“N I C E” I N A C H I S A R E A S A I R .
********************************************
Bhuel, tá na Reifreann thart, buíochas le Dia, agus dár le roinnt mhaith daoine, rinne sibh sibh fhéin a náiriú, uair amháin eile! Níl le déanamh agat ach breathnú ar na nuachtáin agus tuigfidh tú fhéin méid an ionaidh a chuir toradh an Reifrinn, ar an Rialtas s’againne, ar Bhallstáit eile an Aontais Eorpaigh, agus ar na Stáit úd a raibh socruithe acu ballraíocht a lorg san Aontas. Dúirt mé go ndearna sibh sibh fhéin a náiriú, uair amháin eile, toisc nár ghlac mé fhéin lámh nó páirt sa Reifreann sin, olc, maith, nó dona. Déanta na fírinne, bhí mé ar laethe saoire thiar in Inis Crabhann, i gContae Shligigh, an lá cinniúnach sin, agus dá bhrí sin, is féidir liom a rá, gur dhein sibh praiseach cheart de, toisc nach raibh mé fhéin anseo le treoir cheart a dheanamh daoibh. Ghlac mé páirt sna Reifrinn eile a ritheadh go nuige seo, agus féach go raibh toradh fónta ar chuile cheann acu, go nuige seo, ach anois, an chéad uair a raibh mé as baile, agus féach cad a tharla? Praiseach cheart!
Ach i ndáiríre, ní dóigh liom gur chuir an toradh ionadh ar mhórán daoine, nó bhí mé fhéin ag caint le daoine áirithe sular caitheadh na vótaí ar an seachtú la de Mheitheamh, agus ba é an tuairim a bhí ag beagnach chuile dhuine acu, nó go ndiúltófaí do Chonradh Nice. Bhí chuile dhuine sásta, déarfainn, go rithfí an dá thairiscint eile a leagadh os comhair na vótóirí, ach I gcás Nice, bhuel, b’in scéal eile ar fad.
Ach tuige ar diúltaíodh do Chonradh Nice, adéarfadh duine, b’fhéidir?
Níl dabht ar domhan, ach go raibh a chúis fhéin ag chuile dhuine a vótáil ina choinne, ach tríd is tríd, d’fhéadfá a rá, go raibh roinnt áirithe cúiseanna a mheall daoine lena vóta a chaitheamh i gcoinne an Chonartha sin Nice. Ar an dtaobh eile den scéal, d’fhéadfadh duine eile a rá, go raibh roinnt mhaith daoine i measc na vótóirí nár thuig go hiomlán na tairiscintí a leagadh os a gcomhair amach. I gcás na ndaoine sin, is dócha gur fhan roinnt mhaith acu sa bhaile lá an Reifrinn, agus d’fheadfá a rá freisin, gur vótáil roinnt mhaith eile acu i gcoinne an Chonartha, toisc nár thuigeadar i gceart céard a bhí i gceist, agus chomh maith le sin, tuigeadh dóibh, nár freagraíodh ráitis an dreama úd a tháinig amach go hoscailte i gcoinne Chonradh Nice.
Ach le filleadh ar na cúiseanna úd a mheall daoine i gcoinne an Chonartha.
B’in iad na dreamanna a bhris ar chumhacht na bpríomhpháirtithe polaitíochta sa Reifreann. Nach bhfuil sé deachair sin a chreidiúint, nuair a smaoiníonn tú go raibh Fianna Fáil, Fine Gael, An Lucht Oibre, agus an Páirtí Daonlathach uilig go léir ar thaobh an Chonartha, agus cuir leo siud na Ceardchumainn, na hEaglaisí, agus na Meáin Chumarsáide, agus tuigfidh tú ansin méid a mbua. Ionann sin is a rá, go raibh ionadaithe an mhóraimh i bhfábhar vóta “Ta” a chaitheamh sa Reifreann, agus gan ina gcoinne, ach dreamanna beaga nárbh fhiú aird ar bith a thabhairt orthu, ach b’in an dearmad a rinne an Rialtas s’againne, tuigeadh dóibh, nach dtabharfaí aird an mhadaidh orthu, agus go nglacfaí le Conradh Nice, de mhóramh mór. Tuigeadh dóibh nach raibh le déanamh acu ach postaer fánach a chur suas ar chuaille telegrafa, anseo is ansiúd, agus go mbeadh an lá leo. Sea, agus fad is a bhí sin á dhéanamh acu, bheadh siad ag fáil réidh don olltoghchán a throidfí, amach anseo, agus dá bharr sin, ní raibh de scéal acu ar na postaeirí úd ach, DEIR TOMÁS MAC AMADÁIN “TÁ”. Nach gcuirfeadh fógraíocht dá leithéid déistean ar vótóir ar bith? Ar ball, dár ndóigh, fuarthas amach nár dhúirt Polaiteoir tábhachtach amháin an “TA” geallta sin sa Reifreann, in aon chor, agus d’admhaigh an polaiteoir sin é, os ard, toisc go mba fhear macánta é. An bhféadfadh sé go raibh polaiteoirí eile nár vótáil, “TÁ”, ach oiread, ach nár scaoil a rún le héinne faoi? Bíodh sin mar atá, ach ar aon nós, ba bheag iarracht macánta a deineadh, le dul i ngleic le hargóintí lucht “NÍL”. Sea, agus fiú amháin, nuair a deineadh iarracht sin a dhéanamh ar an raidió, nó ar an teilifís, ní raibh sa chuid ba mhó dá n-argóintí ach argóintí a chodail amuigh! Ar an dtaobh eile den scéal, bhí a gcuid argóintí ullmhaithe, snasta, “ad rem”, ag lucht, “NÍL”, agus cé go ndeirtear nach raibh iomlán na fírinne i gcuid dá ndúirt siad, ag an am gcéanna, bhí craiceann na fírinne ar a gcuid cainte, agus bhí cuma na dáiríreachta ar na daoine a chuir na hargóintí sin in ár láthair. Ba sa tslí sin a chuaigh siad i gcionn ar na vótóirí. Déarfadh duine, b’fhéidir, nár bhain cuid da n-argóintí le Conradh Nice, in aon chor, ach gurb amhlaidh a bhain siad le Conradh eicínt eile, a raibh glactha againn leis cheana, ach nár chuma faoi sin, i ndáiríre, nuair a bhí lánchead ag taobh an Rialtais na pointí sin a cheartú agus a shoiléirú don phobal, roimh lá an Reifrinn. Níor deineadh sin, agus briseadh cath ar an Rialtas.
Bhí sin go maith, ar bhealach. Tháinig an pobal amach, agus thug siad a mbreith ar an dtairiscint a leagadh os a gcomhair, díreach mar a hiarradh orhtu a dhéanamh. Ó b’fhéidir nár tháinig an pobal uilig amach lena nguth a thabhairt, ach nach ‘in an cineál daonlathais atá againn sa tír seo, agus ansin, an lá dár gcionn, nuair a bhí an comhaireamh thart, agus an bhreith tugtha, chuir an Rialtas agus cinnirí na bPáirtithe móra eile a míshástacht agus a ndéistean in iúl dúinn. Dúradar seo, agus dúradar siúd, agus ba é críoch na mbeart é nó go ndúirt cuid acu, nach raibh de leigheas ar an scéal ach seans eile a thabhairt dúinn toil an chinsil a dhéanamh, mar nach dtuigeann gach éinne, faoin am seo, nach bhfuil cead ag an bpobal éagóir a dhéanamh…”The people have no right to be wrong”, mar adúirt an té adúirt! Níor dhada é míshásamh an Rialtais s’againne, i gcomparáid leis an ndéistean a bhí ar thíortha eile an Aontais Eorpaigh. Bhíodar uilig den tuairim, cheapfá, gur chóir do mhuintir na tíre seo dul síos ar a nglúine os a gcomhair amach, agus ár dtoil a chur lena dtoil siúd, nó nár chuimhin linn, gurbh iadsan a thóg as an bpuiteach aníos sinn, ach má chuireann tú capall faoin mbacach, diabhal a bhfuil ann ar deiredh tiar ach bacach!” Dhealródh sé go bhfuil dearmad déanta ag an Rialtas s’againne, agus ag cinnirí ár gcomrádaithe san Aontas, agus go gcaithfear glacadh le cinneadh an phobail s’againne Vótáileann siad mar is mian leo fhéin, agus tá sé dothuigthe, go leagfadh daonlathasaí ar bith an milleán ar na vótóirí as an gcaoi ar vótáil siad. Caithfear glacadh lena mbreith agus dul ar aghaidh ón bpointe sin, nó is é tús agus deireadh an scéil é, nár thaitin cur chuige an Aontais, ag an am áirithe seo, le vótóirí na tíre seo, agus theastaigh uathu a míshástacht a chur in iúl do na húdaráis, abhus agus thall. Tá sé réasúnta cinnte freisin, dá mbeadh an deis céanna ag pobail eile an Aontais a mbreith a thabhairt, go gcuirfeadh a mbunús i gcoinne an Chonartha sin Nice freisin, mar sin, is dócha gur dhein an pobal s’againne míshástacht na bpobal Eorpach uilig, a chur in iúl.
