I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

.

…An Dara Lá dFheabhra 2011…

(Agus an píosa seo á scríobh agam, tá an tOlltoghchán thart, agus cainteanna ar Chomhrialtas san aer,. Nuair a léifidh tusa an píosa seo, beidh Rialtas nua againn leis an dtír seo a rialú go ceann roinnt blianta eile.)

Election 2011

B’fhada an t-olltoghchán céanna sin á thuar ag an bhFreasúra, agus ag roinnt áirithe de lucht na meán, gan trácht in aon chor ar éileamh a bhí coitianta go maith i measc an phobail vótála freisin, ach tháinig sé aniar aduaidh orainn uilig, i ndeireadh na dála. Ba é cúis a bhí leis an gcinneadh sin nó gur tuigeadh don gComhaontas Glas, go raibh an t-am tagtha dóibhsean, éirí as a dtacaíocht a thabhairt feasta don gComhrialtas eatarthu fhéin agus lucht Fhianna Fáil, agus tar éis cúrsaí Rialtais, agus cúrsaí reachtaíochta a choimhlíonadh, ar deireadh thiar thall, chuireadar ainm ar an lá. Ba é an cúigiú lá fichead d’Fheabhra an lá spriocáilte, agus caithfidh go raibh vótóirí áirithe ar a gcois go breá luath an mhaidin chéanna sin, nó cuireadh tús leis an vótáil ar a seacht a chlog an mhaidin sin, agus níor dúnadh na Bothanna Vótála go dtí a deich a chlog an oíche sin. Tugadh lá breá fada don lucht vótála lena ndualgas sóisialta, agus polaitíochta, a choimhlíonadh, agus cé nach raibh an aimsir thar mholadh beirte, ag an am gcéanna, d’fhéadfadh sé bheith i bhfad níos measa, agus ba é deireadh an scéil é, nó go ndeachaigh breis is seachtó faoin gcéad de vótóirí na tíre seo amach lena nguthanna a chaitheamh sular dúnadh na Bothanna céanna, thart ar a deich a chlog an oiche sin.

Let the count begin!

Coimeádadh boscaí na vótaí in áit sábháilte an oíche sin agus bhí an fhoireann chomhairimh réidh chun oibre, ag a naoi, maidin Sathairn, an séú lá fichead de Mhí Feabhra na bliana seo. Ba ghearr go raibh le tuiscint, go mbeadh toradh an-neamhghnách ar ár nOlltoghchán, agus de réir mar chuaigh caitheamh sa chomhaireamh, ba ghearr go raibh sé ag éirí níos soiléire, agus níos soiléire fós, go raibh díoltas á bhaint amach, agus go raibh scóranna á n-ioc, agus chomh maith le sin, go raibh craobhacha á mbronnadh, ag pobal vótóirí na tíre seo. Bhi fhios ag madraí an bhaile fhéin, go raibh muid ar cheann de na tíortha ab fhearr as, ar domhan, nuair a bhí an Tíogar Ceilteach ag lonnú inár measc, agus tar éis roinnt áirithe blianta ina dhiaidh sin, b’fhacthas don saol mór go raibh muid imithe síos go tóin pholl tí liabáin. Tamall ina dhiaidh sin, tháinig an IBM. agus an ECB. chugainn, le hualach asail d’airgead, le greim a choinneáil faoin bhfiacal againn, agus le cabhair a thabhairt dúinn cuid dár bhfiacha a ghlanadh.

In the long grass !

Bhuel, ní raibh pobal bródúil na tíre seo sásta, nó leathshásta fhéin, leis an gcéapar céanna sin, agus ó tharla gur leag siad an milleán ar an Rialtas, rud a tharlaíonn go minic inár measc, shocraigh vótóirí fanacht go foighdeach, go bhfaigheadh siad an deis chuige, agus ansin, go mbeadh cloch sa mhainchille acu, agus go dtabharfadh siad cor coise do Pháirtithe an Rialtais, a bhí freagrach as an gcéim síos sin a tugadh dár dtír, tríd an gcinneadh sin. Bhuel, tá sin uilig le feiceáil ar thoradh an Olltoghcháin. Féach go raibh Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas páirteach sa Chomhrialtas a bhí i mbun cúrsaí anseo ar feadh thart ar cheithre bliana anois, agus Breathnaigh ar ar tharla dóibh san Olltoghchán. Bhí seisear Teachta Dála ag an gComhaontas Glas sa triochadú Dáil, agus breathnaigh orthu anois. Níl oiread is Teachta amháin acu san Aonú Dáil triochad! Agus breathnaigh ar Fhianna Fáil! Bíodh nár scriosadh ar fad iad, ag an am gcéanna, deineadh iad a cháitheadh, agus a scagadh, san Olltoghchán deiridh sin, agus ó bheith sa chéad áit, le cuimhne na ndaoine, fágadh go lag traochta sa tríú háit iad, agus gan acu anois ach thart ar scór Teachtaí.

A New Coalition

Ar an dtaobh eile den scéal, d’éirigh le Fine Gael, agus le Páirtí an Lucht Oibre, an-dul-chun-cinn a dhéanamh, sa chaoi go bhfuil Fine Gael i dtús áite anois agus go bhfuil an Lucht Oibre sa dara háit, agus má thagann an péire acu le chéile i gComhrialtas, chuile sheans go mbeidh ar a gcumas Rialtas cumasach, láidir, cóir, a chur ar fáil do phobal cráite, céasta, na tíre seo ‘gainne. Anois, ná ceap go bhfuilimse ag fáil locht ar pháirtithe an Rialtais, a scoradh, thart ar Lá ‘le Bríde, nó nílim, mar is é mo thuairim, go mba dhaoine macánta, díograiseacha, iad, agus gur dhein siad a ndícheall, feidhmiú ar mhaithe le pobal na tíre seo, agus má bhí dearmad orthu, anois is arís, nach é sin dán an daonnaí.

People power

Tá mé cinnte go dtuigfidh siad, agus go nglacfaidh siad le, breith an phobail, nó i ndeireadh na dála, is é an pobal céanna sin foinse na cumhachta polaitíocha uilig, agus dá bhrí sin, is í a mbreith siúd an bhreith deiridh i roghnú ár dTeachtaí Dála, le linn Olltoghcháin. Agus mar bhuille scoir, ba chóir dom, fad saoil a ghuí ar lucht an Rialtais úir, agus ar lucht an Fhreasúra freisin. Nár laga an Rí fhéin iad, idir seo agus an chéad Olltoghchán eile.                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                       

gaGaeilge