó fanann siadsan dílis dom, ó sheachtain go seachtain, agus ó bhliain go bliain, cuid acu i ngar don bhaile anseo, agus cuid acu freisin i bhfad i gcéin. Guím rath Dé, agus cosaint na Maighdine, ar chuile dhuine acu, agus gura seacht fearr a bheas siad bliain ó inniu.

Ach le filleadh ar an ábhar ar ar tharraing mé an scéal, an tseachtain seo, sé sin, ceist na Rúin Athbhliana. Tuigfidh tú fhéin, go bhfuil sé beagnach tar am agamsa éirí as an nós seo anois, nó mura bhfuil mo leas déanta agam faoin am seo, tá sé ag éirí déanach do na rúin athbhliana, ach, mar sin fhéin, faoi mar adeir lucht an Bhéarla, “Hope springs eternal in the human breast.” Sea, is deacair tine an dóchais a mhúchadh i gcroí an daonnaí, agus mar sin, seo chugaibh mé arís le mo chupla rún….

Geallaim dhaoibh!

Ar an gcéad dul síos, geallaim dhaoibh, go bhfuil fúm colún suimiúil, spreagúil, tairbheach, a chur ar fáil dom léitheoirí, chuile sheachtain, agus a bhuíochas sin freisin don Eagarthóir, nach ndéanann dearmad ar “I mBéal an Phobail” a chur i gcló, chuile sheachtain.

Ar an dara dul síos, tá mé meáite ar mhisneach a mhúscailt sa chroí istigh ionnam, i rith na bliana úire seo, agus glacadh leis, go dtiocfaidh an tír s’againne i dtír, agus go mbéarfaidh sí bua ar na deacrachtaí iomadúla, atá ag bagairt go géar orainn, na laethe seo. Agus go mba láidre, agus go mba dhílse an pobal seo, tar éis dó an Cúlú Eacnamaíochta a shárú.

Mar bhuille scoir, tá socraithe agam freisin, súil an tseabhaic a choinneáil ar an saol thart orm, sea, agus ar dhaoine freisin, go háirithe orthu siúd a bhfuil greim acu ar roth stiúrtha na cumhachta, le bheith cinnte de, go bhfuil siad ag saothrú na cumhachta céanna sin ar mhaithe le leas an phobail, nó tá súil agam, go mbeidh chuile dhuine againn san airdeall feasta, le féachaint chuige, nach n-úsáidfear cumhacht, faoi mar a úsáideann an cat a chrónán! Agus chomh maith le sin, tá fúm tabhairt faoi ábhar ar bith a bheidh i mbéal an phobail ag an am, Cuma faoi cheart na polaitíochta, nó cúis ar bith eile, ach oiread! An bhfuil rúin athbhliana déanta agat fhéin? B’fhéidir nárbh olc an smaoineamh é cupla ceann acu a dhéanamh!

Athbhliain faoi mhaise dhaoibh uilig!

gaGaeilge