I m B é a l a n P h o b a i l .

***********************

.

“Parking for Mass,” adeir tú? Bhuel, is é atá ag titim amach anseo sa Chathair Álainn, ar na mallaibh, nó go bhfuiltear ag gearradh táille ar dhaoine a dhéanann a ngluaisteáin a pháirceáil sna hIonaid Pháirceála, fad is a bhíonn siad fhéin ag freastal ar an Aifreann, i Séipéal in aice láimhe. Anois, táid ann adéarfadh, go bhfuil lomlán an chirt ag an mBárdas an táille sin a ghearradh, díreach mar a ghearrtar táille ar shaoránach ar bith eile, a dhéanfadh carr a pháirceáil san Ionad Páirceála sin, Domhnach nó Dálach. Cheapfadh duine go luíonn sin le réasún, go dtí go ndéanann sé an scéal a scrúdú i gceart.

Anois, ar an gcéad dul síos, bhíodh cead páirceála, saor agus in aisce, ag daoine, sna hionaid sin, le sinsearacht, agus ar an dara dul síos, bhí de nós ag na hÚdaráis, chuile lá riamh, cabhrú le saoránaigh dualgaisí a gCreidimh a choimhlíonadh agus gan dris chasáin a fheistiú sa mbealach rompu. Ach, ar an dtaobh eile den scéal, táid ann adéarfadh, nár cheart buntáiste dá leithéid a chur ar fáil do Chaitlicigh Romhánacha, agus cúl na láimhe a thabhairt do chuile dhream eile, agus é de dhualgas orthusan a dtáille pháirceála a íoc, fad is atá siadsan ag freastal ar a ndualgaisí creidimh. Ní dóigh liom, go ndéanfadh Críostaí ar bith a leithéid de bhuntáiste a éileamh dá dhream fhéin. Cinnte, má tá dhream ar bith eile, a bhfuil Ionad Páirceála i ngar dá dteach pobail, níor chóir táille ar bith a ghearradh orthusan, le linn dóibh bheith ag freastal ar a dteach pobail, lena ndualgaisí fhéin a choimhlíonadh, ag an deireadh seachtaine. Tá go breá, adéarfadh duine b’fhéidir, ach conas a thuigfí gur ag coimhlíonadh dualgaisí creidimh a bhí duine agus nach amuigh ag siopadóireachta a bhí sé?

Ní fál go haer é sin ach oiread, adéarfainn, dá mbeadh fonn ar na hÚdarais deachú Dé a íoc, chuile Dhomhnach, nó d’fhéadfaidís saorpháirceáil a chur ar fáil do chuile dhuine, chuile mhaidin Domhnaigh, suas go dtí a dó san iarnóin, agus tréimhse eile a chur le sin sa tráthnóna, b’fhéidir.

B’fhéidir go ndéarfaí go gcosnódh sin an iomarca, agus cinnte, chosnódh sé mám pingneacha, gan aon dabht, ach nach bhfuil neart ama ag na hÚdaráis lena ngluaisteánaithe a fheannadh, nó a lomadh, an chuid eile den tseachtain! Ach, tá bealach eile ann freisin, leis an bhfadhb chéanna sin a réiteach.

Tá, agus seo an bealach is fearr, is simplí, agus is córa, freisin. D’fhéadfadh an Bardas, nó cibé dream atá i mbun an Ionaid Pháirceála, mám cártaí speisialta a thabhairt do na heaglaisí, do na séipéil, agus do na teampaill, agus d’fhéadfaí ceann acu sin a bhronnadh ar chuile dhuine a mbeadh diosca reatha páirceála aige, agus sa tsli sin, ní dhéanfaí leithcheal ar lucht eaglaise ar bith ag na hÚdaráis Áitiúla.

Ní hé seo an chéad uair agam scríobh ar an ábhar seo, nó bhí píosa agam sa cholún seo, tamall maith ó shoin, anois. Féach mar a scríobh mé faoi, an tráth úd, agus mé ag comhrá le mo sheanchara Séimí an Droichid.

