.

L e a b h a r B e a g N e a m h c h o i t i a n t a .

.

*****************************************

.

The Invention of Dr Cake………..céadchló…………2003.

l e……………………………………………………………………………..

A n d r e w M o t i o n ……………………………UK £12.99.

.

******************************************

.

Tháinig mé ar an leabhar beag neamhchoitianta seo, ar na mallaibh, agus bíodh go raibh orm é a léamh cupla babhta, le ciall iomlán a fháisceadh as, ag an am gcéanna, cheap mé gurbh fhiú dom, píosa a scríobh faoi, anseo i mBéal an Phobail, nó is annamh a thagann duine trasna ar leabhar dá leithéid. Tá an leabhar seo neamhchoitianta, ar dhá chúis, ar a laghad.

.

Ar an gcéad dul síos, is leabhar é le file Chúirt Shasana, nó leis an “Poet Laureate”, mar a thugtar air thall. Is annamh go maith a chloisimid faoin bhfear céanna sin, bíodh go bhfuil an-chuid curtha i gcrích aige, mar fhile, agus mar scríbhneoir. Rugadh an fear céanna sin, sa bhliain 1952, rud a fhágann go bhfuil an leathchéad sáraithe aige, faoin am seo. Cuireadh scolaíocht air in Ollscoil Oxford, agus tá mám duaiseanna liteartha gnóite aige, cheana. Duaiseanna ar nós, “The Whitbread Prize for Biography”, duais “Dylan Thomas”, agus tuilleadh. Tá sé ina Ollamh le Filíocht, in Ollscoil East Anglia, agus faoi mar adúirt mé thuas, ceapadh é ina Fhile Cúirte, sa bhliain 1999. Is féidir linn, mar sin, glacadh leis, go bhfuil fios a cheirde, i mbun pinn, foghlamtha, agus foghlamtha go maith aige, faoi’n am seo.

.

Ar an dara dul síos, is leabhar neamhchoitianta é, toisc gur leabhar lorgaireachta, leabhar beathaisnéise, agus leabhar fiannaíochta fiú, (fiannaíocht le – f – beag, dár ndóigh,) curtha i dtoll a chéile ag an bhfear seo a bhfuil a ainm in airde mar bheathaisnéisí, agus mar fhile, le blianta fada anois. I ndáiríre, is mó de leabhar lorgaireachta nó de leabhar beathaisnéise é.

.

D’fhéadfá a rá, gurb é an Dochtúir Cake, an príomhcharachtar sa scéal seo, fear a chaith seal ag staidéar, agus ag cleachtadh a cheirde, i gcathair Londain, a d’imigh ansin ar seachrán ar fud na hEorpa, ar feadh seal de bhlianta, agus ansin ar deireadh thiar, a d’fhill ar Shasana arís, ach an babhta seo, in ionad leanúint leis ag cleachtadh a cheirde i gcathair Londain, d’imigh leis amach faoin tuath, agus chuaigh i mbun a oibre arís, i mbaile Woodham, áit ar chaith sé an chuid eile dá shaol, ag saothrú ar a mhíle dhícheall, ar son a phobail. I rith an chuid deiridh sin dá shaol, níor tharraing sé aird na tíre air fhéin, ach amháin, nuair a d’fhoilsíodh sé altanna sna hIrisí Leighis. Ní raibh ag cónaí in éindí leis ach a bhean tí. Bhí an-chuid leabhar aige, agus an té a scrúdódh na leabhair sin, ní fhéadfadh sé gan tabhairt faoi deara, go raibh spéis faoi leith ag an nDochtúir Cake i bhfilíocht agus i ndráma. B’fhear lách, cineálta, carthannach é, a raibh “gnaoi agus gean ag gach n-aon air”.

.

Nuair a bhí an t-údar ag déanamh taighde le leabhar faoi John Keats a chur i dtoll a chéile, roinnt bheag blianta ó shoin, tháinig sé ar charachtar, ar chuir sé suim ann, an Dochtúir Tabor.

…”partly because I’d discovered someone else during my researches, whom I felt would stretch still further the way I thought about the connection between life and art. His name was William Tabor.”

Ar ball, agus an leabhar faoi Keats curtha dhe aige, d’fhill sé ar an nDochtúir Tabor arís, agus i Leabharlann Choláiste Ríoga na Máinlianna, tháinig sé ar pháipéir an Dochtúra.

