I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Déan mar a deirim leat

Nach minic a chloistear an nath cainte sin uathu siúd a bhfuil údarás de cineál eicínt acu. Sea, ná déan mar a dhéanaimse, ach déan mar adeirimse leat a dhéanamh. Sin an ticéad, a mhac! Má dhéanann tú a leithéid, ní bheidh locht ar bith le il agamsa ort, ach beidh mé lán tsásta leat. Tugtar faoi deara, go ndéanann lucht dlí agus lucht polaitíochta a leithéid, anois is arís, agus fiú, nár thuig an Bard fhéin, William Shakespeare, an scéal sin go hálainn nuair a labhair sé faoin Urramach úd, a mhol an bóthar caol, anacair, dá thréad, fad is a lean sé fhéin bóthar mín, réidh, na sáimhe. Sin an saol, is dócha! Ach, ba é a chuir ag tochrais ar an gceirtlín sin mé, an babhta seo, nó na turasanna uilig a thug mé ar an ardchathair, ar na mallaibh. Ní call dom a rá gur ghread mé liom suas chun na hardchathrach fan an bhóthair bhreá nua sin, an M9, agus níorbh aon leasainm, Slí Laighean, a bhaisteadh ar an Mótorbhealach céanna sin, nó d’fhéadfá a rá, nach bhfuil a shárú de bhóthar le fáil, thoir nó thiar, sa tír seo, faoi láthair. Agus bíodh go gcoinníonn mé fhéin súil an tseabhaic ar an mbóthar romham amach, ag an am gcéanna, éiríonn liom corrspléachadh a fháil ar thaobhanna an mhórorbhealaigh do-sháraithe sin. Sea, agus céard a bhíonn le tabhairt faoi deara agam fan na dtaobhanna fairsinge sin?

An ceart ar fad agat, nó ba dhoiligh gan iad a thabhairt faoi deara, ar a ndath agus ar a ndéanamh.

Plandaí nimhneacha

Céard tá i gceist agam, an ea?

Tá, na buachaláin bhuí, nó na giosadain, mar a thugaimisne orthu, a fhásann go flúirseach, agus go buacach, fan an bhealaigh. Tuigtear d‘eachtrannaigh áirithe gur feiceálach na bláthanna iad agus iad leata ina mbrat buí ar ’chaon taobh den tslí, ach don té atá ar an eolas, tuigtear dó, gur nimhneach amach is amuigh iad na féiríní céanna sin. Tá’s ag madraí an bhaile nach nosfadh bó nó beithíoch an nimh chéanna sin agus é ag fás i gcimín roimhe amach, ach scéal eile ar fad é nuair a thairgtear don mbeithíoch sin é, i mbrosna féir, nó i m sadhlais.

Anois, nuair a bhí mise ag fás suas in Iorras, in iarthar Mhaigh Eo, blianta ó shoin, bhí a fhios ag chuile ghasúr, ag an am, go raibh sé i gcoinne an dlí plandaí áirithe a bheith ag fás ar do chuid talaimh, agus théadh an póilí timpeall, ag amanna áirithe, leis an dlí sin a chur i bhfeidhm. Bhí comrádaithe ag na giosadáin, dár ndóigh, agus b’iad sin an dá phlanda nimhneacha eile, an feochadán agus an copóg. Sea, agus leis an scéal a dhéanamh níos measa fós, tá an péire sin ag fás leo go buacach, neamhnáireach, fan taobhanna an M9 céanna sin.

Dlí! an ea?

Bhíodh sé i gcoinne an dlí fadó cead fáis a thabhairt do na plandaí nimhneacha sin, agus is dócha gur mar sin atá fós, agus má sea, tuige nach dtugann na húdaráis, ar leo taobhanna an mhótorbhealaigh sin, tuige nach dtugann siad bás obann do na plandaí nimhneacha sin? Sea, agus ní chuirfeadh sé iontas ar bith ormsa, dá gcuirfeadh na húdaráis sin iachall ar dhaoine eile fáil réidh leis na fiailí céanna sin. Sea, ná déan mar a dhéanaimse, ach déan mar adeirimse leat a dhéanamh!

Mar bhuille scoir. Don té a tógadh amuigh faoin tír, sa ré úd fadó, is planda míofar, gránna, nimhneach, é an giosadán, a bhfuil an bás obann tuillte go maith aige maraon lena chompánaigh, an copóg agus an feochadán.

gaGaeilge