Is sleamhain iad Leacracha an Tí Mhóir!

.

Peadar Bairéad

Eorpaigh Mhaithe

In am an ghátair a aithnítear na cairde, agus Is sleamhain iad leacracha an Tí Mhóir. Nach deacair na seanfhocla a shárú? Agus i gcás an phéire thuas, is é atá idir chamáin acu, nó chomh deacair is atá sé deighleáil le boic mhóra, an tsaoil seo. Nach orainn uilig a bhí an deifir fáil isteach san Aonas Eorpach, a chéaduair? Tuigeadh dúinn, nach bhfeicfeadh muid lá bocht arís go brách, ach ceangal a dhéanamh le boic mhóra an Aontais sin.

Sea, agus sin mar a tharla i dtosach báire. D’Infheistigh na hEorpaigh na billiúin punt sa tír bhocht ársa seo. Rinneamar chuile iarracht ar bheith inár nEorpaigh mhaithe, sea, agus níor chaitheamar na puint Eorpacha sin go fánach, faoi mar a tharla i gcás tíortha áirithe eile. Ach, le scéal gairid a dhéanamh de, chuaigh eacnamaíocht na tíre seo chun tosaigh de ruaig reatha dá bharr, agus ba ghearr an mhoill go raibh muid feistithe thuas i measc tíortha saibhre an domhain.

Cár imigh an sioc?

Anois, b’fhéidir gur tuigeadh dúinn, nach bhfeicfeadh muid braon fearthainne, nó drochshíon, arís go Lá Philip a’ Chleite. Chaitheamar go rábach, flaithiúil, agus d’éirigh muid leithleach agus gar dúinn fhéin. Rinneamar dearmad ar an gcine ar díobh sinn, agus nuair a tháinig an cúlú eacnamaíochta aniar aduaidh orainn, fágadh muid ar an mblár folamh, agus muid ag fiafraí dá chéile, Cár imigh an sioc? Ach, bhí leá chúr na habhann tar éis teacht ar an saibhreas uilig, a cheapamar a bheith curtha i dtaisce againn le haghaidh lá na coise tinne.

Cairde móra, adeir tú!

Cá raibh na cairde móra a bhí ag baint na sál dá chéile bheith inár gcomhluadar, tráth raibh muid ar dhruim na muice? Glanta leo, faoi mar a d’imeodh slam de cheo. Bhí orainn cúbadh chugainn, agus bhí orainn tosú ag comhaireamh na bpingneacha arís. Sea, bhí muid bancbhriste, agus na billiúin Euró ag Bainc agus ag Boic mhóra an domhain orainn. An raibh leigheas ar ár ngéirchéim? Nuair a shuigh an Rialtas s’againne síos, leis an scéal sin a scrúdú agus a fhiosrú, ba ghearr an mhoill gur tuigeadh dóibh, nach raibh an dara suí sa bhuaile acu, ach dul, ina maoil, agus iasacht a lorg ar Bhanc Láir an Aontais Eorpaigh, agus ón IMF. Bhí go maith! agus ar feadh tamaill, ligeadar orthu fhéin nach raibh fúthu an beart sin a dhéanamh, ach i ndeireadh na dála, b’éigean dóibh an cat a ligint as an mála, agus ansin tuigeadh do mhadraí an bhaile, fiú, go raibh an tír s’againne sáite go dtí na cluasa i bhfiacha, agus ar an drochuair, nach raibh ar ár gcumas airgead a fháil ar iasacht ó na gnáthfhoinsí feasta. Thosaigh an mhargántaíocht, agus thosaigh na ráflaí ag dul sa timpeall ina loscadh sléibhe. Bhí ár neamhspleáchas i ndáil le bheith caillte againn. Bheadh cigirí ón ECB agus ón IMF ag scrúdú na leabhar dúinn feasta, agus ní bheadh ionainne ach sclábhaithe dóibh siúd a thug an t-airgead ar iasacht dúinn, agus gan á shaothrú againn ach pingneacha fánacha, rua. Dúradh seo, agus dúradh siúd, ach i ndeireadh na dála, tugadh na billiúin ar iasacht dúinn, ar choinníollacha dochta, daingne, agus gheall an Rialtas s’againne, thar ár gceann, go gcoimhlíonfaí na coinníollacha crua sin, go cruinn ceart, thar thréimhse cheithre bliana.

In am an ghátair…..

Tosaíodh ansin ar na coinníollacha sin, agus an margadh a rinneadh, a scrúdú, agus a pharsáil go mion cúramach, agus ba é an chiall a bhain na saineolaithe as an obair sin go léir, nó go n-aithnítear na cairde in am an ghátair. Agus ag baint úsáide as an seanfhocal sin mar shlat tomhais, bhí le tuiscint againn, go mba chairde idir dhá shíon iad, na cairde móra a bhí againn san Aontas, nó ní raibh aon chuid den arán saor le fáil againn sa mhargadh a rinneadar linn. Ghearradar ús sách ard ar na hiasachtaí a ghealladar dúinn, sa chaoi go mbeadh sochar á dhéanamh ag an Aontas as cruachás, agus as céasadh, na tíre seo. Ní beart ró-chairdiúil é sin! Sea, agus chuathas níos faide ná sin, nó ba é an port a bhí ag cuid de na cairde móra sin, nó go gcaithfí deireadh a chur leis an gcáin íseal chorporáideach a ghearrtar anseo in Éirinn, cé gur thugadar geallúint dúinn agus muid ag ullmhú don dara vóta anseo ar Chonradh Lisboa, nach dtarlódh a leithéid. Ach tá mé cinnte, go gcuirfear sin in iúl dóibh, go neamhbhalbh, amach anseo! Agus ní gá a rá, go dtabharfaidh lucht an Tí Mhóir sin aird orainn sna cúrsaí sin! Sea, agus b’fhéidir go mbeidh mótair fós ag bacaigh!  Anois ní ag lochtú an Aontais chéanna sin atá mé, ach ba mhaith liom a chur i gcuimhne do dhaoine, go mbíonn gá le spúnóg fhada, más uait dul ag ragairne le              h-éanacha na ngob fada!                                                                           

gaGaeilge