.

I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad

Seo thíos píosa a scríobh mé, blianta fada ó shoin, faoi chuimhní na Cásca, agus cheap mé, ó tharla an tráth seo bliana linn arís, nárbh olc an smaoineamh é, na Cuimhní céanna seo a leagan os bhur gcomhair arís, inniu. Mar sin, seo chugaibh iad………….

.

RINCE NA GRÉINE .

.

Sa chaibidil seo, ligfidh mé srian le capall na gcuimhní siar isteach i ngort na Cásca, faoi mar a cheiliúirtí í agus mise ag fás aníos, in Iorras na nIontas, breis mhaith is trí scór bliain ó shoin. Is iad na chéad chuimhní a thagann aniar chugam anois ó na seanlaethe úd, nó nathanna cainte a bhíodh coitianta ar bhéala daoine, an t-am sin, nathanna ar nós….

Níorbh iontaí liom an Cháisc ar an Aoine,

nó a leithéid a fheiceáil le mo shúile cinn.

Nó arís….

Domhnach Cásca gan uibheacha,

Oíche Nollag Mhór gan im,

Oíche Inide gan feoil,

Nach é sin an bothán lom.

.

Ní gá a rá gur mór idir inné agus inniu, nó ní hionann in aon chor, an cineál saoil a bhí ann an t-am sin, agus an saol atá ann faoi láthair. Ní gá a rá, ach oiread, nach mbíodh Deasghnátha na Cásca á gceiliúradh i ngach séipéal ar fud na deoise, an tráth úd, faoi mar a tharlaíonn sa lá atá inniu ann. Dheintí na Deasghnátha sin a cheiliúradh ins na Mainistreacha, sna Clochair, agus sna hArdeaglaisí, agus mar is eol duit, ní bhaintí úsáid as cloig, sna séipéil, ó Chéadaoin an Luaithrigh go Satharn na Seachtaine Móire, ach amuigh faoin tuath, ní call dom a rá, nach ndéantaí a leithéid toisc nach mbíodh dóthain sagart, nó cór acu, le Cothrom na Féinne a thabhairt do na Deasghnátha casta, fada, a bhí leagtha amach do na leathe beannaithe sin . Ní bhíodh aon aird ró-mhór ag an bpobal, mar sin, ar thús na Seachtaine Móire, cé go mbíodh troscadh agus tréanas á ndéanamh acu ar na laethe sin, mar ullmhúchán don Cháisc.

Lá mór ar fad acu ba ea Aoine an Chéasta.

Bí ag caint ar throscadh is tréanas!

Ba bheag rud i bhfoirm bia a chaithidís an lá beannaithe sin, taobh amuigh den arán tur, agus braoinín tae, gan bhainne, gan siúicre!

Bhí de nós acu, thiar in Iorras, dul chun na trá an lá sin, le cnuasach trá a bhailiú dá ndinnéar, agus cé go raibh sin dian go leor orthu, deireadh na seandaoine linn, nár thada é i gcomparáid leis na troscadh a dhéanadh an ghlún a tháinig rompusan. Is féidir a rá, mar sin, nach mbíodh tóir ró-mhór ag éinne ar bhia, nó ar bheadaíocht, an lá sin, agus don té a mbíodh fonn bia air, nach raibh an seanfhocal ansin lena chur ar bhealach a leasa!

Má ólann tú bainne Aoine an Chéasta,

Déanfaidh do chorp cnumha is péistí.

.

Chomh fada is a théann mo chuimhne anois, lá an-chiúin a bhíodh ann, nó ní chloisfeá duine ag rá amhráin, nó ag déanamh ceoil, nó fiú, ní dhéantaí an oiread sin comhrá, ach oiread, an lá sin. Is dócha go mbíodh na seandaoine, ach go háirithe, ag déanamh a n-anamacha, agus iad ag ullmhú don bhFéile Mhór. Thart ar a trí a chlog, san iarnóin ansin, théadh an chuid ba mho de na daoine fásta, na mná, ach go háirithe, chun an tséipéil, le Turas na gCros a dhéanamh. Théinn fhéin ann corruair, lem’ Mham, agus is beag nach gcuireadh loime an tséipéil scanradh orm. Bhíodh daoine istigh ansin, agus an áit ar fad á glanadh agus a sciúradh acu. Ní bhíodh éadach, nó clúdach ar bith ar an altóir, nó ar Ráille na Comaoineach, ach oiread. Ach, ba é an rud ba mhó a chuireadh ionadh agus alltacht ormsa, nó go mbíodh an Taibearnacal follamh, oscailte, agus an Tiarna fhéin ar iarraidh. Ní bhíodh fhios agam fhéin cá raibh sé, nó cár tógadh é, ach d’airigh mé i gcónaí, go mbíodh an séipeeal fuar, folamh, ar na hócáidí céanna sin, sea! agus gúna corcra sin ar chuile dhealbh sa tséipéal, agus an chros chéasta folaithe faoi chaille chorcra freisin!

