I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Q & A …….. by …….. Vikas Swarup

.

“Nach fánach an áit ina bhfaighfeá breac,” arsa mise liom fháin, an lá cheana, tar éis dom teacht ar leabhar an-neamhghnách, thíos i Leabharlann an Locha Bhuí, leabhar a cuireadh i gcló ag Black Swan, a chéaduair, sa bhliain 2006.

“Cén leabhar atá idir chamáin agat an babhta seo?”

“Bhuel, ní hé amháin gur leabhar neamhghnách é, ach tá teideal thar a bheith neamhghnách air, freisin.”

“Agus cén teideal é fhéin?”

“Dhá litir den aibítir, agus an siombal, &, eatarthu. Sea, ‘Q & A’ is teideal dó, agus Indiach fir a scríobh”

Údar Indiach

“Agus cén t-ainm atá ar an údar neamhghnách seo?”

“Vikas Swarup, atá air.”

B’fhéidir anois nach mbainfeadh teideal an leabhair seo an anáil díot, ach, caithfidh mé a admháil, gur rug an teideal céanna sin greim scóige ormsa, agus go háirithe nuair a léigh mé an “Blurb” a bhí ar chlúdach tosaigh an leabhair, shocraigh mé láithreach ar thriail a bhaint as.

“Agus céard a bhí sa bhlurb sin, a dhúisigh fiosracht an tseanchait ionat?”

Seo mar a bhí ar an gclúdach tosaigh céanna sin,

I have been arrested for winning a quiz show.

They came for me late last night, when even the stray

dogs had gone to sleep. there are those who say I

brought this on myself. After all, what business does a

penniless waiter have to be participating in a brain quiz?

Curiosity aroused

Sea, caithfidh mé a rá, gur dhúisigh sin giorria na fiosrachta sa chroí istigh ionnam. Ach, ba é an chéad rud a theastaigh uaim a fháil amach, nó cérbh é an tIndiach fir seo a scríobh an leabhar neamhghnách seo? B’fhéidir gur mhaith leat dá roinnfinn cuid den eolas sin leatsa? Bhuel, rugadh Vikas Swarup in Allahabad na hIndia, áit a raibh cáil bainte amach ag a mhuintir mar dhlíodóirí. Ní dheachaigh Vikas leis an dlí, áfach, ach tar éis dó na Céimeanna cuí a bhaint amach, chuaigh sé le Roinn Ghnóthaí Eachtracha a thíre, agus d’éirigh go maith leis sa cheird sin, agus dá chruthú sin, d’fheidhmigh sé, ar ball, mar Thaidhleoir dá thír, sa Tuirc, sna Stáit Aontaithe, sa Bhreatain agus san Aetóip.

Ach, fillimis ar an leabhar fhéin. Is é Ram Mohammad Thomas príomhcharactar an scéil seo. Indiach is ea é, agus ní raibh sé ach thart ar ocht mbliana déag d’aois nuair a chuir sé isteach ar an Quiz diabhalta sin, Quiz a chriog é, geall leis. Ní raibh scolaíocht nó léann ar Ram s’againne, ach thrí thimpiste, bhí ar a chumas ceisteanna uilig an Quiz a fhreagairt, agus sa tslí sin, d’éirigh leis an duais ollmhór, de bhilliún Rupee, a bhuachan, duais nár sáraíodh riamh, áit ar bith ar dhroim talún.

Cash Flow Problem

Bhí ceataí sa scéal áfach, nó ní raibh an t-airgead fós bailithe ag lucht eagraithe an Quiz, nó tuigeadh dóibhsean, nach mbuafaí an duais chéanna sin, go ceann cupla mí, ar a laghad. Tuigeadh dóibh, mar sin, nach raibh an dara rogha acu, ach a chruthú, os comhair cúirte, gur trí chaimiléireacht a bhuaigh Ram an duais. Macalla ansin den chúis a tógadh i gcoinne dhuine eicínt ar gclár “Who wants to be a Millionaire” á dhearbhú, go raibh scoláire eicínt folaithe sa lucht éisteachta aige, a bhí ábalta cabhair a thabhairt don iomathóir, trí chomharthaí rúnda a thabhairt dó.

Deineadh iarracht, i dtosach, iachall a chur ar Ram a admháil, gur trí chaimiléireacht a bhuaigh sé an duais. Na póilíní a bhí i mbun an dualgais sin, i dtosach, ach bhí ag teip orthu ‘faoistin’ a fháisceadh as Ram bocht, cé go raibh breab maith geallta dhóibh, dá n-éireodh leo sa bhfiontar sin. Ag an bpointe sin, shiúl bean óg isteach i seomra an cheistiúcháin, agus dhearbhaigh sise, go mba í dlíodóir Ram í, agus chuir sí iachall ar an póilínii críoch a chur leis an lámh láidir, agus thóg sí a cliant lei, amach go seomra eile, le dul i gcomhairle leis lena chosaint a ullmhú.

Thosaigh Ram ansin ag míniu di, conas a tharla, go raibh ar a chumas na ceisteanna éagsúla sa Quiz a fhreagairt, agus sna scéalta a d’inis sé di faoi na ceisteanna éagsula, d’éirigh leis an údar, le Vikas Swarup, scéal na hIndia a leagan os ar gcomhair, scéal an dreama atá thuas, agus scéal freisin an dreama atá thíos; scéal lucht an rachmais, agus scéal na cosmhuintire; scéal faoi mhoráltacht agus scéal faoi mímhoráltacht. Sea, agus caithfidh mé a admháil gur bheag fonn a bhí orm an leabhar a leagan ar leataobh, go dtí go raibh an deoir deiridh diúgtha agam as!

A Good Read

Níl fúm anois an scéal ar fad a insint duit, agus ní scaoilfidh mé rún ar bith eile leat, ach amháin, go mba bhean í an dlíodóir, ar dhein Ram Mahommad Thomas gar di, blianta roimh eachtra an Quiz. Leis an gcuid eile den scéal a fháil, tá faitíos orm, go gcaithfidh tú an leabhar a fháil ar bhealach eicínt, agus é a léamh duit fhéin. Ní bheidh a chathú ort, nó is leabhar den scoth é.

gaGaeilge