Leabhar dodhearmadta

.

LEFT TO TELL    by Immaculée Ilibagiza

Discovering God Amidst the Rwandan Holocaust –

.

Bean inste scéil

Nach minic a chualamar uilig an sean-nath cainte úd…fear inste scéil… nath a thug le tuiscint go bhfágann Dia fear amháin, ar a laghad, tar éis áir, nó tubaiste ar bith, leis an scéal a insint do chach le heolas a leasa a chur ar fáil dóibh, ar ball. I gcás an leabhair seo áfach, roghnaíodh bean, leis an ngnó céanna sin a dhéanamh, agus nárbh í a dhein go seoigh é?

Cén t-ár, nó tubaiste, atá idir chamáin againn sa scéal seo, an ea?

Tá. Scéal uafar, scannrúil, faoi’n iarracht a deineadh i Rwanda, sa bhliain 1994 ar chinedhíothú a imirt ar na Tutsithe. Ba iad na Hutu a rinne an iarracht sin, agus mhair an marú, agus an t-ár, ar feadh trí mhí, nuair a deineadh sár-iarracht ar chuile Tutsi sa tír a mharú, idir óg agus aosta; idir fhir is mhná; saibhir agus daibhir. Ach, trí mhíorúilt eicínt, d’éirigh leis an údar, Immaculée, teacht slán tríd an mbúistéireacht go léir.

Conas a tharla, gur éirigh le cailín óg, dhá bhliain is fiche d’aois, ag an am, conas a d’éirigh lei teacht slán ón éirleach uilíoch a bhí ar siúl ó cheann ceann na tíre, an tráth úd?

Ochtar i bhfolach i Seomra Folcaidh!

D’éirigh lei foscadh a fháil, í fhéin agus seachtar ban eile, fuaireadar bheith istigh ó Thréadaí, arbh Hutu é, agus istigh i seomra folcaidh beag, cúng, a raibh a dhoras folaithe ag vardrús, ar an dtaobh amuigh. Ní raibh áit acu fiú luí ar an urlár, an t-ochtar acu, ach d’éirigh leo, ar bhealach eicínt, maireachtaint ansin ar feadh breis is nócha lá, agus gan de bhia acu ach pé goblach a d’éireodh leis an Urramach a thál orthu, i ngan fhios, agus smaoinigh go mba Tutu é an tUrramach sin.

Cuireadh bunús mhuintir Ilibagiza chun báis, agus scriosadh a dteach cónaithe. Maraíodh freisin, mórán dá cairde, agus dá comharsana, agus ba trí dheonú Dé a tháinig Immaculée fhéin slán ón tubaiste uafar, ifreannda, sin. Féach mar a chuireann sí síos ar an seomra folcaidh úd agus an baol trínar ghabh sí…..  

“I heard the killers call my name,

They were on the other side of the wall, and less than an inch of plaster and wood separated us. Their voices were cold, hard, and determined.

‘She’s here…we know she’s here somewhere…Find her – find Immaculée.”

B’in iad na guthanna a chuala sí, agus í i bhfolach sa seomra folcaidh. Cérbh iad na murdaróirí uafara sin? Cairde agus comharsana ba ea a mbunús. Éist le duine acu…

“I have killed 399 cockroaches”, said one of the killers. “Immaculée will make 400. It’s a good number to kill.”

Caint a léirigh, nach raibh ach meas ciaróige ag na Hutu ar na Tutsithe.

Tír na nÓg, nó Ifreann ar thalamh?

Thuig an bhean óg seo, maraon lena compánaigh, go marófaí ar an dtoirt iad, dá bhfaigheadh siad greim orthu. Ní haon ionadh mar sin, nach raibh gíog nó míog astu, go dtí gur imigh na dúnmharfóirí sin. Nárbh é an saol a bhí iompaithe bun os cionn, ó laethe a hóige. Ina hóige, thuig sí go mba Thír na nÓg í a tír fhéin, Rwanda. Ach anois, bhi chuile short athraithe. agus ar feadh nócha lá, ba chosúla le hIfreann ar thalamh í an tír chéanna sin. Tugann an leabhar seo le fios dúinn gur impigh sí ar Dhia na Glóire iad a shábháil ón dán seo a bhí ag bagairt orthu. Chaith sí bunús a cuid ama ag guí Dé len í a thabhairt slán ón nguais ina raibh sí sáinnithe. Mhaith sí dóibh siúd a bhí ar a tí, agus doibh siúd a mharaigh chuile Tutsi a thit ina líon.

Bheadh sé deacair sárú an leabhair seo, mar léamh spioradálta, a fháil. Cuireann sé ar ár súile dúinn, gur féidir leis an spiorad daonna chuile chonstaic a shárú, agus go bhfuil ar a chumas teacht slán as anachain dá ghéire. D’éirigh le hImmaculée sin a dhéanamh, agus d’éirigh lei freisin, ar ball, saol sona, sásúil, Críostaí, a bhaint amach di fhéin sna Stáit Aontaithe, mar a bhfuil cónaí uirthi leis na blianta.

An-leabhar. An-léamh. An-spreagadh. Bainfidh tú taitneamh as, tá mé ag ceapadh.

.

gaGaeilge