Ní gá a rá go mbíodh an chuid ba mhó de na fir ag obair leo amuigh sna goirt, an lá sin, nó cheaptaí i gcónaí, go mba shona an lá é le tosú ar shíolchur, go háirithe, i gcás na bhfataí, agus mura mbeidís réidh le lá iomlán a chaitheamh i mbun na hoibre sin, ba mhinic a dhéanaidís cupla scoilteán a chur, sa chaoi go mbeadh rath ar fhataí na bliana sin! Minic freisin, a bhíodh daoine ag freastal ar an rabharta, le feamainn an Earraigh a bhaint agus a chur ar bruach, nó go mbídís ag an gcladach, le cnuasach trá a bhailiú, ach ba chuma cén obair a bhíodh idir lámha acu, d’aireodh duine, faoi mar a bheadh scamall an Chéasta mar ualach anuas air. Ní gá a rá nach mbíodh ceol, amhránaíocht, nó rince, ar siúl ag daoine, an lá sin.

Mór idir inné agus inniu!

Ar an Satharn ansin, ní bhíodh an oiread sin ar siúl, an t-am sin, ach bhíodh an-tóir ag daoine ar uisce coisricthe úr na Cásca, agus ar aibhleog dhóite as tine na Cásca a lastaí taobh amuigh den séipéal, an mhaidin sin, nó cheaptaí go mbíodh neart agus cosaint faoi leith sna hearraí céanna sin.

Ba gheall le Nollaig dúinne an Cháisc, agus ní call a rá, go mbíodh muid in ár suí le giolc an ghealbhain, nó roimhe fiú amháin, mar bhíodh an t-aos óg ar a gcois roimh bhreacadh an lae, agus iad ag súil go bhfeicfeadh siad an ghrain ag rince, le háthas, Maidin bheannaithe sin na hAiséirí.

Chomh siúráilte is atá an Cháisc ar an Domhnach,

Rincfidh an ghrian ar Dhomhnach na Cásca…

B’in mar a chreid an t-aos óg, an tráth úd, agus rinneadar beart dá réir. Bhídís ag fanacht go foighdeach le breacadh an lae, le bánu an lae, agus ansin, le héirí na gréine gile fhéin. Caithfidh mé a rá anois, gur mhinic a rinne mé fhéin an cleas céanna sin.

Agus ar rinc an ghrian dhuit? a d’fhiafródh duine díom, b’fhéidir.

Bhuel, níl mé ró-chinnte anois, ach an t-am áirithe sin, agus mé ag snámh liom ar shruth na beatha agus na hóige, thabharfainn mo leabhar breac gur dhein!

Nach orainn a bhíodh an t-áthas, an chuid eile den lá sin, agus muid ag dul timpeall ag insint an dea-scéil do chuile dhuine a chasadh orainn.

Resurexit sicut dixit……

Ní raibh sa mhéid sin ach an tús, nó bhí lá fada romhainn amach, agus an saol ar fad báite i dtuile áthais na Cásca. Nár bhreá an taitneamh a bhaineadh muid as ceiliúradh Aifreann na maidine sin? Ó tharla nach mbíodh an oiread sin de bheadaíocht le fáil againne, thiar in Iorras, an t-am sin, bhaineadh muid taitneamh i gcónaí as na féilte móra, agus as na féastaí móra a ghabhadh cois ar chois leo, agus gan dabht ar domhan, bhíodh flúirse le fáil ag chuile dhuine, um Cháisc, agus chomh maith leis na gnáth bhéilí, bhíodh nós na n-uibheacha Cásaca againnn freisin. Ná ceap anois go mbíodh uibheacha Cásca le fáil againn sna siopaí, an t-am sin, faoi mar atá coitianta sa lá atá inniu ann, ach bhí de nós againn, an oiread uibheacha a thabhairt do chuile dhuine sa teach agus a d’fhéadfadh sé, nó sí, scaoileadh siar. Comhartha féile a bhí sa bheart sin, gan bhréag, nó go hiondúil, bhíodh na huibheacha céanna sin ag teastáil go géar le díol sa siopa, le siúicre, tabac, agus gráinnín tae, a cheanacht.

.

Cheannaíodh daoine éadaí nua um Cháisc freisin, dá mbeadh an gustal acu chuige. Nach raibh sé sa tseanfhocal acu fiú….

Bia agus deoch don Nollaig,

Agus éadaí nua don Cháisc.

An tráthnóna sin, bhíodh sé de nós againne, gasúir, bualadh amach faoin tuath, ag déanamh spraoi dúinn fhéin, muid ag rith, ag léim, ag marcaíocht ar asail, agus ag rás linn trí na dumhcha gainimhe, cois trá. Bheadh sé éasca go maith sinn a chur a chodladh an oíche sin, geallaimse dhuit é!

.

Ní raibh fágtha ansin ach Luan Cásca, agus dár ndóigh, bhí a thábhacht fhéin ag baint leis an lá sin, nó chuireadh sé daoine ag smaoineamh ar an Éirí Amach i mBaile Átha Cliath, ar cuireadh tús leis ar Luan Cásca 1916. Ach sin scéal eile, do lá eicínt eile.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge