Leabhar neamhghnách

.

The Blue Guitar le John Banville.…£12.99

céadchló………………………………....2015

Peadar Bairéad

.

“Call me Autolycus.”

Sin é go díreach mar a chuireann an t-údar tús leis an úrscéal neamhghnách seo, agus féach mar a théann sé ar aghaidh ón tús céanna sin….

“Call me Autolycus. Well, no, don’t. Although I am, like that unfunny clown, a picker-up of unconsidered trifles. Which is a fancy way of saying I steal things. Always did, as far back as I can remember. I may claim to have been a child prodigy in the fine art of thieving. ”

Nach ait an bealach é sin le tús a chur le h-úrscéal? Ach is dócha go bhfuil cuid de rún an úrscéil seo á léiriú aige sa tús céanna sin. Tá snáithe na héiginteachta á léiriú aige sa tús sin.

…Call me Autolycus. Well, no, don’t, Although I am….” Admhaíonn sé freisin, go mba ghadaí é, bíodh nach bhfuil náire ar bith air faoi sin, nó ní le haghaidh sochair a ghoideann sé, agus ní bhíonn i gceist sa ghoid chéanna sin ach earraí neamhluachmhara, earraí a ghoideann sé óna lucht aitheantais, nó teastaíonn uaidh go bhfeicfeadh sé tionchar a ghadaíochta ar aghaidhthe na ndaoine sin.

Ní gá a rá, go raibh bua na gadaíochta ag Autolycus, bua a fuair sé ,de réir an tseanchais, óna athair, Hermes….

Ach céard faoin údar fhéin?

John Banville an t-údar, fear a bhfuil aithne, agus dhá aithne, air mar úrscéalaí thall is abhus, agus údar a bhfuil ualach asail de dhuaiseanna, ó cheann ceann na cruinne, bainte aige, cheana féin . Éireannach é, a rugadh i gContae Loch gCarman, sa bhliain 1945 a bhfuil clú agus cáil bainte amach aige mar úrscéalaí cheana féin. Is dócha go bfuair sé an t-ainm don úrscéal seo i ndán fada le Wallace Stevens, ‘The Man with the Blue Guitar’, dán a cuireadh i gcló sna triochaidí.

Is é Oliver Otway Orme, O.O.O, príomhcharactar an úrscéil seo. Ba dheacair ‘laoch an scéil’ a bhaisteadh air, nó, dár leis fhéin, ní caractar é, a bhfuil clú nó cáil tuillte aige lena thréithe nó lena scileanna. Seo duine a d’éirigh as a scil mar phéintéir, ar chúis eicínt, duine freisin, a admhaíonn gur gadaí é, bíodh go ndeir sé nach ngoideann sé ach earraí neamhluachmara, earraí a ghoideann sé óna lucht aitheantais. Duine freisin, a ‘ghoideann’ Polly Pettit, bean a charad, Marcus, agus duine é, ag an am gcéanna, a thréigeann, ar feadh timhse, a bhean ‘dhílis’ fhéin, Gloria. Fear is ea Oliver Orme, ar mhaith leis bheith ina laoch ina scéal fhéin, ach teipeann air cur lena mhian, nó lena fhís. Tréigeann a thallann péintéireachta é, agus fiú teipeann air freisin croí a ‘leannáin’, Polly, a ghoid, go fadtéarmach. Éiríonn leis an sár-údar seo a scéal a chrochadh ar na tairní sin, agus agus caithfear a admháil nach chuile údar a d’fhéadfadh éacht dá leithéid a chur i gcrích.

Ach breathnaigh mar a éiríonn leis an údar seo críoch fheiliúnach a chur le scéal seo Ollie an mhí-áidh. D’éirigh idir é fhéin agus Polly, agus i ngan fhios do Ollie maol, d’éirigh a bhean, Gloria, agus Marcas, mór le chéile, sea! agus leis an sméar mhullaigh a chur ar an scéal, d’imigh Polly le Freddie Hyland. Bí ag caint ar chríoch an scéil a bheith mar a d’iarrfadh do bhéal fhéin é a bheith! Ina áit sin, sé atá agat nó críoch ina bhfuil chuile shórt ag iompú béal faoi! ach é uilig ag tarlú faoi bhaitín an údair sciliúil, cliste, seantriailte, John Banville. Agus ag deireadh an scéil, agus chuile shórt léite agat, tuigtear duit go bhfuil an t-údar ar a dhícheall ag iarraidh greim a bhreith ar ruball an tsaoil chasta, do-thuigthe seo, agus gur leag sé os ár gcomhair, foireann carachtar atá ag iarraidh toit a bhaint as an saol, ach nach raibh fágtha acu i ndeireadh na dála ach cuid Pháidín den mheacan, an rubaillín caol!!

An-leabhar, anscéal, an-léamh. Stíl leithleach, plota casta, leabhar neamhghnách, a dhéanann iarracht na sramaí a bhaint dár súile, b’fhéidir!

Bain taitneamh as.  

.

gaGaeilge