“… and was led in due course to the Library of the Royal College of Surgeons, where Tabor’s papers were deposited soon after his death in 1850. When I began to look at them properly, I saw that the real fascination with Tabor’s story didn’t lie with the man himself, but with someone he had met; a certain Dr. John Cake.

.

Choinnigh an Dr. Tabor cuntas ar chuile chuairt a thug sé ar othair, agus ar thug othair air, le linn na mblianta a chaith sé ag cleachtadh a cheirde i Finchley, ar imeall chathair Londain. Ba iad na cuntais sin an chuid ba mhó de na páipéir a tugadh do Choláiste Ríoga na Máinlianna, sa bhliain 1850. Ach i measc na bpáipéar sin freisin, bhí roinnt bheag eile, ar chuir an t-údar, Andreaw Motion, suim ar dóigh ionntu. Bhí le fáil sna páipéir sin, cuntas ar an bhfógra mairbh a scríobh an Dr. Tabor faoi John Cake, agus chomh maith le sin, bhí dhá phíosa eile ina gcuireann sé síos ar an teangmháil a bhí aige fhéin leis an nDochtúir Cake, agus ar an gcomhrá a tharla eatarthu, ar na hócáidí sin. Breathnaigh ar an gcaoi a chuireann sé síos ar an gcaoi ar casadh ar a chéile iad, a chéaduair….

My acquaintance with Dr John Cake of Woodham in the county of Essex has been occasioned by my knowledge of his medical work. While preparing my Survey, I have taken it upon myself to complement my findings, and solidify my conclusions, by seeking out various others whose interests coincide with my own. Dr. Cake, having produced a number of articles which report on the circumstances of his neighbourhood, was an obvious choice, and I did not hesitate to write to him, even while he was still a stranger to me.

Ba de thaisme, mar sin, a tharla an teangmháil sin eatarthu, agus ar ball, chuadar níos fuide na sin leis an gcaradas a snaidhmeadh eatarthu, nó thug Tabor cupla cuairt ar an nDochtúir Cake, ina theach fhéin, i Woodham. I rith na gcuairteanna sin, tharla comhráite scolártha eatarthu, iad ag cíoradh, agus ag spíonadh, cúrsaí morálta, filíochta, liteartha, agus pearsantachta. Níl fúm anseo, cur síos mion a dhéanamh ar na comhráite céanna sin, nó is féidir leis an léitheoir cúr síos mion fúthu sin, a léamh sa leabhar seo, “The Invention of Dr. Cake”, ach faoi’n am ar tharla na comhráite sin, bhí an Dr. Cake in ísle brí, i ndáiríre, agus ba é críoch an scéil é, go bhfuair sé bás, go gairid ina dhiaidh sin. Ní gá a rá, go raibh Tabor i láthair ag an sochraid, agus tar éis dóibh an chré a dháileadh leis an Dr. Cake, casadh bean tí an dochtúra ar Tabor, agus thug sí cuireadh dó, teacht ar chuairt chuici, ach níor dhein sé rud uirthi, agus ansin, d’iarr sí air, fógra mairbh a scríobh, don pháipéar áitiúil. D’aontaigh sé chuige sin, agus dhein sé amhlaidh, ar ball. Fuair Cake bás i Lúnasa na bliana, 1844, agus bhí rud ait amháin ag baint lena chónra. Rud a chuir a sháith ionaidh ar an nDochtúir Tabor, agus sin, nach raibh ainm ar bith ar phláta brollaigh na cónra céanna sin. Ní gá a rá, gur chuir sé ionadh freisin ar ár n-údar, Andrew Motion.

.

Bhí dhá ní eile i measc pháipéirí an Dr Tabor, a fritheadh i Leabharlann Ríoga na Máinlianna, agus b’in dhá litir a scríobh, bean tí an Dr. Cake, Mrs Aileen Reilly, chuig Tabor. Sa chéad cheann, gabhann sí a buíochas leis, as a chomhbhrón ar bhás an Dochtúra Cake, agus sa dara ceann, luann sí gur sheol sí beart chuige, nó, dár lei, thuig an bheirt acu, faoin am sin, nach raibh mórán ama fágtha aici fhéin ar an saol seo.

.

I gcás an dara litir úd, féach mar a scríobh sí…

Please find enclosed the packet of which we have often spoken during your visits……Now that we both understand my time is short, my mind is made up. It will be yours for you to do with it as you decide.

A.R.

