.

L e a b h a r n u a l e J o h n G r i s h a m .

.

*********************************

.

B l e a c h e r s ……………………………………………..céadchló……….2003.

Le

J o h n G r i s h a m………………………………………………………..€ 12.99.

.

***********************************

.

Dea-scéal agam arís do lucht leanta an údair cháiliúil sin, John Grisham, nó tá leabhar nua dá chuid le fáil anois, ar sheilpeanna na Siopaí Leabhar, mar ní call dom a rá, go mbíonn an dream céanna sin ar chipíní, chuile bhabhta a chloiseann siad go bhfuil leabhar nua curtha ar fáil ag an sár-údar céanna sin. Ní gá dhom a rá, nach é seo an chéad leabhar a shil chugainn óna pheann líofa, nó tá cúig leabhar déag eile curtha ar fáil aige, go nuige seo. Ní gá dhom anois an liosta iomlán sin a lua, nó is dócha gur chuimhin libh roinnt mhaith acu, mar scríobhadh píosa faoi chuile cheann acu, sa cholún seo, de réir mar a foilsíodh iad. Mar is eol daoibh, is le dlí a chuaigh an t-údar seo, i dtosach báire, agus tar éis dó scathamh a chaitheamh i mbun na ceirde sin, d’éirigh leis leabhar mór-ráchairte a chur ar an margadh. Chuir an leabhar sin cor ina chinniúint, nó tuigeadh dó, go bhféadfadh sé teacht i dtír ar an scríbhneoireacht feasta, agus b’in é díreach ar dhein sé, agus ón lá sin anuas go dtí an lá atá inniu ann, shil caise de leabhair mhór-ráchairte óna phean líofa draíochta anuas. Ní gá ach cupla ainm a lua anseo, le sin a chur in iúl. Cuimhnigh ar theidil cosúil le……..

The Firm, The Chamber, The Runaway Jury, The Brethren, The King of Torts.

le blas dá shaothar a chur ar do theanga dhuit. Bhain chuile cheann acu sin leis an Dlí, nó is dócha gur mhothaigh sé go raibh saineolas aige fhéin faoi chúrsaí an ábhair chasta chéanna sin. Is fíor gur scríobh sé cupla leabhar, roimhe seo, nach raibh bunaithe ar an ábhar sin, leabhair cosúil le …

……..A Painted House, agus Skipping Christmas…….

Bhuel, seo an tríú leabhar anois uaidh ina roghnaíonn sé ábhar nach bhfuil baint ar bith aige le cúrsaí dlí.

Dúirt mé cheana, agus mé ag cur síos ar an dá leabhar sin… “A Painted House” agus “Skipping Christmas”, gur chosúil go raibh socraithe ag an údar, go raibh a dhóthain airgid saothraithe aige faoi seo, agus go raibh sé in am aige anois, leathnú amach, agus aghaidh a thabhairt ar ábhair a bhí, b’fhéidir, gar dá chroí fhéin, agus is dócha, ar bhealach eicínt, go bhféadfainn an rud céanna a rá faoin leabhar seo is déanaí uaidh, sé sin, go bhfuil sé ag deighleáil le gnó neamhchríochnaithe, aniar as gort órga a óige.

Céard tá idir chamáin aige, mar sin, sa leabhar nua seo? adéarfadh duine, b’fhéidir.

Bhuel, is é atá á phlé aige sa scéal seo, nó laethe a óige, idir scolaíocht, cluichí, suirí, fadhbanna, cairde, agus eascairde, agus chuile shórt eile, a fhágann a rian fhéin ar an bhfear fásta a shíolraíonn as ithir thorthúil na hóige. “Bleachers” a bhaist sé ar an leabhar seo, agus is é ciall atá leis an bhfocal sin, go háirithe sna Stáit Aontaithe, nó na suíocháin fhada adhmaid sin, a bhíonn socraithe don lucht féachana, ag Páirc Peile, le deis suí a chur ar fáil do lucht leanta an chluiche, ach ag an am gcéanna, ní chosnaíonn na suíocháin sin an iomarca, ó tharlaíonn nach mbíonn díon, nó tada ar bith dá leithéid, os a gcionn in airde. Sin iad na Bleachers anois agat. Agus tagann siad isteach sa scéal seo, go minic, nó is orthu sin a bhailíonn an t-údar lucht an torraimh, agus na sochraide, mar a fheicfeas muid ar ball.

Anois, don té a bhfuil leabhair uilig Grisham léite aige, faoi mar atá agam fhéin, tá an-difir idir an ceann seo, agus na leabhair mhóra, toirtiúla, eile, a chuir sé ar fáil dúinn, go nuige seo, má fhágann tú Skipping Christmas as an áireamh, nó níl idir chlúdaigh an leabhair seo ach 163 leathanach, agus an scéal roinnte i gceithre ranna, a shíneann ón Máirt go dtí an Aoine, ceithre lá, mar adéarfá, agus tharlaíonn gníomhaíocht an scéil ar fad idir na teorainneacha sin. De réir mar a théann tú tríd an scéal seo, feictear dhuit, diaidh ar ndiaidh, chomh cliste, ealaíonta, inchreidte, is a leagann an t-údar a scéal os ar gcomhair amach.

