I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Democracy at work!

(An Domhnach, an 6ú lá de Mhárta, 2011.)

Tá an tOlltoghchán thart. Tá na vótaí comhairthe. Tá breith an Phobail tugtha. Tá na Teachtaí don Aonú Dáil Triochad tofa. Agus tá Comhrialtas úr réidh le dul i mbun oibre ón 9ú lá de Mhárta, 2011. Tá a fhios againn go léir, nach mbeadh sé éasca aon chineál eile Comhrialtais a chur i dtoll a chéile, leis an ngnó céanna sin a dhéanamh, ó tharla go raibh an oiread sin Teachtaí ag Fine Gael agus ag Páirti an Lucht Oibre, ach nuair a chuireann tú cuingir ar an dá Pháirtí sin, bhuel, tá Comhrialtas ar dóigh agat ansin.

Policy V Programme !

Tá sin uilig go breá, ach caithfidh tú breathnú ar na polasaithe a bhí leagtha amach ag an dá Pháirtí sin, roimh an toghchán. Ní féidir a shéanadh, gur mar sin a bhí, ach nuair a thagann an crú ar an táirne, caithfidh gach páirtí acu cuid den pholasaí sin a chur ar athló, más uathu teacht ar réiteach. Is féidir sin a fheiceáil go soiléir, má bhreathnaíonn tú ar pholasaí Fhine Gael i leith an dáta 2014, a bhi socraithe sa Chonnradh a rinne an Comhrialtas deiridh leis an IMF, agus le ECB, agus gur theastaigh ó Pháirtí an Lucht Oibre an bhliain 2016 a roghnú mar spriocdháta. Bhuel, shocraigh siad ar an mbliain 2015, sa chaoi go raibh cuid dá pholasaí fhéin, faighte ag gach Páirtí acu. Sin an prionsabal a chuirtaer i bhfeidhm agus Pairtithe ag iarraidh teacht ar réiteach, réiteach a théann cuid den bhóthar le chuile Pháirtí acu.

Principle V Compromise !

Ní chuile dhuine a thuigeann an prionsabal sin, nó nach raibh cinnlínte ag Nuachtáin áirithe, cheana féin, go raibh a bprionsabal tréigthe ag na páirtithe sin, agus go raibh siad ag cúlú óna ngeallúintí anois, ó tharla go raibh bua faighte acu san Olltoghchán. Ní féidir a shéanadh go dtarlaíonn a leithéid, i socrú dá leithéid, nó ní féidir le chuile pháirtí acu a bpolasaí iomlán fhéin a chur i gcrích, caithfidh comhghéilleadh a bheith ann. Ach, adéarfadh an dream sin, nach bhfuil siad ag tréigean a bprionsabal, má ghlacann siad le comhghéilleadh dá leithéid?

Tá, agus Níl. Má bhreathnaíonn tú ar an scéal go feallsúnta, caithfidh tú a admháil go bhfuil an ceart acu sin, ach ar an dtaobh eile den scéal, caithfidh tú breathnú ar an bpolasaí a leag siad os comhair an phobail, le linn a bhfeachtas toghchánaíochta. Cad é a gheall siad don phobal, i rith na tréimhse sin?

Gheall siad, go ndéanfadh siad seo agus siúd, dá dtabharfadh an pobal móram iomlán dóibh san Olltoghchán.

Ar thug an pobal an móramh sin dóibh?

Is follas nár thug, agus dá bhrí sin, ní féidir bheith ag súil, go gcoimhlíonfaí go hiomlán, ar gheallúint a tugadh.

What did the Voters say ?

Cad í an bhreith a thug an pobal sa chás seo?

Ba í breith an phobail, nó nach raibh siad sásta móramh iomlán a thabhairt do cheachtar acu, ionann sin is a rá, gurbh é a bhí uathu nó Comhrialtas, agus ó tharla gur mar sin a bhí, caithfidh an pobal a bheith sásta le pé comhréiteach a dhéanfaidh na Páirtithe sa Chomhrialtas, faoi pholasaí an Chomhrialtais sin.

Mar sin, níl sé ceart, cóir, nó feiliúnach, bheith ag caint ar thréigean prionsabal, nó faoi chúlú ó pholasaithe, agus na páirtithe céanna sin ag iarraidh teacht ar chomhghéilleadh áirithe, le breith an phobail vótála a shásamh, sa chaoi go mbeadh ar a gcumas Rialtas cóir, cothrom, a chur in úim, le leas an phobail a dhéanamh, idir seo agus an chéad olltoghchán eile, nuair a bheidh deis ag an bpobal céanna sin, a mbreith a thabhairt ar thoradh a n-iarrachtaí, san idirlinn.

Ar na prionsabail sin a bunaítear feidhmiú ár ndaonlathais, anois, agus sna blianta atá romhainn amach.

.

gaGaeilge