NORA WEBSTER            by          COLM TÓIBÍN

Céad-chló sa bhliain 2014……………………………………….£13.99

.

Peadar Bairéad

.

Ní gá a rá, nach é seo an chéad úrscéal a shil ó pheann Choilm, nó tá seacht gcinn d’úrscéalta spéisiúla curtha de aige cheana, leabhair ar nós, The Heather Blazing, The Blackwater Lightship, The Master’, agus Brooklyn’. In Inis Corthaidh, i gContae Loch gCarman, a rugadh an t-údar seo, tarraingt ar thrí scór bliain ó shoin. Tá cónaí air in Áth Cliath. Is dócha gur bhunaigh sé an scéal seo ar chúrsaí a shaoil fhéin nó fuair a athair bás agus é óg agus fágadh beirt mhac agus beirt iníon ina dhiaidh. Chuir an bás sin isteach go mór ar Cholm óg agus labhair sé go stadach ar feadh tréimhse ina dhiaidh sin. Bhí an saol dian go maith ar mháthair an údair agus í ag dul i ngleic le tógáil clainne in Éirinn na linne sin, ach léiríonn an chaoi ar éirigh le Colm a bhealach a dhéanamh sa saol, léiríonn sé gur éirigh go seoigh lei sa ghnó sin.  Ní gá a rá, go bhfuil clú agus cáil idirnáisiúnta bainte amach ag an údar seo, agus go raibh roinnt shaothar ainmnithe do dhuaiseannabhachtacha liteartha, agus go raibh duaiseanna móra bainte amach ag ‘The Master’ agus ag ‘Brooklyn’, péire dá chuid úrscéal.

Is í Nora Webster’ príomhcharactar an scéil seo. Maireann sí i seascaidí na haoise seo caite agus í pósta le Maurice’, a céile fir. Tá ceathrar clainne orthu, beirt mhac, Conor agus Dónal, agus beirt iníon, Fiona agus Áine, ach faraoir géar! thit an tóin as an saol orthu nuair a bhásaigh Maurice agus an chlann fós óg. Fágadh gan mórán fáltais iad, ach ní raibh an dara rogha ag Nora ach aghaidh a thabhairt ar chúrsaí, agus chuile dhícheall a dhéanamh teacht i dtír mar ab fhearr a d’fhéadfadh sí. Feiceann muid sa mhéid sin uilig an chosúlacht idir cruachás Nora agus cruachás mháthair an údair. Dhíol Nora a dteach saoire i gCush, rud a d’fhág roinnt pingneacha aici, le billí a íoc, agus le goblach a chur i mbéal na clainne.

Tuigeadh do Nora, nach mbeadh uirthi dul ar ais ag obair arís, ach nuair is crua don chailleach, caithfidh sí rith, agus ba é an scéal céanna ag Nora é, agus i ndeireadh na dála, b’éigean di dul ar ais chuig gnó mhuintir Gibney, lenar chaith sí blianta ag obair sular pósadh í. Agus leis an scéal a dhéanamh níos measa fós, cé bheadh ina shaoiste aici ansin ach, bean a raibh faltanas aici do Nora, agus beanr thaitin go ro-mhaith lei sna seanlaethe. Ach, ar bhealach amháin ar bhealach eile, d’éirigh lei sa phost, agus ansin, bhí ar a cumas teacht i dtír air, í fhéin is a clann. Bean ab ea Nora a bhí leithleach agus neamhspleách, agus ní raibh sé éasca di dul amach i measc daoine arís, ach níor lig sí do na tréithe sin laincis ar bith a chur uirthi, agus trí spéis a chur i gceol, agus i gcóir, d’éirigh lei saol nua a chruthú di fhéin agus caradas a shníomh le comharsanna agus le gaolta. Tríd an scéal ar fad, ní féidir leis an léitheoir éaló ó na nótaí dírbheathaisnéise a chloiseann sé go soiléir trí scéal Nora Webster agus a clann, agus tuigtear dó freisin, nach raibh ar chumas an údair, agus nár theastaigh uaidh, éaló ón scéal céanna sin.

Tríd is tríd, is breá, suimiúil, corraitheach, cumhach, inchreidte, an scéal a leagann an t-údar os ár gcomhair amach, agus mar a fheileann don ócáid, oireann an stíl don scéal, agus don saol a léirítear tríd, saol tuaithe in Éirinn sa dara leath den bhfichiú haois. Breathnaigh ar thús an scéil…

“ ’You must be fed up of them. Will they never stop coming?’ Tom Connor, her neighbour, stood at his front door and looked at her, waiting for a response.”

B’in iad na comharsanna ag teacht le comhbhrón a dhéanamh le Nora, i dtús an scéil, atá i gceist aige. Stíl lom, simplí, gan aon ornáidíocht, gan aon Aindriú Martins. Stíl an té a bhfuil máistreacht faighte aige ar a cheird.

Is fada linn uainn a chéad úrscéal eile.   

.

gaGaeilge