La Cuesta Encantada, nó, an Cnocán Draíochta.

(Hearst Castle)

Peadar Bairéad

.

Bóithrín na Smaointe

Ar mo thaisteal siar dom ar bhóithrín na smaointe, tháinig mé ar na píosaí a scríobh mé, blianta fada ó shoin, faoi’n gcuairt a thugamar ar an gCnocán Draíochta úd, le linn dúinn bheith ar saoire thall sna Stáit, agus muid ag fámaireacht linn ó iontas amháin go hionas eile, i Stát ollmhór Chalfóirnia. Agus ó tharla gurbh fhada muid ag éisteacht le scéalta faoi Chaisleán draíochta Hearst, a dhear an t-ailtire cáiliúil, Julia Morgan, in óige na haoise seo caite, shocromar ar chuairt a thabhairt ar an bhfoirgneamh cáiliúil, stairiúil, sin.

Shaothraigh George Hearst lear mór airgid trí mhianadóireacht, a cheaduair, agus ansin trí thailte a cheannacht go dtí go raibh rainse ollmnhór aige thart ar San Simeon, tailte a cheannaigh sé, amannta, ar sheachtó Ceint an acra! Phós sé Phoebe Apperson, agus bhí mac amháin acu, mac a rugadh ar an 29u lá d’Aibreán 1863, ar ar bhaist siad William Randolph. Ó tharla go raibh raidhse airgid ag George, bhí ar chumas a mhná Phoebe, Willie óg a thabhairt lei ar an ‘Grand Tour of Europe’, turas a mhair ar feadh ocht mhí dhéag, agus thug sin deis do Willie óg eolas a chur ar chúrsaí cultúir agus ealaíon na Mór Roinne sin, rud a chabhraigh le William fís a chruthú ina aigne fhéin, ar shaol inmhianaithe, ealaíonta, a raibh sé sásta an chuid eile dá shaol a chaitheamh ar a tóir. Chláraigh sé mar Mhac Léinn i gColáiste Harvard, sa bhliain 1882, agus bíodh gur chaith sé tréimhse fada ansin, mar ar léirigh sé a shuim i gcúrsaí cultúir agus ealaion, níor éirigh leis céim a bhaint amach. D’fhág sé Harvard ina dhiaidh agus chuaigh le hIriseoireacht, agus ba ghearr go raibh tionchar ollmhór aige ar chúrsaí iriseoireachta ó cheann ceann na Stát. Phós se Millicent Wilson agus é ina dhaicheadú bliain, agus bhí cúigear clainne orthu, agus sa bhliain 1919, roghnaigh William Randolph Julia Morgan mar ailtire, le príomh-theach agus tithe do chuairteoirí a thógail ar San Simeon, a Rainse ollmhór. Roghnaigh sé an Cnocan Draiochta mar shuíomh do na foirgintí sin, nó La Cuesta Encantada’, mar a bhaist William Randolph fhéin air. Mar sin, bhí ceithre theach i gceist, i ndáiríre, an Príomhtheach, nó an Casa Grande’, agus trí theach so chuairteoirí, nó tá’s againn anois, go raibh nós aige cuireadh a thabhairt do mhaithe móra agus d’uaisle na cruinne, seal a chaitheamh ina fhochair ar an gCnocán Draíochta ansin ar a Rainse ollmhór ar San Simeon.

Réaladh físe

Chuaigh sé fhéin agus a Ailtire Julia Morgan i mbun oibre sa bhliain 1919 agus throid siad a slí trí dheacrachtaí iomadúla le críoch a chur lena bhfís, sa bhliain 1947. Ach cailleadh William fhéin sa bhliain 1951, sára raibh am aige, i ndáiríre, suí síos agus pléisiúr a bhaint as toradh a shaothair, agus le comhlíonadh a fhíse a fheiceáil, agus le taitneamh a bhaint as. Ach murar bhain William Randolph fhéin lán-taitneamh as a chaisleán álainn ar an gCnocán Draíochta úd, ní hionann sin is a rá nár bhain an saol mór is a Mham taitneamh agus sásamh as foirfeacht, agus áilleacht na físe a chruthaigh sé fhéin agus Julia Morgan ar an gCuesta Encantada, ansin i Stát ollmhór Chalafórnia agus mar chloch phréacháin ar sin uilig, cuirtear ar a gcumas breathnú ar na saothair ealaíne, agus ar na seandachtaí uilig, a bhailigh Hearst ó cheann ceann na cruinne, lena chaisleán álainn a mhaisiú, agus dá chruthú sin, tagann thart ar mhilliún duine ar chuairt chuig an Caisleán úd, chuile bhliain.

Bhásaigh Hearst sa bhliain 1951, in aois a hocht mbliana is ceithre scór agus sa bhliain 1957 bhronn an ‘Hearst Corporation’ an ‘San Simeon esate’ ar Stát Chailifóírnia, lena oidhreacht a chaomhnú, a chosaint, agus a fhorbairt, agus chuige sin, sa bhliain 1958, deineadh Hearst Castle a oscailt, a chéaduair, don phobal, mar Shéadchomhartha Náisiúnta, agus ón lá sin amach, tugann breis is milliún cuairteoir aghaidh ar an suíomh sin ar an gCuesta Encantada, chuile bhliain, le radharc a fháil ar ‘the Hearst San Simeon State Historical Monument’ sin.

.

gaGaeilge