Beithilín, a Crib; máinséar, manger; teach aíochta, an Inn; Teaghlach Naofa, the Holy Family; girseacha, young girls; guinnín, a little gun; sa bhundlaoi, in the eave of the house; creimthe, picked; cálóga bána, white flakes (of snow)

.

Nollaig Shona Dhaoibh Uilig

Peadar Bairéad

Happy Christmas All

Sea, tá an t-am sin den bhliain tagtha chugainn arís, an t-am sin a thugann deis dúinn uilig síocháin, agus dea-thoil, a léiriú don saol mór sin uilig, atá taobh amuigh dínn fhéin. Sea, agus an t-am sin freisin, a tugann deis dúinn dul siar bóithrín na smaointe, go dtí na laethe úd fadó, nuair a sheasamar ag breathnú le hionadh ar an mBeithilín álainn, a bhí socraithe go deas síochánta, i dTeach an Phobail, agus siar níos fuide fós, go dtí an chéad Mháinséar i mBeithil Ríoga, sa Tír Naofa fhéin, i dtús ré na Críostaíochta, nuair a rugadh Íosa sa Stábla, toisc nach raibh áit ar bith le fáil ag a mháthair, Muire, nó ag Iosaf, i dTeach Aíochta an bhaile, an oíche bheannaithe sin.

Christmas Night

Féach mar a chuir an file, Máire Mhac an tSaoi, é, ina dán “Oíche Nollag”, agus í ag rá go raibh dídean le fáil ag lucht an airgid sa Teach Aíochta céanna sin, an oíche úd, ach gur fágadh an an Mhaighdean is a céile, gan bheith istigh le fáil acu, ach amháin i seanstáblán na mbeithíoch….

Bhí soilse ar lasadh i dtigh sin na haíochta,

Cóiriú gan chaoile, bia agus deoch,

Do cheannaithe olla do cheannaithe síoda,

Ach luífidh Mac Dé ins an tigh seo anocht.

Tá an file ag tagairt don nós a bhí beo, i measc Gael, an tráth úd, go mbíodh an Teaghlach Naofa ag fánaíocht timpeall an oíche sin, agus iad ag iarraidh bheith istigh a fháil i dteach eicínt, agus b’in an fáth a d’fhágtaí an doras ar leathadh, coinneall na Nollag ar lasadh, agus áit socraithe réidh dóibh ag an mbord, ag súil go dtiocfaidís ar chuairt chucu, an oíche bheannaithe sin. Féach arís mar a chuireann Máire Mhac an tSaoi é, i véarsa eile, sa dán céanna sin…..

Fágaidh an doras ar leathadh ina coinne,

An Mhaighdean a thiocfaidh is a naí ar a hucht,

Deonaigh do shuaimhneas a ligint a Mhuire,

Luíodh Mac Dé ins an tigh seo anocht.

Níl dabht ar domhan, ach gur éirigh leis an bhfile, dearcadh agus creideamh na cosmhuintire a thuiscint, agus a léiriú, i véarsaí an dáin álainn sin, “Oíche Nollag”.

A Vigil kept

Ní raibh sé de nós ag an muintir thiar dul thar fóir, an oíche sin, le bia nó le deoch, nó bhí siad ag feitheamh ar theacht an Theaghlaigh Naofa ar chuairt chucu. Gnáth-shuipéar a bhíodh acu, fataí agus iasc, b’fhéidir, nó rud eicínt dá leithéid, mar nach mbeadh dinnéar mór na Nollag le hullmhú acu, an mhaidin dár gcionn, sé sin, i ndiaidh an Aifrinn, nó an mhaidin sin, bhí de nós ag chuile shagart trí hAifreann a rá, agus dá bharr sin, thosaídís go breá luath ar maidin, ag a leath i ndiaidh a hocht, b’fhéidir, agus bhíodh na daoine sin sa bhaile arís, thart ar a deich, agus ansin, thosaídís ar an ndinnéar a ullmhú. Sea, mh’anam, agus smaoinigh nach mbíodh gléasanna nua-aimseartha cócaireachta acu, an tráth sin, ní bhíodh, muis! nó ní bhíodh acu ach oigheann na dtrí chos agus pota, agus bhíodh orthu na gléasanna sin a oibriú ar an dtine oscailte. Mór idir inné agus inniu!

How about toys then?

Céard faoi na gasúir, agus na girseacha, mar sin?

