O I L E Á I N I N I S G É I D H .

.

*****************

.

Mayo’s Lost Islands

T H E I N I S H K E A S……………………………………………………….2000.

l e

B R I A N D O R N A N ………………………………………………………£10.00.

.

*****************

.

Rugadh an t-údar, Brian Dornan, i gCiarraí, agus tógadh é i nDún Laoghaire. Fuair sé a chuid oideachais i gColáiste na Toirbhirte, Glas Tuathail, agus bhain sé a chéim amach i gColáiste na hOllscoile, Áth Cliath, áit ar ghnóthaigh sé MA sa tSeandálaíocht. I dtús na seachtóidí, agus é ag tochailt i gContae Mhaigh Eo, tharla gur thug sé a chéad chuairt ar Oileáin Inis Géidh, agus ansin, sna nóchaidí, agus céim i Stair Áitiúil idir chamáin aige, dhírigh sé tóirse a thaighde ar na hoileáin chéanna sin do Dhochtúireacht a bhí idir lámha aige, in Ollscoil na hÉireann, Má Nuat. Tá Brian pósta, agus tá cónaí air fhéin agus ar a chlann, i nDún Droma, Áth Cliath. Feictear ón méid sin, nach raibh aon bhaint nó páirt aige leis na hOileáin, roimhe sin, agus gur thug sé aghaidh a scoláireachta orthu, toisc gur tuigeadh dó, go mba dhíol staidéir iad, ó tharla nár deineadh aon staidéar doimhin ar shaol sóisialta, nó ar chúrsaí eacnamaíochta an oileáin, roimhe sin.

Ní haon leabhrán gan toirt atá i gceist againn anseo, nó is leabhar mór toirtiúil é “The Inishkeas” a bhfuil 304 leathanach ann, agus é lomlán d’eolas agus de scoláireacht, ó thus deireadh

Ach cá bhfuil na hoileáin seo, Inis Géidh, an ea?

Bhuel, tá na hoileáin seo suite roinnt bheag mílte amach ó chósta Leithinis an Mhuirthead, in Iorras, i gContae Mhaigh Eo. Ní hoileáin mhóra iad, nó níl in Inis Géidh Theas ach thart ar 388 acra ar fad, agus téann an taoide trasna an oileáin sin, i roinnt áiteacha, le linn stoirme. Éiríonn “Cnocknaskea”, an pointe is airde ar an oileán seo, 72 mhéadar os cionn leibhéal na farraige, agus ar an taobh thiar den gcnoc sin tá faill rite, a thiteann 60 méadar, síos díreach, go leibhéal na farraige.

Tá Inis Géidh Thuaidh níos mó ná an t-oileán eile, nó tá thart ar 574 acra d’fhairsinge inti, ach ní éiríonn an pointe is airde inti seo thar 24 mhéadar os cionn leibhéal na farraige. Tá thart ar leath an oileáin seo insaothraithe, agus gan sa leath eile ach sraitheanna gainimheacha.

Ach céard faoi dhaonra na n-oileán? Cé mhéad duine a bhí ina gcónaí ar na hoileáin chéanna sin?

Breathnaigh ar dhaonra na n-oileán sa bhliain 1841. De réir dhaonáireamh na bliana sin, bhí 155 duine, ar Inis Géidh Theas, agus 62 ar an oileán thuaidh, agus tráth a raibh an daonra ag titim i ngach áit eile ar fud na hÉireann, bhí fás tagtha ar dhaonra Inis Géidh, faoin mbliain 1851, nó insíonn daonáireamh na bliana sin, go raibh 172 ar an oileán theas, agus 85 dhuine ag cur futhu ar an oileán thuaidh.

I dtús na haoise seo caite, sa bhliain 1901, de réir tuairisc dhaonáireamh na bliana sin,

bhí 130 duine ina gcónaí ar Inis Géidh Theas, agus 159 nduine ar Inis Géidh Thuaidh. Nár mhór an lear daoine é sin d’oileáin chomh beag sin? Sea, agus breathnaigh ar na huimhreacha a fhaigheann muid ó dhaonáireamh na bliana 1911. An bhliain sin, bhí 180 duine ar an oileán theas, agus 178 ar an oileán thuaidh. Léiríonn sin, gur tháinig fás sláintiúil ar dhaonra na n-oileán sa deichniúr sin, ó 1901 go 1911. Faraoir! níor lean cúrsaí mar sin áfach, agus tar éis bháthadh uafásach na bliana 1927, nuair a cailleadh deichniúr d’iasacairí Inis Géidh, agus nuair a cailleadh beirt eile, i dtimpist farraige, dhá bhliain ina dhiaidh sin, socraíodh go dtréigfí Inis Géidh, scun scan, agus nuair a d’fhág muintir Raghallaigh, dream a chaill beirt i mbáthadh mór na bliana 1927, nuair a d’fhág siadsan an t-oileán sa bhliain 1934, fágadh Inis Géidh gan cónaí daonna uirthi, don chéad uair, le scathamh maith de bhlianta.

