Inné agus inniu

.

Saolta athraithe

Is é an rud is mó a théann i gcionn ar dhuine, de reir mar a théann sé anonn sna blianta, nó an chaoi a leanann cúrsaí an tsaoil seo ag síor-athrú, ó bhliain go bliain, agus ó ré go ré. Ní haon ionadh mar sin, go mbíonn an port sin a sheinm agamsa chomh rialta sin, sa cholún seo, nó nach bhfuil lear maith blianta carnaithe ar an gclog ama agamsa, faoin am seo. Mar sin, nuair a théim siar ar bhóithrín na smaointe, siar chuig an gcineál saoil a bhí ann, le linn ré ghlórmhar, draíochta, m’óige, bíonn sé deacair agam a chreidiúint, amannta, nach ag brionglóidigh a bhím, agus nach raibh a leithéid de shaol ann riamh! Ach b’fhéidir gur chóir dom craiceann eicínt a chur ar an scéal atá idir chamáin agam, an babhta seo.

Siaraigí libh liomsa

Leis an difir idir an dá chineál saoil, b’fhéidir go dtiocfá liom, ar chuairt, siar chuig dúthaigh fhiain, scoite, iargúlta, neamhaí, m’óige. Deireadh thriochaidí an ocrais atá ann, agus muid ag gluaiseacht linn siar an bóthar fada, bán, a shíneadh, an t-am sin, idir Bhéal an Mhuirthead agus an Fód Dubh. Bóthar bán, a thug mé ar an mbóthar sin, nó ag an am sin, ní raibh fiú braon tearra fhéin, leata ar bhóithre an Mhuirthead. Lá breá atá ann, agus grian gheal ag sméideadh anuas orainn as spéir gan scamall.

Gan mórán tráchta!

Thabharfadh duine ar bith faoi deara, nach raibh mórán tráchta ag gabháil an bhóthair chéanna sin. Diabhal carr nó leoraí, bus nó tarracóir, a bhí le feiceáil ag an tsúil ba ghéire. Tithe néata, bána, ceann tuí, neadaithe go deas teolai fan na slí. Níl crann nó tor le feiceáil, áit ar bith, ach an taobh tíre sin uilig chomh lom le croí do bhoise. Daoine le feiceáil amuigh sna páirceanna ag obair leo ar a ndícheall, ach tabhair faoi deara, nach bhfuil meaisín ar bith sa timpeall, le cabhair a thabhairt dóibh i saothrú na talún sin. Mura bhfuil meaisíní acu leis an obair sin a dhéanamh, cad iad na gléasanna oibre atá á n-úsáid acu, agus iad i mbun na hoibre sin? Tá, an spáid, an tsluasaid, an speal, sea agus anseo is ansiúd, bheadh capall, faoi úim, le feiceáil agat, agus é ag déanamh cibé gnó a bhí ar a chumas a dhéanamh. Sea, agus níos flúirsí ná na capaill, nó ní bhíodh capall ach ag an gcorrdhuine, bhí na hasail á n-úsáid faoi phárdóga, nó le cairt bheag asail a tharraingt.

Ní bhíodh rainsí nó tréada ann!

Ach céard faoi na beithigh a bhíodh le feiceáil sna páirceanna? Bhuel, ní bhíodh an oiread sin díobh sa timpeall, an tráth úd, nó ní raibh Uachtarlann ar bith sa taobh sin tíre, ag an am, agus mar sin, ní raibh le déanamh leis an mbainne, ach é a mhaistriú, le pingneacha a shaothrú as an im a dhíol sa siopa áitiúil, sea, agus dár ndóigh, d’fhéadfaí an t-im a stóráil i bprócaí, le bheith acu le cur ar a gcuid aráin le linn shéasúr an Gheimhridh. Chomh maith le sin, bhíodh ealtaí éan timpeall ar chuile theach, géanna, cearca, agus lachain, mar nach mbeadh díol ar a n-uibheacha sna siopaí? sea, agus nach mbeadh díol freisin ar na héanacha, iad fhéin, ag margadh Bhéal an Mhuirthead, dá mbeadh pingneacha ag teastáil, le tobac a choinneáil le fear an tí, nó le tae agus siúicre a cheannach, le dúil mhallaithe na cosmhuintire sa chupán tae a shásamh?

Ní bhíodh ann ach an turasóir fánach!

Tá rud eile a raghadh i gcionn ar an taistealaí ar an mbóthar sin, ag an am sin, freisin, agus ba chóir dom a rá, gur bheag rud i bhfoirm turasóir a d’fheicfeá in Iorras, na laethe úd, ach, faoi mar adúirt mé, ní fhéadfá gan suntas a thabhairt d’fheisteas na ndaoine a chasfaí ort, fan an bhóthair. Is féidir leat a bheith cinnte, nach mbeadh siad gléasta chomh faiseanta leis na daoine a d’fheicfeá sa taobh sin tíre, sa lá atá inniu ann. Sciortaí fada, go talamh, agus seálta deasa, ildaite, scothógacha, á gcaitheamh ag na mná. Báinín, agus bríste baile, á gcaitheamh ag cuid de na fir fhásta. I gcás na ndaoine beaga, bhuel, ní fheicfeá bríste fada ar ghasúr ar bith, nó chaitheadh chuile dhuine acu bríste giortach, agus geansaí olla baile. Gúnaí agus bibeanna ar na cailíní, agus ní call dom a rá, go mbíodh roinnt mhaith de na daoine óga céanna sin cosnochtaithe.

Leor sin don bhabhta seo!

Ach, déarfainn go bhfuil mo sháith den tseansaol nochtaithe agam don turas seo, ach bí cinnte, go bhfillfidh mé ar na cúrsaí seo, am eicínt eile amach anseo, nuair a bhuailfidh an fonn athchuimhnimh arís mé.

  .

.

Peadar Bairéad

gaGaeilge