R e i f r e a n n N i c e A c h t a i t h e .

.

**************************************

Ar deireadh thiar thall, tá Reifreann Nice achtaithe ag vótóirí na tíre seo, agus tá ár ndualgas i leith náisiún Oirthear na hEorpa, coimhlíonta againn. Caithfear glacadh leis, gurb é seo an dara babhta againn dul thar na claíocha leis an Reifreann céanna sin, nó dhiúltaíomar glan do Chonradh Nice, an chéad uair a leagadh os ár gcomhair amach é. Conas a tharla mar sin, gur glacadh chomh héasca sin ar fad leis, an turas seo?

Bhuel, bhí mé fhéin agus mo sheanchara, Séimí an Droichid, ag iarraidh an cheist chéanna sin a chíoradh, is a scaoileadh, agus sinn in ár suí go deas sócúil istigh i gCailleach (snug), san Óstán cáiliúil sin, an Smugairle Róin, an oíche cheana, agus caithfidh mé a admháil anois, gur chuir géarchúis mo sheanchara ionadh an domhain ormsa, nó go nuige seo, ba é a cheap mé fhéin nó go raibh mo Shéimí bocht taobh thiar den doras, nuair a bhíothas ag roinnt na céille, fadó! Ach, ní mar a shíltear a bhítear, go minic, agus tá áthas orm anois an tuairim sin a cheartú, ar eagla na heagla. Ach b’fhéidir gur chóir dom tosú ag an tús, agus an scéal ar fad a leagan os do chomhair amach.

Bhí Séimí istigh sa Chailleach romhamsa, an babhta seo, rud ab annamh leis, agus d’fháiltigh sé romham go croíúil nuair a thug sé cuireadh isteach dom, agus tar éis na gnáthbheannachtaí a mhalartú, leag Séimí deoch spreagúil os mo chomhair amach.

“Caith siar é sin,” ar seisean, “agus ólaimis sláinte na náisiún úd uilig atá ag fanacht ar dhul isteach san Aontas Eorpach s’againne.”

“Sláinte agus saol chucu, agus i ndáiríre, beidh na múrtha fáilte rompu isteach sa teaghlach Eorpach arís, agus gura seacht fearr a bheas siad dhá bhliain ó anocht. Ach anois, ó tá an Reifreann sin Nice thart, agus achtaithe, tuige, an gceapann tú, nár ghlac muid leis, an chéad bhabhta?”

“Tá teoiric agam fhéin faoin diúltú sin a tugadh dó, a chéaduair, ach dár ndóigh, ní chuile dhuine a d’aontódh liom sa teoiric chéanna sin.”

Cén teoiric í fhéin, in ainm an Rí? a Shéimí.”

“Bhuel, tá’s ag madraí an bhaile, gurb iad na hÉireannaigh an dream is cliste i mbun Reifrinn, nó Toghcháin, sa mbith bhán, agus is féidir leo úsáid a bhaint astu le port ar bith is mian leo a sheint orthu.”

“Cén cineál cainte sin agat, nó má tá an ceart agat, is cliste go mór fada madraí an bhaile ná mise?”

“Bhuel, mar is eol duit fhein, ní mó ná sásta a bhíomar fhéin, nó éinne eile, dá ndéarfainn é, leis an gConradh sin Nice, nó an chaoi ar chuir sé teorainn lenár gcumhacht daonlathach, lenár bhflaitheas, agus lenár n-ionadaíocht san Aontas Eorpach feasta, sea mh’anam, níl an Conradh céanna sin thar mholadh beirte, ach, ag an am gcéanna, bhí snáithe eile ag gabháil tríd an gConradh céanna sin, snáithe a thabharfadh deis do thíortha Oirthear na hEorpa bheith ina mbaill den Aontas Eorpach, amach anseo.”

“Sea, sea, sea. Ach cén bhaint atá aige sin go léir leis an diúltú a thugamar don Chonradh céanna sin?”

“Bhí trí chúis againn diúltú don Chonradh, an chéad bhabhta, agus tabharfaidh mé na cúiseanna sin dhuit anois.