Séard tá sa leabhar seo, i ndáiríre, nó toradh na taighde a rinne an t-údar, Brian Dornan, agus é i mbun staidéir dá Chéim Dochtúrachta. Tuigeadh don údar, go raibh an cineál seo taighde déanta cheana, i gcás roinnt mhaith d’oileáin na hÉireann, ach nach raibh tada déanta, i gcás oileáin Inis Géidh. Cinnte, rinne Francoise Henri roinnt mhaith oibre seandálaíochta ar na hoileáin, sna triochaidí, agus is dócha gur dhein T.H. White, údar Sasanach, roinnt taighde freisin, ar chúrsaí Inis Géidh, tráth raibh sé ina chónaí in Iorras, le linn an chogaidh mhóir, ní raibh seisean sásta dul san arm thall, ag an am, agus is dócha nár theastaigh uaidh blianta a chaitheamh i bpríosún! Scríobh sé leabhar, ar ball, ar ar bhaist sé “The Blackamoor And The Godstone”. Ba é an Blackamoor, nó Gormach a thagadh go rialta go Béal an Mhuirthead, ar laethe aonaigh, le cleasa de chuile chineál a dhéanamh, agus bhain an “Godstone” le hoileáin Inis Géidh. Ag caint ar “an Naomhóg”, a bhí sé, Naomhóg Inis Géidh. Ní currach atá i gceist againn anseo, faoi mar a bheadh ag na Muimhnigh, ní hea, in aon chor, ach dealbh bheag, de chineál eicínt. Dealbh ársa, b’fhéidir, faoi mar a bhí coitianta go maith ar fud na Críostaíochta fadó, a raibh cumhachtaí áirithe aici, in am an ghátair. B’ionann Naomhóg agus Naoimhín. B’féidir gurbh í Deirbhile fhéin, nó Colmcille, a d’fhág an Naoimhín céanna acu, mar chuimhneachán, fadó. De réir na scéalta, choinnítí an dealbh sin i dteach áirithe, ar feadh bliana, agus ansin, ag deireadh na bliana sin, tar éis do mhuintir an tí culaith nua flainín a chur uirthi, sheoladh siad ar aghaidh í go teach eile, agus mar sin dóibh, ó bhliain go chéile. Bhí de bhua ag an “Naomhóg” chéanna sin, go gciúnódh sí an stoirm, nó ar ócáidí eile, go bhféadfadh sí stoirm a thógáil. Ba é a dhéanadh siad nó an dealbh a thógáil leo síos chun na farraige, agus ansin, agus na daoine timpeall uirthi i gciorcal, agus paidreacha áirithe á rá acu, agus an dealbh á thumadh san uisce acu, d’ísleodh an ghaoth, dá mba é sin a bhí á lorg ag na daoine. Feictear dúinn, mar sin, go raibh áit lárnach, áit mhíorúilteach, ag an dealbh chéanna sin i saol an phobail oileánaigh, nó d’fhéadfaidís an fharraige a thógáil, dá mbeadh tiarna talaimh nó a leithéid chucu, agus ar an dtaobh eile den scéal, dá mbeadh iascairí an oileáin ar an bhfarraige, agus dá n-éiroedh an ghaoth, bhuel, ansin d’fhéadfaidís an “Naomhóg” a thabhairt síos chun na trá, leis an bhfarraige a chiúnú, le deis a thabhairt do na hiascairí teacht i dtír, slán sábháilte. Anois, b’in mar a bhaintí úsáid as “Naomhóg” Inis Géidh, ach dár le T.H. White, bhí baint eicínt ag an “Naomhóg” le torthúlacht, agus chaith sé roinnt mhaith ama, ag iarraidh cosa a chur faoin dearcadh sin. Féach mar a chuireann an t-údar é….

“T.H. White thought that the naomhóg may have been used as a fertility symbol, and although this does not appear to have been the case, he pursued this concept throughout his research.”

