I m Nóibíseach dom, sna Daichidí 2

Peadar Bairéad

(This week I continue to share with you my experience as a Novice in the Forties)

.

D’éirímis ar a sé ar maidin!

Ní raibh an oiread sin difríochta idir an Nóibhíseacht agus na Coláistí úd, ar dhein mé freastal orthu, sna blianta roimhe sin. Ba é an leagan amach céanna a bhí ar chúrsaí ansin. D’éirímis ar a sé a chlog ar maidin, Ansin, bhíodh paidreacha, Aifreann, glanadh, snasadh, agus a leithéid, ar chlár na maidine dúinn, roimh ár mbricfeasta. Seal gairid ansin ag siúl timpeall agus ina dhiaidh sin, bhíodh ranganna, agus cúrsaí spioradálta idir chamáin againn go ham lóin. Ba chosúla le léachtaí Ollscoile ár ranganna faoin am seo áfach, nó bhí cead faighte againn ó Ollscoil na Gaillimhe, cuid mhaith dár léachtaí a fhreastal, istigh ansin sa Nóibhíseacht s’againne, ar choiníoll go ndéanfaimis freastal ar léacht, nó dhó, sa tseachtain, istigh san Ollscoil fhéin. Ba é an sárscoláire, agus an fealsamh aithnidiúil, ildánach, an tAthair Félim Ó Briain, a bhí mar Ollamh, agus mar threoir, againn, istigh san Ollscoil. I ngluaisteáin a théimis chun na hOllscoile, chuile sheachtain, agus bhainimis toit agus spraoi as na hócáidí céanna sin, nó bhíodh deis againn cuairt a thabhairt ar shiopaí, le rudaí ar nós milseán agus brioscaí a cheannacht, nó bíodh go raibh muid thart ar scór bliain d’aois, ag an am, ní raibh muid chomh haibí, glic, is a bheadh daoine dár gcomhaois amuigh sa saol mór. Bhí rud amháin áfach, nach raibh ró-éasca a dhéanamh, agus b’in comhairle na n-uachtarán a leanúint, gan cheist, i gcónaí, gan eisceacht ar bith, cuma cé acu cheap tú fhéin go mba amadán críochnaithe é an t-uachtarán céanna sin! Is cuimhin liom go mbíodh leabhar faoi chúrsaí spioradálta ar an gcúrsa againn, leabhar le fear, dárb ainm Rodriguez, mura bhfuil dul amú orm, agus bhí samplaí den umhlaíocht ghaisciúil sin liostáilte aige sa leabhar sin. Seo mar a bhí i gceann acu. Bhí Abb a raibh cleas aige, le humhlaíocht a mhúineadh dá nóibhísigh. Bhí manach óg ag obair sa gharraí, agus thug an tAbb a mhaide siúil dó, agus d’iarr air, é a phlandáil sa chré, agus é á uisciú, chuile lá, faoi mar ba phlada beo é. Bhuel, rinne sé mar adúradh leis, agus thagadh sé, chuile lá, leis an mbata siúil a uisciú, agus tar éis míosa i mbun na ceirde sin, is amhlaidh a chuir an bata siúil fréamhacha uaidh agus d’fhás ina phlanda álainn sa gharraí dó. Ba chomhartha é sin, go raibh Dia sásta le leibhéal umhlaíochta an nóibhísigh sin Ag an am, tá mé cinnte, gur ghlac mé fhéin leis, chomh maith le duine, gur chóir dúinn an chonair sin a leanúint Anois, bíodh go mbíodh an-chuid ama le caitheamh againn, ag guí, ag staidéar, agus ag obair, ní hionann sin is a rá gur deineadh dearmad ar cluichí, nó ar chaitheamh aimsire. Níor deineadh, muis! agus bhíodh cluichí againn cupla uair sa tseachtain. Bhíodh peil, iomáint, sacar, agus rugar corr uair, againn. Déarfainn go raibh caighdean réasúnta ard sroichte againn sna cluichí céanna sin, go háirithe sna cluichí Gaelacha, nó bhí beirt dár nóibhísigh ag imirt ar fhoireann Mhaigh Eo, ag an am sin. Bhainimis spórt agus spraoi as na cluichí céanna sin, agus d’imrímis cluichí Cúige, chuile Lá ‘le Pádraig,

B’ait an traenáil é!

Níl fhios agam, conas a dheintear Nóibhíseachtaí a stiúradh, na laethe seo, ach nuair a smaoiníonn tú air, nárbh ait an traenáil a thugtaí d’fhir óga, an tráth úd, le saol an tsagairt a chaitheamh. Thógtaí isteach san institiúid sin iad, ar feadh dhá bhliain, geall leis, agus i rith an ama sin uilig, choinnítí glan scartha iad ón saol mór thart orthu. Ghlacamarna go huile is go hiomlán leis an gcóras sin, faoi mar a bhí. Mholamar an t-áth mar a fuaireamar. Tuige nach ndéanfadh? Nár mhínigh mé dhuit thuas, faoin umhlaíocht úd a dhéanfadh bata siúil a uisciú, chuile lá, go dtí go bhfásfadh sé! Nuair a bhreathnaím ar na cúrsaí sin anois, feictear dom nach féidir liom éaló ó na laigí a bhí de dhlúth agus d’inneach, sa chóras céanna sin. Cuimhnigh anois, go ndeachaigh mise isteach i Cloughballymore House, i Meán Fómhair na bliana, 1945, agus an scór sáraithe agam ag an am, agus coinníodh istigh ansin mé, go dtí Meitheamh na bliana 1947. I rith an ama sin go léir, níor ligeadh abhaile ar saoire nó tada dá leithéid mé. Agus níor tugadh deis ar bith dom eolas a chur ar chúrsaí an tsaoil mhóir a bhí thart orainn, ach muid cuachta istigh ansin in ár n-oileán scoite, spioradalta, fhein,

Ach tá faitíos orm, go bhfuil scéal mhadra na n-ocht gcos déanta agam de scéal seo na nóibhíseachta, ach b’fhéidir, ar an dtaobh eile den scéal, gur thug sé deis dom, cuid de mo smaointe ar an ábhar seo a léiriú anseo dhuit!

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge