Saol an mhada bháin! an ea?

Cine Carthannach

Níl dabht ar domhan ach gur dream carthannach, cabhraitheach iad na hÉireannaigh. Le fírinne an ráitis sin a chruthú, níl le déanamh againn ach breathnú ar an gcaoi a thagann siad i gcabhair orthu siúd a dtiteann crann na tubaiste anuas orthu, cuma cén cúinne den chruinne ina gcónaíonn siad. Breathnaigh ar an gcaoi ar chabhraigh siad leis na daoine úd ar chriog an Súnaimí, tamall ó shoin, iad, agus ní hamháin go raibh siad sásta airgead a chur chucu, ach d’éirigh leo freisin, earraí riachtannacha a sheoladh ina dtreo, sea, agus fiú nach raibh roinnt áirithe daoine réidh le taisteal chomh fada leo, le lámh chúnta a thairiscint dóibh, in am a ngátair. Smaoinigh freisin ar an gcrith talún úd a tharla sa Domhan Thoir, tamall ó shoin. Arís, deineadh chuile dhícheall anseo ar theacht i gcabhair ar na créatúir úd a cuireadh ó theach is ó dhídean, de thairbhe an chrith talún chéanna sin. Léiritear meon cabhraitheach ár bpobail freisin, sa chaoi a théann na céadta misinéir amach as an dtír s’againne, lena ndúthracht, agus lena laethe uilig, a chaitheamh is a ídiú, i seirbhís na n-eachtrannach. Sea, agus cá bhfágfaimis ár bhfórsaí slándála, a liostálann, dá ndeoin fhéin, le tréimhse áirithe a chaitheamh thar sáile, ag iarraidh an réiteach a dhéanamh, agus a choinneáil, i bpobail a bhíonn in adharca a chéile.

Fíor dhuit!

Ghlacfadh duine ar bith le fírinne an mhéid sin, agus ní hé sin amháin é, ach bheadh orainn a admháil freisin, go gcaitheann an tír seo go fial flaithiúil leo siúd a thagann ar imirce isteach chugainn, nó cuirtear idir dhíon agus dhídean, idir chothú agus chúnamh, ar fáil anseo dóibh más tearmann atá uathu, agus cuirtear obair oiriúnach ar fáil dóibh siúd a n-éiríonn leo ceadúnas oibre anseo a fháil. Caithfear glacadh leis, áfach, nach féidir le tír bheag, cosúil le tír seo na hÉireann, díon agus dídean a chur ar fáil do chuile dhuine a thagann á lorg.

Céard faoin ndream s’againne?

Ach, má ghlacann muid leis an méid sin, agus má thugann muid an chreidiúint chuí do Rialtas agus do mhuintir na tíre seo dá bharr sin, ag an am gcéanna, caithfimid an tsúil eile a chaitheamh ar dhream atá i bhfad níos cóngaraí dúinn ná na dreamanna a luaigh mé thuas. Ár Lucht Taistil fhéin, an dream úd a fheiceann muid uilig ag cur fúthu amuigh ar thaobh ár mbóithre, i bhfaichí poiblí, agus in ionaid nach leo iad, corruair, atá i gceist agam anseo. An mbeadh muid fhéin sásta na heachtrannaigh a thagann chugainn, ar thóir oibre, nó tearmainn, a sheoladh isteach in ionaid dá leithéid? Bí cinnte nach mbeadh, nó dá ndéanfadh muid a leithéid, bheadh na sluaite amuigh ag léirsiú, go poiblí, is ag maíomh, nach raibh siad sásta, nó leath-shásta fhéin, cur suas le cur chuige dá leithéid.

Ach nach bhfuil saol an mhada bháin ag an lucht taistil céanna sin, adéarfadh duine, b’fhéidir, iad ina gcónaí amuigh ansin ar bhóithre na Banban, agus gan máistir ar bith orthu, nó dualgas oibre ar bith a mbadráil, ach oiread.

Saol an mhada bháin, adeir tú! Saol an mhada bháin, an ea?

Anois an t-am

Bhuel, breathnaigh ar seo. Conas a thaitneodh leatsa cónaí a dhéanamh amuigh ansin ar thaobh an bhóthair, in áit nach raibh uisce reatha nó leitreachas, séarachas nó telefón, nó tada eile dá leithéid ar sconna agat, mar adéarfá. Ó! tá’s a’m go bhfuil cuid den lucht taistil a bhfuil chuile áis, dá nua-aoisí, ar sconna acu cheana féin, agus an corrdhuine acu freisin, a mhaireann ar imeall an dlí, ach ní fúthusan atá mé, an babhta seo. Is iad an dream atá idir chamáin agam anois, nó an dream úd nach dteastaíonn ó éinne ionad campála a chur ar fáil dóibh, an dream úd nach gcuirtear fáilte Uí Cheallaigh rompu, áit ar bith. An dream sin a fhágtar amuigh, faoi mar ba éin scoite iad, imeasc an phobail s’againne.

Beart Cuí

An mar sin a chaitheann muid leis na himircigh a thagann ar chuairt chugainn ón gcoigríoch? Nach bhfuil muid sásta, chuile áis níos fearr ná a chéile a chur ar fáil dóibh siúd uilig, bíodh nach bhfuil tearmann tuillte ag chuile dhuine acu. Bhuel, nach bhfuil sé thar am againn cuid dár bhfáltas a roinnt lenár Lucht Taistil fhéin, agus Cothrom na Féinne a thabhairt dóibh, feasta? Is cuid dár gcine fhéin iad. Tá an t-airgead chuige sin ar fáil anois. Déanaimis an beart cuí, le saol an Lucht Taistil a fheabhsú, agus le cuid eicínt dár bhfortún a roinnt leis an mbrainse seo dár muintir.

gaGaeilge