“Churches under siege.”

“Ach, in ainm an áidh, cén fáth a ndéarfá go bhfuil na seipéil faoi léigear anseo sa Chathair Álainn? As do mheabhair atá tú, an ea?” arsa mé fhéin.

“Ní hea muis. Ach mé lom dáiríre.” adeir mo sheanchara, Séimí.

“Conas a dhéanann tú amach, go bhfuil léigear ar bith á dhéanamh ar shéipéil anseo in ár measc, i gCathair Chainnigh?”

“Níl ann ach go bhfeictear domsa, go bhfuiltear ag déanamh chuile dhícheall le páirceáil taobh amuigh de shéipéil na cathrach seo a chosc.”

“Ag magadh fúm atá tú?”

“Diabhal magadh nó mugadh i gceist agam, muis!”

“Ach, ar tharla tada dá leithéid áit ar bith sa chathair s’againne, go nuige seo?”

“D’fhéadfá a rá gur tharla, nó deineadh roinnt iarrachtaí le críoch a chur le páirceáil taobh amuigh de Shéipéal Eoin, i Sráid Eoin, ach níor cuireadh an beartas sin i gcrích, go fóill ar aon nós.”

“Ach, ní fiú trácht ar sin, nó níor tharla tada ansin fós. An bhfuil aon léigear eile i gceist anseo, i láthair na huaire seo?”

“Níl le déanamh agat ach siúl síos Sráid na Mainistreach, lá ar bith, agus feicfidh tú fhéin céard tá ar siúl thíos ansin.”

“Ach níl ar siúl ansin ach go bhfuil siad ag tógail tithe agus árasáin, le tithíocht a chur ar fáil do chathróirí na Cathrach Áille seo. Ní fheicimse go bhfuil aon léigear i gceist sa mhéid sin.”

“Cá raibh tusa aimsir na súl? Nó an dall amach is amuigh atá tú? Nach bhfeicfeadh duine ar bith go bhfuil an tógáil sin á déanamh, san ionad páirceála, a bhí taobh le Mainistir na gCaipisíneach; san ionad páirceála, a ndéanadh pobal an tséipéil sin a ngluaisteáin a pháirceáil, tráth a mbídís ag freastal ar shearmanais eagsúla eaglasta sa ‘Friary’ céanna sin.”

“Dona go leor, a tháilliúir, mar adeireadh an fear fadó, ach an bhfuil aon séipéal eile faoi léigear, na laethe seo?”

“Níl ann ach tús tuile fós. Déarfainn fhéin go bhfuiltear ag tosú ar Shéipéal Phádraig s’againne a chur faoi léigear, na laethe seo. Feictear domsa, go bhfuil an gnó seo uilig, faoi mar a bheadh polasaí ag na húdaráis, chuile bhac is féidir leo a chur sa mbealach ar dhaoine a dteastaíonn uathu freasatal ar Aifreann Domhnaigh, agus ní mar sin a bhíodh, blianta ó shoin, nó an t-am sin, dhéanadh na húdaráis chuile dhícheall le deiseanna dá leithéid, a chur ar fáil dóibh siúd, ar theastaigh uathu, a ndualgaisí creidimh a choimhlíonadh. Ach coinnigh tusa súil ghéar ar na cúrsaí sin feasta, nó tá faitíos orm, nach bhfuil cloiste, nó feicthe, againn, faoin léigear seo atá á dhéanamh ar shéipeil na dúiche seo, ach an tús. Níor labhair mé in aon chor leat faoin Mhainistir Dhubh, nó faoi Ardeaglais Mhuire, agus a bhfuil ag tarlú sna hionaid pháirceála atá taobh leo siúd.”

.

Caithfidh tú a admháil, go ndeachaigh mé sách gar don chnámh leis an méid a bhí le rá agam sa phíosa céanna sin!

****************

Peadar Bairéad.

****************

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge