I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Olltoghchán chugainn !

Is gearr anois go mbeidh deis ag pobal vótála na tíre seo, aghaidh a thabhairt ar na bothanna vótála, le Teachtaí Dála a thoghadh don Aonú Dáil triochad, nó scoradh an triochadú Dáil ar Lá ‘le Bríde na bliana seo, 2011, agus socraíodh Lá an Olltoghcháin don chúigiú lá fichead de Mhí seo na bhFaoilleach, agus cuireadh in iúl freisin, go dtionólfaí an tAonú Dáil Triochad, ar an naoú lá de Mhárta na bliana seo. D’fhág sin go mbeadh thart ar thrí sheachtain ag an lucht polaitíochta, le feachtais toghchánaíochta a eagrú. Ní call dom a rá, nár leo ab fhaillí é, nó taobh istigh d’achar an-ghearr, bhí postaeir á gcrochadh, óráidí á ndéanamh, leanaí á bpógadh, agus polasaithe á nochtadh, sea, agus chuile chleas polaitíochta eile á chleachtadh, ag polaiteoirí glice, stóinsithe, le dallamullóg a chur ar vótóirí maola na tíre seo, lena vótaí a mhealladh uathu, ar mhaithe leis na polaiteoirí glice, stóinsithe, fhéin, ach nach é sin an cluiche atá á imirt ag an dream céanna sin, le sinsearacht?

Elections in the Thirties

Anois, is fada mé fhéin ag breathnú ar chleasa na bpolaiteoirí le linn fheachtas toghchánaíochta, ó thoghcháin na dtriochaidí i leith. Tá cuimhne agam fós ar thoghchán ’32, bíodh nach bhfuil an chuimhne chéanna sin ró-ghlé, nó ró-ghlinn, faoin am seo, ach is cuimhin liom go mbíodh na polaiteoirí ag tabhairt óraidí uathu taobh amuigh de Theach an Phobail ag an nGeata Mhór, tar éis an Aifrinn, maidneacha Domhnaigh. D’fhanadh an pobal ar fad, geall leis, idir óg agus aosta, ag éisteacht leis na hóráidí. Anois, ag an am sin, ní cúrsaí náisiúnta, nó idirnáisiúnta, is mó a bhíodh ag teacht idir phobal na Cille Móire Iorrais agus codladh na hoíche, níorbh ea muis! cúrsaí áitiúla ba mhó a bhíodh ag déanamh tinnis dóibh, an tráth úd. Ghealladh an fear seo go ndéanfaí an Draein Mhór a shioscadh, agus a ghlanadh, dá dtoghfaí eisean, agus ghealladh an boc eile, go gcuirfí teara ar an mbóthar mór idir Bhéal an Mhuirthead agus an Fód Dubh, dá seolfaí eisean chun na Dála, agus mar sin dóibh ina n-óráidí, agus ag cuimhneamh siar ar na hóráidí céanna sin anois, ní déarfainn go raibh siad thar mholadh beirte, ach oiread, ach cén chaoi a mbeadh, nuair nach raibh cleachtadh ar bith ag na créatúir úd ar óráidíocht, an tráth úd, agus fiú, dá dtoghfaí iad, ba bheag seans go ligfí dóibh a scileanna a chleachtadh os comhair na Dála, nó a n-easpa scile a léiriú os comhair an náisiúin. Agus, nár bheag an seans go léifeadh an pobal céanna sin a n-óráidí, fiú dá ligfí srian leo sa Dáil, nó nár bheag duine sa pharóiste a léifeadh páipéar nuachta ar bith, ag an am, taobh amuigh den Weekly Independent, b’fhéidir. Ach sin uilig ráite, tá mé ag ceapadh gur bheag tionchar a bhí ag na hóráidí go léir ar an bpobal s’againne, nó bhí a fhios go maith ag chuile dhuine den lucht éisteachta sin, cé gheobhadh an “stróc” uaidh, sa Bhoth Vótála, Lá an Toghcháin.

Littering at will !

Is cuimhin liom freisin, go dtagadh corrghluaisteán chugainn, aimsir toghchánaíochta, agus bratacha agus balúin ag sileadh leo, agus anseo agus ansiúd, chaitheadh fear an ghluaisteáin dornán billeoigíní ildaite amach trí fhuinneog an ghluaisteáin. (Ní raibh aon chaint an tráth úd ar chosair, nó truflais, nó tada dá leithéid.) Chomh luath is a chaitheadh, thagadh páistí an bhaile anuas orthu, faoi mar ba sciob sceab é, agus bhailíodh chuile dhuine againn, an oiread agus ab fhéidir, de na billeoigíní ildaite céanna sin, agus ritheadh muid abhaile leo, faoi mar ba bhó a bhronn fear an ghluaisteáin orainn. Ba é a bhíodh scríofa ar an billeoigíní sin nó gur chóir vótaí a thabhairt don Pháirtí ainmnithe. Ba nuacht againne fógraíocht dá leithéid, agus bhailíodh muid go díograiseach iad.

Ní thosaíodh an spórt uilig go dtí go mbíodh comhaireamh na vótaí déanta. Ansin a thosaíodh an rí-ra, an raic, agus an ruaille buaille, nó tharla ag an am, go mbíodh bailte áirithe ag taobhú le Páirtí amháin, agus baile eile ag taobhú leis an bPáirtí eile, agus ó tharla go mbíodh Páirtí amháin in uachtar, thagadh muintir na mbailte a thaobhaigh leis an bPáirtí sin amach ag máirseáil, le ceol, agus le drumaí, agus le trí gháir mholta ar chnoc, trí na bailte a chaill sa choimheascair. Bhí an baol ann i gcónaí, go dtarlódh scliúchas, ar ócáid dá leithéid, ach b’annamh a tharlaíodh a leithéid.

Schools closed for the Day!

Ní bhíodh an oiread sin cainte i measc daoine faoi na cúrsaí sin uilig, ag an am, nó is dócha go raibh chuile dhuine cinnte, roimh ré, faoi cé gheobhad an “stróc”, nó an Uimhir a hAon uaidh. Ach, ba chuma faoi sin uilig, nó ba lá faoin dtor againne, scolairí, é Lá an Toghcháin, nó nár i dTeach na Scoile a bhíodh na Bothanna Vótála socraithe, an t-am sin, díreach faoi mar a tharlaionn go minic in a lan aiteacha fós. Bhuel! sin agaibh cuid de na cuimhní ar Olltoghcháin na dTriochaidí, cuimhní a thagann ar ais chugam anois, agus muid sáite go dtí na cluasa i nDiospóireacht na gCeannairí, i gcláracha teilifíse, agus i gcláracha raidió, gan trácht in aon chor ar an méid altanna atá le léamh ar nuachtáin, aagus ar irisí; agus freisin, ar an méid postaeir atá chrochta ar chuaillí telegrafa, agus ar thithe, ó cheann ceann na tíre. An tráth úd áfach, in Iorras, ní bhíodh dár mbodhradh ach na postaeir, agus na billeoigíní úd, ar dhein mé tagairt dóibh thuas…Nár mhéanar dúinn bheith beo na laethe úd!

Cast that Vote!

Ach, focal amháin eile uaim…Cuirigí smacht ar na polaiteoirí…. Gabhaigí amach agus caithigí bhur vótaí Lá an Olltoghcháin!

gaGaeilge