I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Seo, Siúd, agus Eile…

Minic a iarrtar orm, conas a fhaighim ábhar, chuile sheachtain, don cholún spéisiúil! seo? Bhuel, níl sé chomh deacair sin ar fad, nó nach mbíonn an saol ag bogadh thart, ó lá go chéile, agus nach mbíonn a scéal fhéin le hinsint dúinn ag chuile lá dá dtagann, agus mar sin bíonn scéal le hinsint ag chuile lá acu, gan trácht in aon chor ar chuile sheachtain! Ní h-íseal ná h-uasal, ach thíos seal agus thuas seal, adeir an seanfhocal, agus nach deacair an nath cainte céanna sin a shárú, nó nuair a bhreathnaíonn tú ar an saol mór thart ort, feicfidh tú na hathruithe ag teacht sna sála ag a chéile, agus chuile dhuine ag fáil a sheal sa diallait, mar adéarfá.

Showboards

Breathnaigh ar shráid ar bith, i mbaile mór, nó i gcathair, ó cheann ceann na tíre seo, agus tabhair faoi deara, na hathruithe atá tagtha ar ainmneacha na siopaí le scór bliain anuas, nó le deich mbliain anuas fiú, agus cuirfidh sé ionadh ort chomh tapaidh is athraíonn cúrsaí dá leithéid. Nuair a bhí mise i mo ghasúr, agus mé ag siúl suas Príomhshráid Bhéal an Mhuirthead, tuigeadh dom gur mar sin a bhí ó thús, agus gur mar sin a bheadh go Lá Philib a’ Chleite. Bhí breall orm áfach, nó nuair a shiúlaim suas an tSráid chéanna sin, sa lá atá inniu ann, feictear dom, gur bheag Clár siopa a iompraíoann an t-ainm céanna inniu is a d’iompair siad, breis is trí scór ó shoin. Sea, níl dabht ar domhan, ach go mbíonn an saol mór ag síorathrú, agus go bhfaigheann chuile dhuine a thráth thuas, ar a sheal. Agus nach cuimhin linn uilig, an tseanrá eile úd adeir, nach bhfuil ach trí ghlún ó rí go rámhainn. Sea mh’anam! Ní h-íseal na h-uasal, ach thíos seal, is thuas seal.

Lisbon again!

Le tamall anuas anois, ní raibh i mbéal an phobail ach Conradh Lisbóin, agus bhí na nuachtáin lom lán le hargóintí, ag moladh dúinn seo a dhéanamh, agus ag moladh dúinn gan an rud eile a dhéanamh. Vótáil TÁ, adeireadh an dream seo, agus vótáil NÍL á fhógairt, in ard a gcinn is a ngutha, ag an mbuíon úd eile. Ba é an scéal céanna é ar an raidió agus ar an teilifís, go fiú, nár sheol dream amháin Dustin, an Turcaí slóchtach, scrogallach, úd, amach os comhair an phobail, agus é ag agairt ar dhaoine diúltú don gConradh. Ar an dtaobh eile den scéal, cuireadh daoine aithnidiúla, cáiliúla os ár gcomhair amach, le cur ar ár súile dúinn, gur chóir dúinn glacadh leis an gConradh céanna sin. Ach, tríd an furú go léir sin, thug mé fhéin faoi deara, go raibh athrú ollmhór tagtha ar mhodhanna canbhasála, fan an bhóthair s’againne, le linn an fheachtais toghchánaíochta seo.

TÁ or NÍL

Cé’n t-athrú atá i gceist agam, an ea?

Ba é a thug mé fhéin faoi deara, nó nár tháinig duine ná deoraí chun an dorais chugam, ag iarraidh orm taobhú le TÁ, nó glacadh le NÍL. Sílim go n-aontódh duine ar bith liom, gur athrú ollmhór, amach is amuigh, é sin. Anuas go dtí an pointe seo, tuigeadh do dhaoine nach raibh bealach níos fearr, le dul i gcionn ar an bpobal, nó bualadh leo ar thairseach a dtí fhéin, sea agus lámh a chraitheadh leo, nó fiú le leanbh a phógadh, nuair a d’fhéadfadh polaiteoir sin a dhéanamh, gan aon mhíthuiscint. An babhta seo, áfach, níor dhorchaigh polaiteoir, ó thaobh amháin, nó ón dtaobh eile, níor dhorchaigh siad mo dhoras, le linn an fheachtas toghchánaíochta ar fad! B’fhéidir go mbeidh aiféala orthu, amach anseo, nó mura n-éirionn leat daoine a spreagadh, agus a mhisniú, lena ndualgas daonlathach a choimhlíonadh, seans go mbeidh uimhir na vótóirí gann go maith.

Internetting!

Ní dhéanfaidh mé tagairt ach d’athrú amháin eile atá tagtha ar chúrsaí, le tamall anuas, athrú a athróidh cúrsaí, ó bhonn, má leantar leo, sna laethe atá romhainn amach.

Cad iad na hathruithe atá i gceist agam anseo, an ea?

Tá seo. Go bhfuil na polaiteoirí imithe anois i mbun an idirlín, lena dtuairimí a leathadh i measc an phobail, agus leis an bpobal a mhealladh, lena ndearcadhsan ar chúrsaí polaitíochta a ghlacadh. Níl dabht ar domhan, ach go n-athróidh sin cúrsaí polaitíochta na tíre seo, bun os cionn ar fad, mar ní hionann, in aon chor, píosa a léamh ar an idirlíon, agus casadh leis an nduine aonair ar thairseach a thí fhéin.

B’fhéidir gur chóir dom a insint anseo, go bhfuil an píosa seo á scríobh agam ar an 14ú, Meitheamh na bliana seo, dhá lá i ndiaidh Lá an Reifrinn…………

Postscript

Seo an tríú lá dIúil agus an iarscríbhinn seo a scríobh agam, agus nach suimiúil anois, go bhfuil Uachtarán na Pólainne agus Uachtarán na Gearmáine ag tacú le pobal na hÉireann, sa mhéid, go bhfuil leisce orthu beirt, Conradh Lisboa a dhaingniú, i bhfianaise dhiúltú na nÉireannach. Mór an difir idir a ndearcadhsan agus dearcadh Pharlaimint na dtíortha sin, a bheadh lán-tsásta chuile bhrú a chur ar an dtírín s’againne, leis an gConradh céanna sin a dhaingniú, nó, le sinn a imeallú, mura mbeadh muid sásta déanamh faoi mar ba mhian leosan. Bhuel, nach fearr cara sa chúirt nó bonn sa sparán, mar adeireadh an tseandream, fadó!!!

gaGaeilge