I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad.

Cara eile caillte

Chuir mé aithne ar Mhicheál Ó Gabhláin mám maith blianta ó shoin anois, tráth raibh mac liom ag pósadh iníon le Micheál, i Séipéal na hOllscoile in Áth Cliath, agus idir an dá linn, tharla roinnt chomhrá eadrainn ó am go chéile. Ba dhuine é Micheál a raghadh i gcionn ort ar an bpointe boise, nó bhí dáiríreacht, macántacht, agus cairdeas, ag sileadh leis, ó thús. Ba bhreá an comhráiteach é agus eolas leathan aige ar chúrsaí ó chian is ó chongar. B’innealtóir den chéad scoth é, agus eolas leathan aige ar ghnéithe casta a cheirde, agus rinne sé cion fir, tráth rabhthas ag plé go náisiúnta le Cosaint Shibhialta. Chuir sé spéis agus dhá spéis, freisin, i gceist an Gháis Radóin.

Tacaí Mhaigh Eo

B’fhear é nár dhearmad riamh fód a dhúchais thiar, nó ba sa Tuairín a rugadh is a tógadh é, agus dá bharr sin, thug sé tacaíocht iomlán a chroí d’fhoireann peile Mhaigh Eo, chuile lá riamh, agus ba bheag cluiche a d’imir an Contae céanna sin i ngan fhios dó, nó bheadh sé ar an bhfód i gcónaí, lena thacaíocht a chur in iúl do chách. Níorbh aon tacaí dea-aimsire é Micheál s’againne, ach é ag fanacht go foighdeach ar an lá nuair a d’ardódh Captaen Mhaigh Eo Corn Mhic Guidhir go hard, agus é ag ceiliúradh bua Chontae mórchroíoch Mhaigh Eo, sa chluiche a ghráigh sé ó laethe a óige i leith. Faraoir géar dóite! Níor mhair Micheál fada go leor leis an lá sin a cheiliúradh, ach ba é a thuairim láidir, go raibh seans maith ann, go dtarlódh sin i mbliana! B’fhear é Micheál freisin, a thug tacaíocht a chroí dá theanga Náisiúnta, don Ghaeilge bhinnbhriathrach. Cainteoir blasta den scoth ba ea é, sa teanga sin, agus ba dhuine é a bhaineadh úsáid aisti go rialta ina shaol laethúil.

Cúnamh ar fáil

Gan dabht ar domhan, b’fhíor dhuine uasal é Micheál, fear breá, scafánta, téagartha, fear deaiompair, deabhéasach, comharsanúil, agus fear a chuirfeadh a ghuth séimh, taitneamhach, faoi gheasa láithreach thú, agus guth a chuirfeadh ar do shuiamhneas thú, gan aon ró-mhoill. Sea, ní chuile lá a chasfadh fear dá leithéid leat.

Anois, bíodh nach mbíodh muid i gcuideachta a chéile chomh minic sin, ag an am gcéanna, bhí a fhios agam i gcónaí, go raibh Micheál ansin, dá dteastódh a chúnamh, nó a chairdeas uaim, agus ar an ábhar sin mothóidh mé uaim é, sna laethe atá romhainn amach.

Ba mhaith liom mo comhbhrón ó chroí a chur in iúl dá bhean, Eibhlín, dá chlann, dá gharchlann, dá ghaolta, agus dá chairde iomadúla.

Ba mhór ag Micheál an Saol thall, agus dá bharr sin, guímis go raibh áit ag Bord an Tiarna, agus leaba i measc na Naomh aige, anocht agus i dtólamh.

      

gaGaeilge