Scríobhadh an litir sin, ar an 26 Deireadh Fómhair, 1849, cúig bliana tar éis bháis Cake fhéin, agus cuireadh cóngarach dó í, i Reilg Naomh Mhuire, Woodham.

Téann an t-údar i mbun oibre ansin, agus é ag iarraidh ciall eicínt a bhaint as an bhfaisnéis, agus as an bhfianaise uilig, a bhailigh sé, i Leabharlann na Máinlianna.

Anois, mar is eol dúinn, bhí dianstaidéar déanta cheana ag an údar, ar bheatha agus ar shaothar John Keats, agus tuigeadh dó, go raibh an-chosúlachtaí idir Keats agus Cake.

 Cosúil le Cake, rugadh Keats sa bhliain 1795. Fuair a chuid scolaíochta i gcathair Londain. Chuaig mar phrintíseaach chuig Poitigéir, agus ansin, chuaigh ag staidéar Leighis, i Guys Hospital. Tuigeadh ansin go n-éireodh go seoigh leis mar dhochtúir.
 Déirigh sé as an ndochtúireacht seal, agus chuaigh ag fánaíocht timpeall, agus ag scríobh.
 Bhuail eitinn é, agus chaith sé dhá bhliain, ag iarraidh an lámh uachtair a fháil ar an ngalar uafásach céanna sin. Ba sa tréimhse sin, a scríobh sé na dánta a chuir a ainm in airde i measc lucht litríochta. Ní hionann sin is a rá, gur thuill na dánta sin clú agus cáil uilíoch dó, nó bhí daoine áirithe ann, a cháin go géar iad, ach tá siad ansin, mar oidhreacht uaidh.
 Sa bhliain 1820, agus é ag iarraidh bua a fháil ar a ghalar, sheol sé chun na hEadáile, mar ar bhásaigh sé, sa Róimh, an tEarrach dár gcionn, agus gan ach na cúig bliana fichead slánaithe aige.

Anois, bhí tuairim eicínt ag Tabor, gurbh é Cake Keats, agus b’fhéidir go raibh sé chun leabhar a fhoilsiú, le sin a chruthú, ach pé scéal é, níor chuir sé an chuspóir sin i gcrích i ndeireadh na dála, nó b’fhéidir gur cheap sé, go ndéanfaí ceap magaidh de, os comhair an tsaoil mhóir, dá ndéanfadh, agus céard a rinne sé ach saothar filíochta a fhoilsiú, agus d’fheicfeadh duine ar bith, nach raibh cosúlacht dá laghad ag na dánta sin, leis na dánta a scríobh Tabor, mar fhear óg, ach go raibh an-chosúlacht eatarhtu agus dánta Keats, agus fiú an t-ainm a bhaist sé ar an saothar filíochta sin, “Hyperion and Other Poems, nach raibh macalla shaothar Keats le sonrú ar an teideal céanna sin.

Cá bhfuair Tabor na dánta Keatsacha sin, an ea?

.

Nach cuimhin leat an beart úd a luaigh Mrs Reilly ina litir dheiridh chuig Tabor? Nach bhféadfadh go raibh slam de dhánta Keats bailithe sa bheart sin, ag Cake fhéin, le tabhairt do Tabor, ó tharla gur chuir Tabor an oiread sin suime i Keats fhéin, agus a shaothar. Agus freisin, nach bhfuil chuile sheans ann, gur tuigeadh do Cake, go raibh a rún scaoilte ag Tabor, agus dá bharr sin, nárbh aon dochar é, na dánta úd a fhágáil le huacht aige?

.

Sin an scéal atá á mheá, agus á mheas, ag an údar, ag Andrew Motion, sa leabhar seo, agus caithfear a rá gur éirigh leis, méar na féidearthachta a shíneadh i dtreo na teoirice, gurbh é Cake Keats. Ní hé mo thuairim go gcreidfear é, ar an mór gcóir, ach ag an am gcéanna, cuirfidh sé daoine ag smaoineamh arís, ar shaol agus ar shaothar an fhile úd, John Keats.

.

Caithfidh mé a admháil áfach, gur bhain mé taitneamh as mar leabhar, nó in éineacht leis an teoiric úd, a luaigh mé, is iontach an píosa lorgaireachta a dhéanann an t-údar a leagan os ár gcomhair amach.

Má thagann tú trasna ar an leabhar seo, tá mé cinnte go mbainfidh tú taitneamh as.

.

.

******************

Peadar Bairéad.

******************

  .

gaGaeilge