Cá bhfuil ár dTriall Feasta ?

.

Peadar Bairéad

Bord na léarscáileanna

Anois, agus Séasúr na Cásca taobh thiar dínn don bhliain reatha seo, 2008, agus muid ag seoladh linn arís, amach ar an bhfarraige dhorcha, do-eolais, is dócha go bhfuil sé in am againn suí síos ag bord na léarscáileanna agus cúrsa cinnte a rianú dúinn fhéin, sa chaoi go mbeidh seans againn ár gceann scríbe a shroichint, ar deireadh thiar. Ach, sul a bhféadfaimis a leithéid a dhéanamh, nár chóir dúinn, i dtosach, ár suíomh faoi láthair a chinntiú, sea, agus an cúrsa trínar ghabhamar leis an láthair seo a shroichint agus a mharcáil.

An Bearna Bhaoil

Níl dabht ar domhan, ach go mba thrioblóideach, achrannach, eascairdiúil, an dúthaigh trínar ghabhamar, le tamall anuas. Níl le déanamh againn ach breathnú ar na meáin chumarsáide, le bliain anuas, agus feicfimid go soiléir, an cineál saoil a bhí á chaiteamh ag muintir na tíre seo, sa tréimhse sin, agus ní bheadh aon saineolas ag teastáil ó dhuine, lena thuiscint, nach raibh aon Útóipe sroichte againn fós. Cá bhfuil an comharsanúlacht a bhíodh le tabhairt faoi deara i measc ár ndaoine, blianta ó shoin, nuair a thuig chuile dhuine againn, go mba chomharsa leis, an fear thall, agus go raibh de dhualgas air deighleáil leis, faoi mar ba mhian leis go ndeighleáilfeadh seisean linne? Cá bhfuil an dearcadh úd a bhí coitianta an tráth sin. go mba iad clann Dé iad na daoine ar leag Seisean lámh orthu, fiu? Cá bhfuil an spiorad a chuir d’iachall ar dhaoine lámh chúnta a shíneadh chuig an té a bhí thíos? Cá bhfuil siad, an ea? Imithe faoi mar a d’imigh sneachta na bliana anuraidh, agus ina n-áit, is iad na prionsabail a sheolann daoine an lae inniu, nó an leithleachas, an mé-féin-eachas, an tsaint, agus an t-ábharachas.

Fútsa atá sé!

Cad é na toradh a bhíonn ar na prionsabail chéanna sin? Bhuel, is é toradh a bhíonn ar a leithéid d’iompar nó go ndéanann chuile dhuine a bhád fhéin a iomramh, beag beann ar an bhfear thall, sea, agus é lán-tsásta lán-bhuntáiste a bhaint as a chomharsa, go háirithe más féidir leis an dubh a chur ina gheal air. Téann sé níos faide ná sin áfach, nó le buntáiste a ghlacadh ar an bhfear thall, tuigtear dó, go bhfuil lán-chead aige, chuile mhodh a úsáid le sin a chur i gcrích. Breathnaigh ar iompar dhronganna na ndrugaí, agus ar ár gcoirpigh frí chéile, agus tuigfidh tú céard tá idir chamáin agam. Baintear úsáid as imeaglú, bualadh, mugáil, céasadh, agus marú, mar airm, lena dtoil a chur i bhfeidhm ar a gcéilí comhraic.

Taobh le taobh leis an mí-iompar céanna sin, tá cancar maraitheach eile ag céasadh beatha an tsaoil shóisialta, agus sin é mí-iompar ár n-aosa óig. Anois, nílim ag caint anseo faoinár n-aos óg frí chéile, ach faoi bhuíon bheag amháin díobh, buíon atá imithe ó smacht, amach is amuigh. Don té a léigh ár nuachtáin le tamall anuas, tuigfidh sé go binn céard tá i gceist agam anseo. Troideann baill na buíne sin, faoi mar ba chaitheamh aimsire den scoth é an troid chéanna sin, agus nach mbaineann moráltacht ar bith lena n-iompar, le linn na troda céanna sin

Cleas na hOstraise!

Níl fúm scéal chailleach an uafáis a dhéanamh den scéal seo, ach ba é a cheap mé freisin, nó nár chóir do dhuine cleas na hostraise a tharraingt air fhéin, agus a cheann a shá sa ghaineamh, i gcás an mhí-iompair atá ró-coitianta, in Éirinn na linne seo, nó níos measa fós, nár chóir dúinn dallamullóg a chur orainn fhéin, agus a ligint orainn nach fál go haer fós é, agus go bhfuil tíortha, agus ciníocha eile, i bhfad níos measa ná sinne. Is dócha go bhfaca chuile dhuine agaibh, a raibh le rá ag an sagart úd san Ard-chathair, faoi na hógánaigh bhuile úd, a bhí ag goid, ag tiomáint, agus ag dó, caranna a gcomharsan, le spórt agus caitheamh a chur ar fáil dóibh fhéin agus dá gcairde. Dráma iontach, a bhaist sé ar an iompar sin ar fad, agus cé nár mhol sé an mí-iompar sin uilig, ag an am gcéanna, mhol sé scileanna tiomána na n-ógánach úd. B’fhéidir, ar seisean, go mba ghluaisteáin ghoidte a bhí á dtiomáint acu, ach is tiománaithe sciliúla den scoth iad. An gcreidteá, go labhródh saoránach fásta ar bith mar sin, agus é ag cur síos ar mhí-iompar dá leithéid?

Athchuairt dlite

Fillfidh mé ar an ábhar seo arís, agus déanfaidh mé iarracht ar leigheas eicínt don ghalar seo a mholadh, ach tá faitíos orm, nach mbeidh sé éasca an galar céanna sin a leigheas, nó tá sé imithe go smior na gcnámh i bpobail áirithe, faoin am seo, agus faoi mar adeireadh an seandream fadó agus iad ag cur síos ar an bhfear feasa, a bheadh ag iarraidh ghalar do-leigheasta a leigheas….dá mbeadh fios aige, bheadh leigheas aige….Bhuel, tá faitíos orm, go mbeidh sé deachair go maith teacht ar luibh a dhéanfaidh an beart seo dúinne, ach ní hionann sin is a rá, nár chóir dúinn dul ar a tóir. Sea, agus sin rud a dhéanfaidh muid, amach anseo.

gaGaeilge