.

B u i l e a n Ó i r

.

The C o l o u r

le     

Rose Tremain

.

Peadar Bairéad.

.

Sa Nua-Shéalainn

Ba sa bhliain 2003 a foilsíodh an leabhar seo le Rose Tremain, agus caithfidh mé a admháil nár léigh mé tada leis an údar seo riamh cheana, ach, chuaigh an leabhar seo i gcionn go mór orm, nó is leabhar é atá lán de theannas, de bhuairt, agus de cheol trom gruama na daonnachta. Suítear an scéal seo sa Nua-Shéalainn, i lár an naoú haois déag, nuair a tharla órthóraíocht in iarthar na tíre sin.

Tús Nua

Is iad Joseph Blackstone, agus a bhean Harriet, na príomhcharachtair sa scéal seo, Chuaigh cúrsaí an tsaoil i gcoinne Joseph agus shochraigh sé ar dhul ar imirce go dti an Nua-Shéalainn. B’as Norfolk dóibh, agus thugadar aghaidh ar an ndúthaigh timpeall ar Christchurch, san Oileán Theas, ag súil go n-éireodh leo tosú arís sa tír imigéiniúil sin, i bhfad ó Norfolk Shasana. Bhí pingneacha acu, agus d’éirigh le Joseph feirm talaimh a cheannacht leo, agus ansin, chuaigh sé fhéin, agus roinnt oibrithe fir, amach ansin, agus chuireadar rompu teach de chineál eicínt a thógáil. Nuair a bhí chuile shórt réidh acu, chuaigh Harriet agus máthair Joseph, Lilian, chun cónaithe sa teach nua sin. Ní gá a rá, nach raibh an teach céanna sin thar mholadh beirte, ach, bhí súil acu, go n-éireodh leo pingneacha breise a shaothrú, agus go mbeadh ar a gcumas teach oiriúnach a thógáil. Ach, ní mar a shíltear a bhítear, go minic. Chráigh an aimsir dhian iad, agus cailleadh an t-aon bhó amháin a bhí acu le linn an gheimhridh shneachtúil chrua. Ina chuid oibre, agus é ag tochailt leis, tháinig Joseph ar ruainneog bheag óir, agus láithreach bonn, chuaigh fiabhras an óir go smior na gcnámh ann. Níor scaoil sé a rún lena bhean, nó lena mháthair, ach lean leis, ag tochailt, agus ag tochailt, agus ag cur cibé ruainneoga beaga óir a gheibheadh sé, chuireadh sé i dtaisce iad. Bhí a bhean Harriet ag sclábhaíocht lei freisin, í ag saothrú glasraí agus a leithéid, ach fuair fiabhras an óir greim scóige ar Joseph bocht, agus ba é deireadh an scéil é, go ndeachaigh sé ar bord an Wallabi, agus sheol leis, i bhfochair na ndaoine uilig a bhí ag dul ar órthóraíocht, go hIarthar an Oileáin Theas. Shroich siad Hokitika, baile beag a d’fhás sa bhfásach, le freastal ar na mianadóirí, agus le riachtanaisí a gceirde a chur ar fáil dóibh.

Ifreann ar Thalamh

Ar ball, shroich Joseph na mianaigh, fuair a cheadúnas, agus mharcáil sé a réimse lamháilte, cheannaigh sé acraí a cheirde nua, agus chuaigh i mbun oibre. Déanann an t-údar cur síos iontach réadúil ar shaol agus ar shaothar na mianadóirí, agus ní gá a rá, go raibh saol anróiteach, cruógach, gruama, ag na créatúir sin, agus bíodh gur oibrigh Joseph go dian, dícheallach, ba bheag a bhí aige dá bharr, agus i ndeireadh na dála, tháinig na tuilte ar na mianaigh agus scrios idir fhearas agus fir, agus cé gur tháinig Joseph slán, bhí sé beo, bocht, anasta ina ndiaidh. Sea, agus leis an scéal a dhéanamh níos measa fós, fuair a mháthair bás, agus thréig a bhean é, agus d’imigh le Síneach fir, péire a fuair ualach asail d’ór dearg, i bpluais. Níor fhan an cuingir sin le chéile, áfach, nó chuaigh an Síneach fir abhaile lena shaibhras a roinnt ar a chlann, agus ar a ghaolta, agus fágadh Harriet or-luchtaithe bhocht, lena bealach fhéin a dhéanamh abhaile.

Inchreidte !

Caithfidh mé a rá, gur bhain mé taitneamh as an scéal seo, agus bíodh go raibh sé gruama, anróiteach, buartha, amannta, ag an am gcéanna, bhí blas na hinchreidteachta air, nó níorbh aon ionaid saoire iad na mianaigh óir chéanna sin, a mheall na mílte agus na mílte ar bhealach a mbasctha, i saol sanntach, leithleach, an chaipitleachais.

.

gaGaeilge