 Níor dhein na Páirtithe Polaitíochta iarracht ar bith, gur fiú trácht air, an scéal a mhíniú don lucht vótála, an chéad bhabhta sin. In áit a dhul amach ag toghchánaíocht, mar adéarfá, is amhlaidh a chuir siad fógraí in airde ar na cuaillí telegrafa, ag maíomh, go raibh faoi Sheán Mac Amadáin “TÁ” a vótáil sa Reifreann. Ba rí-chuma linne cén chaoi a raibh sé le vótáil, nuair nár mhínigh sé dúinn, cén fáth a raibh sé ag vótáil amhlaidh. Thug an cur chuige sin deis do lucht “NÍL” teacht os comhair an phobail, agus iad a scanrú, trína rá leo go dtarlódh seo agus siúd, dá vótálfadh siad “TÁ”, lá an Reifrinn.

.

 Nuair a chonaic an pobal gur mar sin a bhí, theastaigh uathu cloch a chur sa mhuinchille, le buille a bhualadh ar an Rialtas agus ar na Páirtithe Aithnidiúla Polaitíochta eile a bhí i gcomhar leo, nó bhí fhios acu go maith, go bhféadfadh siad diúltú don Chonradh, leis an teachtaireacht sin a thabhairt don Rialtas, nó ba mhaith a thuigeadar, go mbeadh neart ama acu le “TÁ” a vótáil sa dara Reifreann, nó bhí fhios acu go mbeadh iachall ar an Rialtas tabhairt faoin Reifreann arís. Sa tslí sin, bhí ar chumas an phobail, ceacht a mhúineadh don Rialtas, agus do na Páirtithe móra eile, agus ag an am gcéanna, thuig siad, go mbeadh ar a gcumas gar a dhéanamh do phobail bhochta Oirthear na hEorpa, ar ball.

.

.

 Agus an rud ba chliste ar fad, ní raibh orthu fiú vóta a chaitheamh, lá an Reifrinn, nó níor mhaith leo bheith i gcomhar le lucht “NÍL”. I ndáiríre, ní raibh le déanamh acu ach fanacht sa mbaile lá an Reifrinn, agus sa tslí sin, bhí ar a gcumas an ceacht sin a mhúineadh don Rialtas, agus do na Páirtithe eile a bhí i gcomhar leo, agus níorbh é sin amháin é, ach bhí ar a gcumas freisin, flíp a bhualadh ar Bhaill eile an Aontais Eorpaigh, nó trí dhiúltú do Chonradh Nice, thugadar le fios do Rialtais eile an Aontais, nach rabhamarna, mar phobal, sásta leis an gConradh lochtach sin Nice, agus go mbeifí ag súil le feabhas, sa chéad Chonradh eile a sheolfaidís inár dtreo.

Bhí an ceart ag vótóirí cliste, eolgaiseacha, na Poblachta seo, nó ba bheag nach ndeachaigh an Rialtas s’againne, agus Rialtais eile an Chomhaontais, as a gcranna cumhachta, nuair a fuair siad amach, go raibh diúltaithe don Chonradh sin Nice ag ár gcosmhuintir, anseo ar imeall an domhain, sea, agus sin tar éis ar dhein siad, le sinn a ardú as an mbogach ina raibh muid sáite go dtí na cluasa, leis na céadta bliain. Chuaigh na tíortha sin in Oirthear na hEorpa, a bhí ag iarraidh teacht isteach san Aontas, le báiní freisin, nuair a chuala siadsan an scéal, go raibh muidinne chomh leithleasach, cointinneach, sin, nach raibh muid sásta deis a thabhairt dóibhsean teacht chun an trach bheathaithe, ó tharla go raibh muidinne sáthach, sásta, inár mbanbh biata, ag bianna beadaí an Aontais.

Bhí breall orthu uilig áfach, nó ba mhaith a thuig ár vótóirí, go dtiocfadh an Rialtas chucu, den dara babhta, agus san idirlinn, go mbeadh ar a gcumas, iachall a chur orthu athruithe inmhianaithe a dhéanamh ar chúrsaí an Reifirnn, agus nuair a thiocfadh siad chucu leis an Reifreann arís, go raghadh siad amach chun na bothanna vótála, an turas sin, agus go nglacfadh siad, le móramh maith, leis an gConradh a chuirfeadh fáilte roimh na tíortha úd as Oirthear na hEorpa, ar theastaigh uathu bheith ina mbaill den Aontas s’againne.”

“Agus a Shéimí, an gceapann tú, i ndáiríre, go bhfuil vótóirí na tíre seo, chomh glic, cliste, eolgaiseach sin, sa chaoi a ndéanann siad a vótaí a chaitheamh, i dtoghcháin agus i Reifrinn?”