Is dócha go bhféadfá a rá, gurb é Neely Crenshaw an príomhcharachtar sa scéal iontach seo. Tuigtear dúinn, gurbh é Neely an “Quarterback” ab fhearr a d’imir Peil riamh le “Spartans” do-dhearmadta Messina. Ba é ba Oiliúnóir Peile na hArdscoile sin nó Eddie Rake, fear a raibh clú agus cáil bainte amach aige mar “Coach”, in Ardscoil an bhaile sin Messina. Níorbh aon ribín réidh é an tOiliúnóir céanna sin, nó bhí sé fíor-dhian ar a Pheileadóirí, bíodh siad ag traenáil, nó ag imirt dó. Ní raibh aon áit ina chroí aige, do mheatacht, do chladhaireacht, nó do leisce. Ba é an deilín a bhíodh de shíor á chanadh aige nó, ná géill, ná tarraing siar, cuma cén chaoi a bhfuil cúrsaí ag dul. Tabhair le fios don namhaid, go bhfuil fear a bharrtha os a chomhair amach, má leanann tú an creideamh sin, béarfaidh tú bua, agus déanta na fírinne, chruthaigh sé sin dá imreoirí, do mhuintir an bhaile, agus do leantóirí na Spartans, mar a bhaist sé ar a fhoireann. Ní gá dhom a rá anseo, gur Peil Mheiriceánach atá i gceist againn sa scéal seo. Má ghlacann tú leis na fíricí sin, caithfidh tú glacadh leis freisin, go mbeidh easaontas, anois is arís, idir Oiliúnóir agus Imreoirí, agus b’in mar a tharla i gcás roinnt áirithe de na Spartans, Neely ina measc. Ar ball, gortaíodh Neely, sár a raibh áiméar aige cáil náisiúnta a bhaint amach dó fhéin, agus ba é toradh an ghortaithe chéanna sin nó, gur cuireadh críoch obann le réim Neely mar Pheileadóir Náisiúnta. Chomh maith le sin, tharla eachtra idir é fhéin agus Rake, eachtra inar buaileadh buillí, agus inar leagadh droichid.

Ná síl anois, gurbh é sin scéal bhunús na n-imreoirí a d’fhoghlaim a gceird ón Oiliúnoir draíochta sin Rake, nó raghadh roinnt mhaith acu go leaca Ifrinn le gar a dhéanamh dá nOiliúnóir iontach.

Tá sin uilig tarlaithe roimh thús an scéil seo, agus anois, tá an Coach iontach seo i mbéal an bháis, agus gan biseach i ndán dó. Leath an scéal sin i bhfad agus i ngearr, agus ba é toradh a bhí ar an scéal céanna sin nó gur bhailigh bunús Imreoirí na Spartans, Foirne Eddie Rake, agus d’fhan sa timpeallacht, agus iad ag fanacht le bás an tsár-oiliúnóir céanna sin. Tagann siad le chéile ina ndreanamma agus ina mbaiclí, thall is abhus, agus scagann siad scéal Rake, iad ag lua uasphointí a réime, agus na híosphointí freisin, agus chuireadar sin uilig sa mheá, le breith chóir a thabhairt ar an gCoach Rake. Sin an fáth a bhfuil an scéal leagtha amach thar thréimhse chomh gearr sin, nó sa tréimhse sin, fanann an baile agus na himreoirí go foighdeach le bás a gcuraidh, bíodh gur thugadar bata agus bóthar dó, i ndeireadh a laethe thiar.

Ina dhiaidh sin, leath scéal a bháis, faoi mar a bheadh scamall an bhróin, thar Mhessina uilig, agus ansin le críoch a chur lena scéal, bailíonn an t-údar idir lucht an bhaile agus na hiar-imreoirí, i bPáirc na Peile, ar ar baisteadh “Páirc Rake”, lena laoch a fhaire. Agus an lá dár gcionn, lá na sochraide, d’éirigh leis an Oiliúnóir cúrsaí a stiúradh ón dtaobh thall, nó bhí treoracha fágtha ina dhiaidh aige, agus sna treoracha sin, d’éirigh leis triúr a roghnú, le hadhmholadh a thabhairt. Ní call a rá, go raibh Neely Crenshaw i measc an trír chéanna sin. Bhuel, thug an leagan amach sin deis don údar snáitheanna iomadúla an scéil a fhí ina chéile, le taipéis álainn ildaite a chruthú as saol agus as saothar Rake, na n-imreoirí, agus lucht an bhaile.

Maitheadh éagóracha, míníodh míthuiscintí, agus tuigeadh do chách, i ndeireadh na dála, go mba dhuine daonna é an Coach Rake, a ndála uilig, ach ag an am gcéanna, go mba laoch ar dóigh é, laoch nach bhfeicfí a leithéid go deo ina measc arís. Féach mar a chuir Neely é, ina óráid……

“We will leave here today without the physical presence or our Coach. But his spirit will live in the hearts and minds and souls of all the young boys he touched, all the kids who became men under Eddie Rake. His spirit will move us and motivate us and comfort us for the rest of our lives, I guess.”

Sea, mh’anam, níor bheag de theist ar “Coach” ar bith é, a leithéid a bheith le rá ag dalta dá chuid, lá na leice.

Caithfidh mé a admháil, gur bheag nár bhain an scéal seo deoir asam, nó go minic tríd an leabhar, d’éireodh leis an údar a mhéar a leagan ar an mbeo, sa chaoi go bhfeicfeá léargus eicínt de do shaol fhéin sníofa trí shnáitheanna ildaite an scéil. Ach, fágfaidh mé fút fhéin é, do bhreith fhéin a thabhairt ar an scéal seo. Agus bíodh nach bhfuil sé chomh fada leis na scéalta eile, ón údar céanna seo, sílim gur éirigh leis an mórán a chur sa mbeagán, agus is fearrde an scéal a leithéid a bheith curtha i gcrích aige.

*****************

Peadar Bairéad.

*****************

.

gaGaeilge