Níl dabht ar domhan ach go bhfuil dul amú ar cheannairí an Aontais, nuair adeir siad, gur chuir pobal na tíre seo i gcoinne leathnú an Aontais, leathnú a ligfeadh do náisiúin Oirthear na hEorpa teacht isterach san Aontas, ar ball. Ní hé mo thuairim, gurbh é sin an chúis ar vótáil Éireannaigh i gcoinne an Chonartha. Chuir roinnt mhaith daoine ina choinne, toisc nach bhfuil siad sásta, in aon chor, le cur chuige an Aontais, nó feictear dóibh, go bhfuil na Stáit mhóra ag iarraidh an tAontas a fhorbairt ar mhaithe leo fhéin, ionas go mbeadh cead acusan cur le chéile feasta, beag beann ar na Stáit bheaga, agus níl dabht ar bith ann, ach go raibh tionchar aige sin ar na vótóirí s’againne, nuair a chuir siad a marc ar na vótaí, Lá an Reirfinn.. Níor athraíodh an dearcadh sin, nuair a chonaic muid an chaoi ar ghlac na pobail eile le toradh ár Reifrinn. Ba chosúla le deachtóirí nó le daonlathasaithe iad, nuair adúirt siad nach dtabharfaí aird an mhadaidh ar “NÍL” sin na nÉireannach, agus go gcaithfidh na hÉireannaigh slí a fháil dóibh fhéin as an gcruachás a chruthaigh siad, trí vótáil sa tslí sin! Bí ag caint ar dhaonlathas! Agus nár dhúirt Uachtarán an Aontais fhéin go raibh an-díomá airsean, nuair a chuala sé toradh an Reifrinn, agus dúirt Príomh-Aire na Sualainne go gcaithfeadh Rialtas na hÉireann bealach eicínt a fháil, le toradh úd a Reifrinn a chealú! Sea, mh’anam, sin daonlathas agat! Ach níl fúm scéal ó Shamhain go Bealtaine a dhéanamh de, mar im thuairimse, níor tugadh dóthain airde ar bhreith an phobail Éireannaigh, i gcás Chonradh seo Nice.
B’fhéidir go gcuirfeadh duine eicínt ceist orm fhéin faoin chaoi a vótáil mé sa Reifrinn sin. Bhuel, le fírinne, mar a mhínigh mé dhuit thuas, níor vótáil mé in aon chor, nó bhí mé ar saoire in Inis Crabhann, thiar i gContae Shligigh, rud a d’fhág nach raibh ar mo chumas vóta a chaitheamh, in aon chor, mura mbeinn sásta tiomáint ón ionad breá saoire sin go Cill Chainnigh, rud nach raibh. Ach, ba é a bhí socraithe agam nó vótáil “TÁ”, toisc nár mhaith liom bheith i gcomhluadar na ndaoine a bhí ag moladh dúinn vótáil “NÍL”!
Cad a dhéanfaidh mé an chéad bhabhta eile, má chuirtear an tairiscint chéanna romhainn arís?
Ag Dia amháin atá a fhios. Ach má athraíonn an Rialtas, agus Údaráis an Aontais, a bport, san idirlinn, bhuel, ansin, tá seans ann go vótáilfinn i bhfábhar Chonradh Nice.
Ach nach mbíonn an dá b’fhéidir ann i gcónaí!
Céard a dhéanfaidh tú fhéin sa chéad Reifreann eile?
Bí ag smaoineamh air.
********************
Peadar Bairéad.
*******************
.
.