Conradh Lisboa Arís

Peadar Bairéad

….Aguisín….

In alt na seachtaine seo caite, tri thimpiste, baineadh an ruball den phíosa a scríobh mé, rud a d’fhág gan a ..punch line.. é, mar adéarfá. San alt sin, rinne mé an t-ábhar conspóideach sin a chíoradh, ar bhealach, agus ansin, ar deireadh thiar, tar éis an iomláin, mhol mé don léitheoir, thar aon rud eile, gur chóir dó dul amach agus a vóta a chaitheamh, agus seo chugat anois an rubaillín sin a baineadh den alt, trí thimpiste, dár ndóigh….

Ach an rud is tábhachtaí ar fad, nó dul amach, agus do vóta a chaitheamh. Sin an daonlathas agat. Is dócha go bhfuil ár dtodhchaí uilig ag brath ar thoradh an Reifrinn chéanna seo…

In alt na seachtaine seo caite, bhí mé i gcás idir dhá chomhairle, faoi cé acu vótáilfinn no NÍL, ach anois, tar éis dom mo mharana a dhéanamh, tá mé ag ceapadh, go vótáilfidh mé TÁ, sin mura dtiocfaidh argóintí láidre an treo, le mé a sheoladh ar bhealach contráilte eile. Ach ní móide go dtarlóidh a leithéid!!!

.

Of Shoemakers and Lasts…

.

Cupla lá ó shoin, thug cara liom gearrthóg as an Irish Daily Mail dom, agus é ag súil go mbainfinn leas as, mar spreagadh don cholún seo, nó tuigeadh dó, go raibh gá leis an spreagadh céanna sin, tharla go raibh an colún ag éirí beagáinín leamh, amannta! dár leis. Bhuel, léigh mé an píosa, agus bíodh nár chuir mé mórán suime i mbunús dá raibh scríofa ann, caithfidh mé a admháil, gur dhúisigh a raibh sa mhainchille, i roinnt áirithe den phíosa, gur dhúisigh sé mé. Agus níorbh é sin amháin é, ach tharla freisin, go raibh mé ag portaireacht liom, sa cholún seo, cupla seachtain ó shoin, faoi’n méid daoine a bhíonn ag caint leo, ar ábhair nach bhfuil aon saineolais acu fúthu. Ach ní bac ar bith orthu é sin, nó leanann siad orthu ag pápaireacht leo, faoi mar a bheadh Dia a rá leo. Sea, agus nach minic a deintear dearmad freisin ar an tseanrá úd a labhraíonn linn faoi dhíonta gloine!

An Interview

Ach, le filleadh ar an ngearrthóg úd, ar dhein mé tagairt di thuas, ba é a bhí inti, nó cuntas ar agallamh, ar deineadh cur síos air san Iris aithnidiúil sin, Hot Press, agallamh inar tugadh deis don té a bhí á chur faoi agallamh, a tuairimí ar ábhair áirithe a chur i mbéal an phobail, mar adéarfá. Deirtear sa chuntas seo, gur bheag meas a bhi ag an té sin ar an Eaglais Chaitliceach, agus gur chuir cumhacht an Phápa isteach go mór uirthi.

Duine a bhfuil clú agus cáil tuillte aice ina gairm is ea í, agus a chonách sin uirthi! ach ar ghá di an Eaglais Chaitliceach a ionsaí sa tslí sin? Deirtear san alt, i Hot Press, go raibh an-áthas uirthi gur ina Protastúnach a tógadh í, agus í ag déanamh tagairt do na scannail uilig a chráigh an Eaglais Chaitliceach le scathamh anuas.

Papal Power

Agus ag caint ar Chumhacht an Phápa agus daoine dá leithéid di, is amhlaidh a bhuaireann a leithéid í. Seo mar a chuirtear san alt é…

“The power of the Pope and people like that just annoys me. Look at the scandals. I’m just grateful that I was brought up in a Protestant way”

Sin mar a chuirtear sa ngearrthóg é .

Ach, is dócha go ndéanann daoine a ionsaíonn an Eaglais Chaitliceach, is dócha go ndéanann siad dearmad ar an méid daoine sa tír seo, ar bhaill dílse den Eaglais chéanna sin iad, agus ar bhealach, nach ionsaí pearsanta orthusan é, nuair a déantar ionsaí ar a nEaglais?

Happy accident

Tá sí buíoch gur ina Protastúnach a tógadh í, agus chuile cheart aice chuige sin. Ach nach den Chríostaíocht é an maithiúnas agus an charthannacht? Ní gá a rá, ach oiread, nach bhfuil muidinne, Caitlicigh, ag dul thart ag maíomh as na scannail chéanna sin! ach oiread. Ach tharla siad, agus caithfidh muid deighleáil leo.

Ní gá a rá, go raibh tagairt d’ábhair eile freisin, san Agallamh céanna sin i Hot Press, ach tá faitíos orm, nach nós liomsa scríobh faoi na hábhair chéanna sin, nó is ábhair iad, nár nós le daoine scríobh fúthu, tráth raibh mise ag fás anios. Ach, nach cuma faoi sin anois, nó seo ré na saoirse agus an neamhspleáchais, agus chomh fada is nach ngortaítear éinne, cead agat do rogha rud a scríobh, agus a fhoilsiú, má tá t’eagarthóir sásta seasamh leat, i bhfiontar dá leithéid.

gaGaeilge