I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Was it worth it?

Comhartha aoise é, is dócha, nuair a thosaíonn duine ag dul siar bóithrín na smaointe, agus é ag cur cúrsaí an lae inniu i gcomórtas le cúrsaí, faoi mar a bhí siad, sna seanlaethe. Más fíor an ráiteas céanna sin, bhuel, caithfidh mé a admháil, go bhfuil an nós sin á chleachtadh agam fhéin, le tamall fada anois. Is dócha go bhfuil leithscéal eicínt eile agam fhéin, faoi nós sin na hathchuimhne a bheith de dhlúth is d’inneach ionnam, faoi seo.

Cén leithscéal é fhéin, an ea?

Bhuel, nár mhínigh mé dhaoibh go minic cheana, gur cuireadh léann an tsagairt ormsa le linn m’óige, agus ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, mhúnlaigh an léann sin mo dhearcadh, is mo thuiscint, ar chúrsaí an tsaoil mhóir mhilltigh seo. Mar sin, nuair a théim fhéin siar ar bhóithrín na smaointe, bím ag smaoineamh ar an saol mar a chonaic mé fhéin é, trí shúile beannaithe na hóige, agus ag an am gcéanna, ar an saol mar a chonaic mé é, trí shúile coisricthe na cráifeachta. Nuair a chuireann tú an dá dhearcadh sin ar aon urlár, tuigtear duit láithreach, nach ró-shásta a bheadh duine le saol ábhartha, íditheach, leithleach, an lae inniu.

Satisfied or otherwise

Bíodh sin amhlaidh, nó ná bíodh, caithfimid uilig a admháil nach mó ná sásta a bhímid, nuair a bhreathnaímid ar shaol an lae inniu, agus nuair a chuireann muid ceist orainn fhéin faoi oiriúnacht an tsaoil sin do phobal Éireannach seo an aonú haois fichead.

Céard iad na gnéithe den saol sin nach mbímid sásta leo, an ea?

An gá ceist mar sin a chur?

Bhuel, má theastaíonn uainn cúrsaí a thuiscint, is gá ceist dá leithéid a chur. I ndáiríre, ba liosta le háireamh é cuntas iomlán dá leithéid a thabhairt, ach, caithfidh muid roinnt gnéithe a phiocadh amach, le blas den chineál ruda atá i gceist agam, a thuiscint.

Life, Name, and Property

B’fhéidir, i dtosach báire, gur chóir dúinn tagairt a dhéanamh dár stair, agus don troid, don anró, agus don bhfulaingt, arbh éigean dár muintir cur suas leo, le réimeas a bhunú anseo, a chuirfeadh cearta bunúsacha in áirithe dá saoránaigh uilig, sna blianta a bhí rompu amach.

 Breathnaigh i dtosach ar chearta bunúsacha an duine, dá bheatha, dá cháil, agus dá sheilbh. An gcuirtear na cearta sin in áirithe do chuile shaoránach, faoi mar a gheall Forógra na Poblachta, agus faoi mar a gheallann Bunreacht na hÉireann, do chuile dhuine de chlann an Stáit s’againne? Ag magadh fúm atá tú, an ea? Níl le déanamh agat ach súil amháin fiú, a dhíriú ar na meáin chumarsáide, le spior spear a dhéanamh den gheallúint sin. Nach beag lá dá dtagann, nach mbíonn cuntas le léamh, nó le clos againn, faoi dhuine eile ar cuireadh críoch obann, mídhlisteanach, lena laethe ar an saol seo. Agus i gcás a cháil, nó a sheilbh! Bhuel, breathnigh ar na cuntais uilig, faoi na robálacha, faoi na fuadaigh, faoin bhfianaise bhréige, agus tuigfidh tú láithreach, na gnéithe dár saol, a thagann idir mé fhéin agus codladh na hoíche. B’fhéidir gurb é léann úd an tsagairt is cúis leis, im chás-sa, nó b’fhéidir gurb amhlaidh a theastaíonn Útóipe ar thalamh uaimse, agus nach sásaíonn an saol a chuireann ár Stát, agus ár gCóras Rialaithe, ar fáil dúinn, in aon chor, mé.

Morality

 Gné eile dár saol inniu nach sásaíonn mé is ea an tóir diabhalta atá ag daoine ar chúrsaí pléisiúir, pléisiúir de chuile chineál. Agus anois, ná ceap go dtuigtear domsa, nach bhfuil ceart ar bith ag an daonnaí do pléisiúr ar bith, nó ní hé sin atá á rá agam, olc, maith, nó dona. Tá chuile cheart ag an daonnaí sásamh agus pléisiúr a bhaint as an saol, ar choinníoll nach dtéann sé thar fóir leis, agus ar choinníoll nach gcuireann sé isteach nó amach ar chearta dhaoine eile. Ní raghaidh mé níos fuide le sin mar scéal, nó tuigtear do chuile dhuine, céard é go díreach atá i gceist agam sa mhéid sin.

Who Rules Here ?

 Rud eile a chuireann as dom isea an chaoi, a bhfuil ar chumas coirpigh, buíonta a bhailiú, a thraenáil, agus a láimhseáil ansin, le dul i ngleic le Fórsaí Slándála an Stáit, sa chaoi go mbeadh ar a gcumas dlithe na tíre seo, a bhriseadh, a bhearnadh, agus a ligint tharstu, beag beann ar ghardaí nó ar arm an Stáit fiú. Agus leis an scéal a dhéanamh níos measa fós, tá roinnt áirithe dár saoránaigh measúla sásta cearta na gcoirpeach céanna sin a chosaint, trí adhastar, is cromnasc, a chur ar fhórsaí an Stáit, ar eagla go ndéanfadh siad an cur isteach is lú, ar chearta na mbuíonta coirpeach sin. Luath nó mall, caithfear dul i ngleic le buíonta úd na gcoirpeach, agus caithfear an lámh in uachtar a fháil orthu, nó murar féidir leis an Stát s’againne sin a dhéanamh, bhuel, ansin d’fhéadfadh muid uilig dul ag feadaíl! mar nach mbeadh ceart ag duine ar bith d’aon rud, murarbh fhéidir leis an ceart sin a chosaint le lámh láidir.

B’fhéidir gur leor sin do thuras na huaire seo, ach, bí cinnte, go bhfillfidh mé ar an ábhar seo, arís, nó tá sé ró-ghar do chroí an daonlathais, agus don chonnradh sóisialta, lena scaoileadh tharainn, gan scagadh agus scrúdú a dhéanamh air.

gaGaeilge