“Rogha na Réanna

Peadar Bairéad

(This week we take a look at our democracy)

.

It was the best of Times

It was the best of times, it was the worst of times,

it was the age of wisdom, it was the age of foolishness,

it was the epoch of belief, it was the epoch of incredulity.

.

B’in mar a chuir Charles Dickens tús lena úrscéal spreagúil, cáiliúil, A Tale of Two Cities, agus dár le daoine áirithe, d’fheilfeadh an cur síos céanna sin go seoigh mar chur síos ar an ré seo ina bhfuilimid ag maireachtaint i dtír seo na hÉireann, sa lá a inniu ann. Nach deacair a chreidiúint go bhfeilfeadh an ráiteas frithráiteach thuas le ré ar bith, gan trácht in aon chor ar an ré cantalach, crosta, dothuigthe, seo ina bhfuilimidneinnithe anois. Ach, nuair a scrúdaíonn tú an ráiteas faoi mhicreascóp na staire, tuigfidh tú ansin go bhfuil, ar a laghad, síol na fírinne folaithe ann.

Conas a d’fhéadfaí a leithéid a rá, an ea?

Bhuel, breathnaigh ar an saol atá á chaitheamh ag lucht an airgid, agus ag lucht na cumhachta, sa ré iarthíogaireach seo. Tá airgead ina mhúrtha acu, agus chuile shórt a cheannaíonn an t-airgead céanna sin, earraí cosúil le stádas, compord agus sólás. Chomh fada is a bhaineann sé leis an dream sin, nach é an Nollaig ó Shamhain go Samhain acu é! Ach tá taobh eile ar an scéal freisin, agus sé sin, taobh na mbocht, taobh na ndaoine úd nach bhfuil acu ach ón lámh go dtí san béal, gan díon, gan dídean, ag roinnt mhaith acu anois, agus lucht an ghaimbín anuas sa mhullach orthu Luan, Satharn agus Domhnach, ag iarraidh a bhfuil acu a bhaint díobh. I gcás na ndaoine sin, nach é díogha gach séasúir acu é. Sea…..

It is the best of times, it is the worst of times…

Daonlathaigh! An ea?

Agus muidinne ag ligint orainn gur daonlathaigh sinn! Daonlathaigh? adeir tú! Nach é bun agus barr an daonlathais go gcaitear go cothrom macánta le chuile shaoránach, nó mar adeir Forógra na Poblachta s’againne…

To cherish all the children of the nation equally.

Agus leis an scéal a dhéanamh níos measa, dá bhféadfaí sin a dhéanamh, déantar roinnt na caillí ar chúrsaí, nuair a bhíonn buntáistí le bronnadh ar a chúram ag ár ndaonlathas, ach, nuair a bhíonn mí-bhuntáistí le bronnadh, ní hiad lucht an airgid, nó lucht na cumhachta, a bhíonn faoi’n ruball, an babhta seo. Ní hiad muis! ach an dream gan airgead, gan chumhacht, gan stádas, arís, faoi mar a tharrlaíonn chuile bhabhta.

Anois, nílim ag maíomh gurb é sin mo leagan fhéin ar chúrsaí, ach gan dabht ar domhan, táid ann a chreideann gur mar sin atá in Éirinn na linne seo, agus chomh fada is atá, ní bheidh pobal aontaithe, comharsanúil, daonna, againn sa tír seo. Le daonlathas ceart, cóir, cothrom, a chur ar bun anseo, caithfear na míbuntáistí a roinnt go cothrom, macánta, ar chuile shaoránach, chomh fada agus is féidir a leithéid a dhéanamh, sa chaoi go mbeadh chuile dhuine ag iompar a chuid cothrom fhéin den ualach, agus ar an dtaobh eile de’n scéal ansin, go gcaithfí go macánta, cothrom, cóir, leis-sean freisin, i roinnt na mbuntáistí.

An bhfuil a leithéid indéanta? Ar bhealach, nach cuma faoi sin? chomh fada is atá an Stát ar a dhícheall ag iarraidh an sprioc sin a bhaint amach, mar sa chás sin, tuigfidh an saoránach nach bhfuiiltear ag iarraidh leatrom a dhéanamh airsean, ach go háirithe.

Fút fhéin atá sé

Fágfaidh mé an chuid eile de ráiteas Dickens fút fhéin. An n-aontófása leis an ráiteas, gurbh í ré na heagna agus ré na haimidí a bhí ann in aimsir an údair cháiliúil sin? Agus le dul píosa eile leis an scéal, céard faoi’n aois seo ‘gainne?

Sea, agus céard faoi thréimhse an chreidimh agus tréimhse na creidmheachta? An bhfeilfeadh na téarmaí sin d’aois Dickens nó don aois s’againne?

gaGaeilge