Dá mbeadh an chumhacht sin uilig ag an “Naomhóg” sin Inis Géidh, tuige nár baineadh úsáid aisti, le linn na stoirme uafásaí úd, a shéid ar na farraigí thiar, i nDeireadh Fómhair na bliana sin 1927, nuair a báitheadh an deichniúr sin, ar dhein mé tagairt dóibh, anois beag? Bhuel, tá cúis mhaith le sin, nó tharla sa dara leath den naoú haois déag, gur ghabh an sagart paráiste an “Naomhóg”, agus ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, chuir sé cos i bpoll lei. Ba é cúis a bhí leis an ionsaí sin ar an dealbh, nó go raibh daoine ag maíomh go raibh dia bréige á adhradh ag muintir Inis Géidh. Féach mar a scríobh an tUrramach T.A. Armstrong…

Some years later the Rev T.A. Armstrong, who was ordained in Ballina in 1846 wrote that…

“still more gross superstition in the neighbouring island of Inishkea where a stone idol was invoked for the protection of the inhabitants and vengeance on their enemies. This image was carefully clothed in flannel and when taken out for any special purpose was dressed in a new suit on return to the house in which it had been lodged. It was warmed by the fire and put into the comfortable bed that was alotted for it.

Is dócha gur spreag altanna dá leithéid na sagairt chun gnímh, agus ba é deireadh an scéil é nó gur báitheadh an “Naomhóg” i ndoimhneas na Farraige Móire.

Ní gá dhom a rá, go bhfuil an leabhar seo, “THE INISHKEAS,” lomlán d’eolas de chuile shaghas, faoi phobail na n-oileán, agus faoin gcineál saoil a chaith siad, le linn dóibh bheith ag cur fúthu ar Inis Géidh, ach le críoch a chur leis an bpíosa seo faoin leabhar iontach seo, b’fhéidir gur chóir dom tagairt a dhéanamh d’ábhar amháin eile.

Cén t-ábhar é sin, an ea?

Bhuel, an gcreidfeá é, dá ndéarfainn “foghail mhara” leat?

Sea, mh’anam, foghail mhara, b’in a dúirt mé.

Ach conas a d’fhéadfaidís an cheird sin a chleachtadh agus gan acu ach curracha agus clocha?

Bhuel, féach mar a chuireann an t-údar síos ar na cúrsai céanna sin….

The sea as a provider of less honest earnings through piracy developed in the 1830s and reached a peak in the 1840s. By this time, being becalmed in the waters around Inishkea was dangerous for any boat. The method of capture was relatively simple and made use of two things, the calm wind conditions in the sea area, especially in April and May, and the lack of an effieient coastguard network….The means whereby the currach crews subdued the sailing craft was described as follows. “The boats carried no arms but each carries a quantity of stones of which they shower such a volley on the deck, that the crew are dcriven below.

Ag an bpointe sin, théadh lucht na gcurach ar bord, agus ghlacaidís seilbh ar an mbád, agus d’ardaídís leo pe last a bhí ar bord. Le linn an Ghorta Mhóir, bhí plúr a ndóthair acu, tar éis dóibh last plúir a ardú leo, ó bhád seoil dá leithéid, féach mar a chuirtear síos ar eachtra dá leithéid.

The efficiency of the plunder can be guaged by the action on the Maris, already mentioned. Two boats came alongside, threw a shower of stones at the crew, men landed and took over the helm, unbattened the hatches and offloaded ten tons of flour. A short time later two more boats came alongside. In all, the captain estimated that fifty men were involved.

Má tá na huimhreacha sin intaofa, nár mhór ar fad an méid daoine a d’fhéadfaidís a bhailiú le chéile in achar gearr? Caithfidh go raibh córas éifeachtach comharthaíochta acu, le go bhféadfaidís glaoch ar a chéile, ar áiméar na faille. Tá cosúlacht ar an scéal ón leabhar seo freisin, nár ró-mhór an fháilte a chuiridís roimh bháid ón dtír mhór, ag an am sin, ach oiread, nó b’fhéidir nár mhaith leo dul sa tseans leosan, ach oiread.

Bhuel, caithfidh mé an chuid eile den obair a fhágáil fúibh fhéin. Má thagann sibh trasna ar an leabhar seo. “The Inishkeas” leigh é, nó tá mé cinnte go mbainfidh sibh taitneamh as.

Ní fhéadfadh duine gan smaoineamh ar na Blascaodaí, agus an leabhar seo a léamh aige, agus dhealródh sé go raibh pobail Inis Géidh i bhfad níos neamhspleáiche, agus níos treallúsaí ná pobail na mBlascaodaí, ar bhealaí áirithe, ach go háirithe….

Go dtí an chéad bhabhta eile.

Slán.

.

.

***********************

Peadar Bairéad.

***********************

.

.

gaGaeilge