Laochas, calmacht, agus dáiríreacht, i gcroí na n-imreoirí

(Iománaí ar an gClaí ?)

.

Peadar Bairéad

(This week let us bask in the glow of a great hurling experience)

Domhnach a’ Bháire

Anois, agus muid ag fanacht go foighdeach le cluichí iomána na bliana seo chugainn, ba mhaith liom súil a chaitheamh siar ar chluiche a chorraigh mo chroí……

A leithéid de chluiche! A leithéid de chomórtas! Annamh a chonaic mé cluiche chomh corraitheach, chomh spreagúil leis. Ar an deichiú lá de Lúnasa 2014 a tharla an cluiche sin, i mbabhta Leathcheannais san Iomáint, do bhliain sin ár dTiarna 2014. Iománaithe Luimnigh agus iománaithe Chill Chainnigh a rinne an lascadh agus an léasadh, an lá cinniúnach sin. Bí ag caint ar chluiche! Bí ag caint ar aimsir! Bí ag caint ar chalmacht! An bhfuil an dara cluiche á imirt ag daoine, áit ar bith faoin mbith bhán, a d’fhéadfadh an craiceann a chorraí ar chúl do mhuinéil, faoi mar a dhéanann cluiche iomána dá leithéid? Bhí mé fhéin ag seanmóireacht liom sa cholún seo, le blianta beaga anuas, faoi mhacántacht an spóirt inár gcluichí, mé ag moladh ghlaineacht an spóirt agus cead a thabhairt don imreoir a scil iontach a léiriú don lucht féachana, ach sílim nár réitigh cluiche an Domhnaigh seo caite leis an dearcadh a bhí agam ar chluichí, agus ar spórt amaitéireach. Caithfidh mé a admháil áfach, gur chuir an Cluiche Leathcheannais, atá idir chamáin agam anseo, gur chuir sé deireadh le mo dhearcadh ar an iomaint, nó níor ghnáthchluiche iománaíochta a imríodh os ár gcomhair an lá sin, ach báire na fola, imeartha idir dhá fhoireann laochra. Thaitin an cluiche sin thar na bearta liom fhéin, bíodh go ndeachaigh an imirt agus an iompar thar theorainneacha an spóirt, corruair, faoi mar a chonacthas domsa é. Ligeadh srian le chuile orlach calmachta a bhí cuachta suas i gcr agus i meanmna na n-imreoirí. Léim siad isteach go neamheaglach, misniúil, i mbearnaí an bhaoil, gan eagla, gan faitíos, sa chaoi gur léirigh siad don lucht féachana, spiorad agus anam iontach an Ghaeil, faoi mar a thug a gcluichí deis dóibh sin a chleachtadh. B’fhéidir nár mhaith liom bheith ag breathnú ar chluiche dá leithéid chuile lá, ach gan dabht ar domhan, ba mhór an tógáil croí dom cluiche dá leithéid a fheiceáil, corruair, le spiorad agus anam an Ghaeil a chur ag rince ar lic os mo chomhair amach.

Cúchulainn Óg

Agus mé ag breathnú ar an gCluiche Leathcheannais úd, ar Dhomhnach a’ Bháire, d’éalaigh mo smaointe siar thar na blianta, siar go dtí an saol a léiríodh dúinn sna seanscéalta, a tháinig anuas chugainn trí scéalta na Rúraíochta agus trí eachtraí na Fiannaíochta. Chonaic mé Cúchulainn óg ar a bhealach go dtí Dún Chonchúir Mhic Neassa agus a Chraobh Rua, fadó, fadó, a chamán is a shliotar á oibriú aige le scileanna corraitheacha an iománaí shnasta, agus ansin nuair a shroich sé Eamhain, áit a raibh ógra na Craoibhe Rua ag imirt leo, agus ghlac an Chú óg páirt sa chluiche sin, agus is féidir a bheith cinnte nár mar dhuine-uasailín a d’imir sé, ach mar a d’oir do laoch óg. Ní dóigh liom, ach oiread, gur chuir rialacha ar bith laincis ar a dhúil, nó ar a mheanmna, agus é ag lascadh agus ag bualadh roimhe agus ina dhiaidh, go dtí go raibh bua bainte.

B’in iad na híomhánna a chonaic mé ar scáileán mo shamhlaíochta, agus cluiche an Domhnaigh sin á imirt. Bhí laochas, calmacht, dáiríreacht, agus macántacht, ag baint na sál da chéile san imirt, fad a bhi na laochra úd ag scaoileadh srian lena scileanna iománaíochta, lena Rí agus a Lucht leanúna, a chur faoi gheasa, lena máistreacht ar scileanna an chamáin chaim, agus lena misneach dochloíte, a léiriú dóibh.

Fillimis ar chluiche an lae inniu.

Ní gá tuilleadh a thochrais ar an gceirtlín sin. Leor a rá, gur chuir an Cluiche Leathcheannais úd mise faoi gheasa, sa chaoi gur dhein mé dearmad glan de rialacha an chluiche nua-aoisigh, agus ar choimhlíonadh cruinn na rialacha céanna sin, ar pháirc ghlórmhar na himeartha. Níl dabht ar domhan ach gur chabhraigh fíochmhaireacht na haimsire agus géire nimhneach na sceana gréasaí a scaoil an doineann leis na himreoirí calma, gur chuir sin uilig le draíocht doilfe na hócáide. Ach sin uilig raite, tuigthe, agam, ba mhaith liom a dhearbhu gur chóir filleadh ar an saol mar atá, agus deireadh a chur le brionglóidí tarraingteacha, a bhfuil a seal tugtha le fada an lá. Caithfimid imirt feasta de réir rialacha an chluiche, faoi mar atá leagtha amach, sa lá atá inniu ann.

gaGaeilge