Iníon altrama ar thóir a hOidhreachta

(Iníon Rúnda)

.

.

Secret Daughter…………..céadchló……………2010

by

Shilpi Somaya Gowda……….……………USA $17.99

.

Peadar Bairéad.

Ní thuigeann an sách don seang

Rugadh agus tógadh an t-údar seo i Toronto Cheanada, agus tharla le linn a hOllscolaíochta sa tír sin, gur chaith sí seal ag obair mar dheonach in Uchtlann san India, agus is dócha gur ghlac sí, ar fhoghlaim sí i rith na tréimhse sin, mar chúlra don leabhar cáiliúil seo, Secret Daughter. haon ionadh, mar sin, gur chuir sí spéis ar leith i bhfadhbanna na n-imirceach Indiach, agus i ndeacrachtaí ghaolta idirchiníocha. Ba leabhar mór-ráchairte é ‘Secret Daughter’, ar díoladh thart ar mhilliún cóip de i dtriocha teanga.

Sí Asha an príomhcharachtar san úrscéal seo, agus í mar dhroichead idir dhá chlann, agus idir dhá chultúr, ach leis an gceann a bhaint den scéal seo, tosóimid san India, áit a bhfuil cónaí ar Kavita agus Jasu, lánúin phósta, nach bhfuil mórán de mhaoin an tsaoil seo acu, agus cónaí orthu i mbaile tuaithe, Dhanau. Rugadh iníon don lánúin seo, agus ó tharla nach raibh mórán measa ar iníonacha sa dúiche sin, agus ó tharla freisin, go raibh faitíos ar Kavita go maródh Jasu an iníon sin, thóg sí fhéin is a deirfiúr an leanbh go dtí Uchtlann i Mumbai, lena sábháil ó bhás, Usha an t-ainm a thug siad ar an leanbh sin. Daoine bochta ba ea muintir na dúiche sin, agus ba é cúis nár theastaigh iníonacha uathu nó nach mbeadh mórán ratha orthu mar chúntóirí feirme, agus chomh maith le sin, bheadh ar na tuistí spré a chur ar fáil dóibh, ar ball, agus ar an dtaobh eile den scéal, bheadh mac ábalta cabhair a thabhairt dóibh ar an bhfeirm agus ní bheadh spré ag dul dó, ar ball, nuair a phósfadh sé, agus ó tharla nach raibh mórán de mhaoin an tsaoil ag Kavita agus Jasu, tuigeadh do Kavita, go raibh an baol ann, go maródh Jasu an iníon óg sin a rugadh di. Ar ball, d’fhág an lánúin sin a n-áit dhúchais agus thug Mumbai orthu fhéin, ag iarraidh saol níos fearr a chur ar fáil dóibh fhéin is dá mac.

Theastaigh uathu leanbh a uchtú.

Anois, thart ar an am gcéanna sin, thall i Meiricea, tharla go raibh lánúin eile, Somer agus Krishnan, ar theastaigh uathu clann a thosú, ach a fuair amach ansin, nach mbeadh ar a gcumas sin a dhéanamh. Bhíodar anbhuartha dá bharr sin, agus ar deireadh, shocraigh siad ar leanbh a uchtú, agus ó tharla gur de phór Indiach é Krishnan, bheartaigh siad ar leanbh Indiach a uchtú. Sea, agus do bharúil cé d’uchtaigh siad? Sea! cé eile ach Usha, iníon Kavita agus Jasu? ‘Bhí go maith is ní raibh go holc’, mar adeireadh lucht scéalaíochta fadó, ach ní go ró-mhaith a chuaigh cúrsaí sa chás áirithe seo. Ní go ró-mhaith a chuaigh cúrsaí idir Asha, – faoi mar a thugtaí uirthi faoin am sin -, agus a máthair altroma, rud a chuir leathmhaing ar phósadh Somer agus Krishnan.

Chuaigh Asha le hiriseoireacht, agus d’éirigh go maith lei sa bhfiontar sin, agus ar ball, fuair sí ‘internship’ le ceann de mhór-nuachtáin na hIndia. Chuaigh sí chun oibre ansin sa tír inar rugadh í, rud a chuir ar a cumas dul i dteangmháil le clann Krishnan, agus ghlac siadsan lei mar bhall dá gclann fhéin. Chuir a seanmháthair, nó ‘Dadima’, mar a thugtaí uirthi, chuir sise an-suim go deo inti, agus ghlac sí faoina sciathán fhéin í. D’éirigh go seoigh le hAsha ina cuid oibre don Nuachtán Indiach sin, agus rinne sí a lán taighde dá saothar i measc na mbocht, i gceantar bocht, scoite, i Mumbai.

Ar thóir a fréamhacha

Ag pointe áirithe, chuir sí ceist ar ‘Dadima’, a seanmháthair, faoi mhuintir a máthar fhéin, agus í ag iarraidhil amach, ar cheap sise gur chóir di dul ar a dtóir. Mhol sise di sin a dhéanamh, má cheap sí fhéin gur chóir di a leithéid a dhéanamh. Ba é toradh a bhí ar an gcomhrá sin, nó gur dhírigh Asha ar sin a dhéanamh, agus d’éirigh lei roinnt mhaith a fháil amach futhu.

Ar éirigh lei casadh leo i ndeireadh na dála, agus ar éirigh le Somer agus Kristnan an scoilt a bhi eatarthu fhéin agus a n-iníon a leigheas, agus cén chaoi ar chuir an t-údar críoch lena scéal? B’fhéidir gur mhaith leatsa fios fátha ‘chuile scéal acu sin a fháil.  Chuige sin, níl le déanamh agat ach an leabhar breá, suimiúil, seo a fháil is a léamh……………  

.

gaGaeilge