Cuirfidh mé geall, nach dtógfadh sé i bhfad orthu a gcuid féiríní Nollag a oscailt, nó ní thógfadh sé beirt, len iad a luchtú ar chairt! Tá mé ag caint faoi mo dhúiche fhéin, thiar in Iorras, i gContae Mhaigh Eo, dár ndóigh, agus ní bhíodh le fáil ag na gasúir ach guinnín, b’fhéidir, agus gluaisteáinín, nó a leithéid, sea, agus glac milseán agus torthaí, leis an stoca a líonadh. Agus céard faoi na girseacha? Bhuel, de ghnáth bhíodh bábóga le fáil acusan, agus milseáin agus torthaí freisin, b’fhéidir. Chaitheadh muid seal ag súgradh leis na féiríní Nollag sin, agus ansin, théadh cuid againn amach ar thóir an dreoilín, nó bhíodh muid ag fáil réidh do Lá an Dreoilín, nó b’in an lá i ndiaidh Lae Nollag. Mura n-éireodh linn teacht ar dhreoilín an lá sin, agus geallaimse dhuit é, go mbíodh a fhios ag na dreoilíní céanna sin go raibh muidinne ar a dtóir an lá áirithe sin, nó ghlanaidís leo as ár mbealach go breá luath an mhaidin sin. Bhuel, mura n-éireodh linn teacht ar dhuine acu, séard a dhéanfadh muid ansin, nó fanacht go titim na hoíche, agus ansin, ní bhíodh sé ró-dheacair teacht ar ghealbhan codlatach sa bhundlaoi, agus dhéanfadh seisean chúis dúinn, an lá dár gcionn, ach gan ligint d’éinne teacht ró-chóngarach don éinín a bhí clúdaithe go maith i gcás againn!

Memories

Níl dabht ar domhan, ach go bhfilleann scaoth cuimhní orm, an tráth seo bliana, agus mé ag dul siar bóithrín anacair, casta, spéisiúil, úd, na smaointe. Seo mar a labhair mé faoi chuid de na smaointe sin, i ndáinín a chum mé fhéin anuraidh……

.

Mámanna cuimhní carntha suas

I gcófra na gcuimhní cuachta,

Dul le Dreoilín, Aifreann luath,

Aingil is Aoirí ag cuartú,

.

Deasa deasa á roinnt go fial,

Bianna blasta á róstadh,

Féiríní Nollag á mbronnadh le croí,

Is breithlá Íosa á chomóradh.

.

They Chose a Goose.

Ní turcaí a bhíodh á róstadh acu don ócáid, an tráth úd, níorbh ea mh’anam, ach gé. Sea, Gé bhreá, phlucach, Gaelach, don Nollaig, agus nach muid a bhaineadh súlach agus toit as an ngé bhocht chéanna sin, agus ar deireadh thiar, nuair a bhíodh a cnámha creimthe go cliste, cúramach, againne, ní chaithimis na cnámha céanna uainn go fánach, ach oiread, ní chaitheadh muis! mar is amhlaidh a bhíodh tóir an domhain againn ar chnámha móra na sciathán, nó trína ngearradh go cúramach, d’fhéadfadh muid guinníní gé a dhéanamh astu, agus ansin, ní bhíodh uainn ach moilín beag adhmaid a raghadh trí chroí na cnáimhe sin, agus fata, le tosú ag scaoileadh urchair le chuile dhuine thart ar fud an tí. Nach againn a bhíodh an spórt! Cuirfidh mé geall, go mbainfeadh muid an oiread spóirt as na guinníní gé céanna sin, is a bhaineann gasúir an lae inniu as a gcuid Play Stations agus eile! Sea, mór idir inné agus inniu.

Ach le críoch oiriúnach a chur le píosa na seachtaine seo, b’fhéidir nárbh olc an smaoineamh é, Nollaig faoi shéan is faoi mhaise a ghuí ar chuile dhuine dem léitheoirí, agus gura seacht fearr a bheas chuile dhuine agaibh, bliain ó anocht. Agus sea, go mbeirimid beo ag an am seo arís.

.

Breith sa Stábla

Séasúr na Nollag ‘na rás chugainn,

Is cálóga bána anuas

Mar bhrat geal, naofa, glégeal,

Ag folach dúinn bruscar is smúit.

.

Ach istigh im chroíse, le díograis,

Ullmhóidh mé máinséar, le dua,

is glanfaidh mé bruscar na mblianta

As seanstáblán m’anama chrua.

.

Séasúr na Nollag ‘na rás chugainn,

Is an Naí naofa, neamhdha, anuas,

Ag ní, is ag slánú Chlann Éabha,

Is ag folach dúinn peaca is buairt.

gaGaeilge