“Bí cinnte dearfa de. Is féidir leis an dream s’againne ceol a bhaint as a vótaí, nó is féidir leo port ar bith is maith leo a sheinm ar thoghchán nó ar reifreann. Agus tá rud amháin eile ar mhaith liom tagairt a dhéanamh dó, sul má imíonn mé liom abhaile chuig Naipí is na rudaí beaga.”

“Agus céard é fhéin?”

“Bhuel, tá mé ag ceapadh, go raibh roinnt áirithe tíortha ar an Mór Roinn, a bhí ag guí Dé go ndiúltódh muidinne don gConradh sin Nice, an dara babhta freisin.”

“Ach a Shéimí, tuigeadh domsa go raibh chuile dhuine ar an Mór Roinn ag guí Dé, de ló is d’oíche, go nglacfadh muidinne leis an gConradh sin, ar ais, nó ar éigean.”

“Óra! Bíodh trí splaideog chéille agat! Níor mar sin dóibh, in aon chor, nó bhí roinnt mhaith feirmeoirí, ar fud na hEorpa, nár theastaigh uathu an ciste a roinnt ar fheirmeoirí iargúlta Oirthear na hEorpa, nó dá mhéad a roinntear orthusan, is ea is lú a bheidh fágtha le roinnt ar fheirmeoirí Iarthar na hEorpa, dream atá imithe ina chleachtadh, faoin am seo. Bheadh cúrsaí go hálainn dóibhsean, dá vótálfadh muidinne “NÍL”, nó d’fhéadfadh siad an milleán uilig a leagan ar vótóirí leithleasacha, cointinneacha, na hÉireann, sa chás sin, ach anois, caithfidh siad a gcath fhéin a throid, os ard, agus os comhair an bhaile, mar adéarfá.”

“Ach, a Shéimí, nach bhfuil sé deachair a chreidiúint, go bhféadfadh na vótóirí s’againne, bheith chomh glic, cliste, eolgaiseach, fadcheannach sin, i gcúrsaí vótála, agus gan deis acu pleananna dá leithéid a leagan amach, nó a shocrú, roimh ré?”

“Ní bhíonn gá le pleanáil roimh ré, nó tada dá leithéid, mar nuair atá pobal cosúil le pobal na hÉireann, tuigeann chuile dhuine acu céard is ceart dósan a dhéanamh, agus sin an chaoi a tharlaíonn, go n-éiríonn leo a dtoil mar phobal a léiriú. Geallaimse dhuit é, go bhfuil sé deacair a leithéid a thuiscint, ach má dhéanann tú torthaí na dtoghchán, agus na Reifreann, a ritheadh sa tír seo, le tamall de bhlianta anuas, feicfidh tú fhéin, go bhfuil an ceart agam.”

“Ach, a Shéimí…”

“Fóill ort anois, nó tá sé thar am agamsa bheith ag bogadh liom abhaile. Beidh Naipí is na rudaí beaga ag fanacht go foighdeach orm, nó bíonn eagla orthu, chuile bhabhta, go ndéanfaí mé a robáil, nó a mhugáil, má fhanaim amuigh ró-dhéanach san oíche. Ach beidh deis eile againn leis an gceist sin a chíoradh, agus a scaoileadh, an tseachtain seo chugainn, le cúnamh Dé, ach don bhabhta seo…Slán..”

“Slán abhaile,” a chuir mé fhéin ina dhiaidh, nó faoin am sin, bhí sé glanta leis amach doras na Caillí, agus mise fágtha liom fhéin, le mo dheoch a dhiúgadh go tóin. Níor aontaigh mé le chuile rud dá ndúirt mo Shéimí breá, ach mar sin fhéin, caithfidh mé a admháil dhuit, gur aontaoigh mé le roinnt mhaith dár leag sé os mo chomhair amach, ach caithfidh mé dul ar mo mharana, leis an gceist seo a chíoradh tuilleadh, agus b’fhéidir, go bhfillfinn ar an gceist arís, amach anseo. Idir an dá linn, céard é do thuairimse ar a raibh le rá ag mo Shéimí cóir? Ná bíodh drugall ar bith ort scríobh chugam, nó chuig Séimí cóir fhéin, má thograíonn tú é!

Go dtí an chead bhabhta eile….Slán…..

.

*******************

Peadar Bairéad.

*******************

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge