Athbhliain faoi mhaise dhaoibh uilig

Peadar Bairéad

.

(Seo píosa a chuir mé i dtoll a chéile roinnt blianta ó shoin ach é giorraithe agus athraithe don ócáid seo).

Nárbh é Alfred Lord Tennyson fhéin a chum na véarsaí oiriúnacha le bás bliana a chaoineadh agus é ag cumadh an dáin fhada sin, ‘In Memoriam’, le bás a charad, Arthur Hallum sa bhliain 1841, a chaoineadh. Sea, is féidir linne ár smaointe a nochtadh trí véarsaí an fhile úd, agus muid ag fágáil slán le 2013, atá ag tolgadh ghalar a báis, lá ar bith feasta, agus ag an am gcéanna, ag fáiltiú roimh an bhliain úr seo, 2014…..

“Ring our wild bells to the wild sky,

The flying cloud, the frosty lights;

The year is dying in the night,

Ring out, wild bells, and let him die.”

.

Clingeann cloig bhuile

Seo séasúr na gclog buile. Seo an séasúr nuair a fhaigheann buile mhearaí greim scóige ar óg agus ar aosta; ar fhir is ar mhná; ar liath is ar leanbh; ó cheann amháin den chruinne go dtí an ceann eile. Is beag nach gceapfá go gcreideann cách go bhfuil Útóipe fhéin buailte linn, agus go bhfuil saol na bhfuíoll i ngiorracht scread asail do chuile mhac an pheata againn. Sea, ach cuirfidh mé geall, nach fada a mhaireann an dóchas gan taca céanna sin.

“Ring out old shapes of foul disease,

Ring out the narrowing lust of gold,

Ring out the thousand wars of old,

Ring in the thousand years of peace.”

.

Breith na Mílaoise

Beag an baol go dtitfeadh a leithéid amach, ach ní chuireann sin gobán ar bith i mbéal an fhile, ach é ag súil go gcuirfeadh teacht na bliana nua tús le mílaois na síochána! agus go mbeadh deireadh feasta le troid, le saint, agus leis na galraí iomadúla, a chránn an duine daonna. Agus sin an chúis go mbíonn an fuadar ná feadar sin orainn uilig, le rúin athbhliana a dhéanamh, bliain i ndiaidh bliana, nó samhlaítear dúinn, nach bhfuil an bhuaic sroichte againn fós, agus má dhéanann muid iarracht amháin eile, go mbainfidh muid mílaois na foirfeachta amach. Agus i gcás na ngalraí iomadúla úd a chránn an daonnaí, nach raibh Ísáia Fáidh ag tochrais ar an gceirtlín céanna sin, fadó, nuair a thairngir seisean, go dtiocfadh an saol Útóipeach sin i dtreis lá is fuide anonn. Féach mar a chuir seisean é……

Agus buailfidh siad a gclaimhte amach ina soic chéachta,

Agus a sleánna ina gcorráin,

Ní thógfaidh na ciníocha an claíomh in aghaidh a chéile feasta,

Ná ní chleadhtóidís cogadh arís go brách.

Nach álainn go deo an fhís í sin, a scalann anuas chugainn trí dhorchadas oíche na staire daonna?

Ring out the old, ring in the new,

Ring happy bells across the snow,

The year is going, let him go;

Ring out the false, ring in the true.

.

Go mbeirimid uilig beo ar an am seo arís.

.

gaGaeilge