Le Toil na nGrásta

Peadar Bairéad

Is dócha gur chuimhin le roinnt mhaith daoine línte úd Raifteirí, ina dhán faoi Mháire Ní Eidhin. Ar a bhealach chun an Aifrinn a bhí an file, ag an am, agus seo mar a chuir sé é…

“Ag dul chun an Aifrinn le toil na nGrásta”

Bhí an ceart ag an bhfile sa mhéid gur le toil na nGrásta céanna sin a éiríonn linn uilig aghaidh a thabhairt ar an gCeiliúradh neamhaí sin, agus don té a chreideann a gcreideann sé, nach míorúilteach an tarlúint é an ceiliúradh céanna sin. Nach deacair a chreidiúint, go gcreidfeadh creidmheach ar bith fíric sin a chreidimh.

Céard tá idir chamáin agam, an ea?

Cé chreidfeadh, go bhféadfadh Dia mór uilechomhachtach na Glóire fhéin, a chumhacht, is a bheith gan teorainn, a dhingeadh isteach in abhlainn bheag, bhán, chruinn, aráin? Ach ag an am gcéanna, cé déarfadh nach bhféadfadh sé a leithéid a dhéanamh?

Ach nach é sin ár gcreideamh, nuair a ghlacann muid le fírinne theagasc an transubstaintithe, faoi mar a thugann na Diagairí léannta ar an bhfoirceadal dothuigthe seo.

Má bhreathnaíonn muid ar an gCríostaí agus é ar a bhealach chun an Aifrinn, “le toil na nGrásta”, nach ionann é agus oilithreach ar a shlí go scrín rúnda a chreidimh. É ar a bhealach go pálás an Rí fhéin, lena dhílseacht agus a ghéillsine dósan a chur in iúl go poiblí. Ar a bhealach isteach san Eaglais dó, smaoiníonn sé ar nós na sean, ar ócáid dá leithéid, nuair a thumadh siad a méireanna san uisce coisricthe, agus nuair a chraitheadh siad an t-uisce sin ar an urlár trí huaire, in Ainm na Tríonóide, nó tuigeadh dóibh go raibh anamnacha na marbh bailithe ansin, agus iad ag súil le paidreacha na gcreidmheach ar a mbealach isteach, le freastal ar an Aifreann. Nárbh fheiliúnach an cleachtas é cuireadh a thabhairt dár ngaolta agus dár gcairde fhéin teacht inár gcosamar, leis an Aifreann a éisteacht.

Tuige, an ea?

Bhuel, ó tharla gur chuid den Eaglais fós iad na Críostaithe atá imithe romhainn ar shlí na Fírinne, bídís ag fanúint go foighdeach sa Phurgadóir, nó bídís, cheana féin, páirteach sa Ghlóir Shíoraí, nach luíonn sé le réasún, gur chóir go bhféadfadh siad bheith linn le linn an Cheiliúrtha neamhaí seo? Sea, agus nach mór an sólás é don té a chaill cara, nó gaol, go bhféadfadh sé seal tairbheach a chaitheamh ina chomhluadar, mar bhaill de Phobal Dé, le linn an Aifrinn.

Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh freisin, do chroí an Aifrinn fhéin nuair a thagann an Tiarna fhéin ar chuairt chugainn, agus nuair a éiríonn leis an Dia mór uilechomhachtach, é fhéin is a Chúirt Bheannaithe spás a fháil i mbeith teoranta an chreidmhigh. Ag an bpointe sin, nach ionann an creidmheach céanna sin agus eisteansóir ór-ghathach, agus an Chúirt Neamhaí timpeall air, sea, agus é ag feidhmiú mar bhall de chorp mistiúil Chríost

gaGaeilge