I’m Nóibhíseach dom sna Daichidí 3

Peadar Bairéad

(This week we continue to recall memories of Novitiate Days)

.

Cuimhní á gcuartú

Ó chríochnaigh mé an píosa deiridh, bhí mé ag iarraidh roinnt áirithe cuimhní agus eachtraí a ardú ó ghrinneall loch na gcuimhní, áit ar fhan siad go ciúin, réidh, ó mhaireas iad, tarraingt ar sheachtó bliain ó shoin anois. Labhair mé sa phíosa deiridh, faoin rainse mór talún a bhí mar fheirm ag an Nóibhíseacht úd “Cloughballymore. Níor den scoth é, nó ba thalamh cosúil le Boireann an Chláir é den chuid is mó, ach anseo is ansiúd, bhí páirceanna breátha, agus goirt torthúla tugtha chun míntíreachais ag lucht an Choláiste. Minic freisin, a mbaintí úsáid as ár gcúnamhna, ag cur scoilteán, agus ag baint an fhómhair, agus thugaimis cúnamh freisin, nuair a thagadh tráth bhuailte an arbhair. Ach, bíodh nár thaitin an cineál sin oibre liom fhéin, olc, maith, nó dona, tharla go raibh múchadh ag cur orm, an tráth sin, níorbh ionann sin is a rá, nach raibh orm déanamh mar adúradh liom, nó má théann tú le saighdiúireacht, caithfidh tú na bróga a chaitheamh!

Anois, ba Nóibhíseacht é Coláiste Cloughballymore, agus bhí ar chuile dhuine againn dhá bhliain gan gnáthlaethe saoire, a chaitheamh ansin. Ní hionann sin is a rá, nach mbíodh laethe saoire ar bith againn, nó bhíodh, ach chaithedh muid sa Choláiste iad. Bhíomar inár bhfir óga, ag an am, thart ar an scór, agus caithfidh mé a admháil, go mbíodh cumha ár ndóthain orainn, um Nollaig, go háirithe. Chaitheadh muid roinnt mhaith ama ag déanamh maisiúcháin Nollag do na Hallaí Móra loma, agus don Aireagal alainn, freisin. Chaitheadh muid laethe fada ag cur duilleoga agus caora cuillinn ar shnáitheanna, len iad a chrochadh mar mhaisiúcháin, thall is abhus. Bhíodh orainn dul amach ar an iargúl, leis na toir áirithe Nollaigiúla sin, a fháil, is a bhaint. Nuair a bhíodh chuile shórt crochta, ceangailte, feistithe, againn, geallaimse dhuit é, go mbeadh sé deacair an áit s’againne a shárú, chomh fada is a bhain sé le maisiúcháin, agus le hornáidachas. Ba mhór an chabhair an obair sin uilig dúinne le cúl a chur ar an gcumha ollmhór a bhíodh orainn, nó i ndáiríre, níor tugadh mórán deise dúinn teacht in inmhe, nó aipiú, mar adéarfá, riamh, Ní call a rá, ach oiread, go gcaitheadh muid roinnt mhaith ama freisin, ag ullmhú liotúirge, agus ceoil, le Féile na Nollag a cheiliúradh, mar ba cheart agus mar ba chóir.

Bhíodh saoire againn freisin um Cháisc, agus arís, chaitheadh muid an-chuid ama, ag ullmhú do na searmanais uilig, a ghabh le ceiliúradh na Cásca, faoi mar a dheintí í a cheiliúradh, faoin tseanreacht, roimh an Dara Comhairle Vatacáineach. Mór go deo idir na searmanais sin, agus na searmanais faoi mar atá againn, sa lá atá inniu ann. Leor dom a rá, go maireadh cuid de na searmanais sin thart ar thrí huaire a chloig, maidin is tráthnóna. Thógadh sé an-chuid ama leis na searmanais sin a chleachtadh, agus leis an gceol a ghabh leo, a ullmhú, sa chaoi nach mbeadh bun cleite amach, nó barr cleite isteach, nuair a thagadh an crú ar an tairne. Ar deireadh thiar, thagadh Saoire an tSamhraidh, agus arís, chuireadh sé sinne ag smaoineamh ar ár muintir fhéin sa bhaile, ach faoin am sin, ní bhíodh an cumha chomh dian sin ar fad, nó bhíodh muid bainte den chíoch, d’fhéadfá a rá, agus muid ag iarraidh ár slí fhéin a dhéanamh sa saol corraitheach a bhí thart orainn. I dtús an tSamhraidh, bhíodh Cúrsa Spioradálta le déanamh againn, agus ní gnáth chúrsa spioradálta atá i gceist agam anseo, ach cúrsa spioradálta a mhair ar feadh triocha lá. Cheapfadh duine go mbeadh cúrsa dá leithéid an-dian ar fhear óg, ach, tar éis roinnt laethe, thiocfá isteach air, agus bhainfeá idir thairbhe agus thaitheamh as, uaidh sin amach. Ba é an príomhrud a bhí idir chamáin againn, le linn an chúrsa chéanna sin, nó rogha a dhéanamh, idir an mhaith agus an t-olc. Tá dhá arm ansin, agus caithfidh tú dul le taobh amháin, nó leis an dtaobh eile, nó “an té nach bhfuil Liom, tá sé im’ choinne”. Sea, mh’anam, caithfidh tú taobhú le Dia, nó le diabhal. Tar éis do dhuine, thart ar mhí a chaitheamh ag smaoineamh, agus ag machtnamh, ar na hábhair dhoimhne, bhunúsacha, sin, agus tar éis dó an seal sin a chaitheamh ag guí, ag paidreoireacht, agus ag déanamh a anama, thiocfadh sé amach, ag deireadh an chúrsa spioradálta sin, agus a aigne socraithe, a rogha déanta, agus é meáite ar bhealach a leasa a leanúint feasta, go deireadh a ré. Deireadh feasta, le Tadhg an dá thaobhachas! Chuirfeadh sé i gcuimhne do dhuine, miotal ag teacht amach as an bhfoirnéis, agus é ag dul i gcoimhlint leis an saol mór amuigh, agus diaidh ar ndiaidh, cailleann sé a loinnir, agus tagann meirg air. Ba é an scéal céanna againne é. Ach nach ’in an saol agat, a mhiceo?

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge