Résheoid………….céadchló………………..2011

le

Doireann Ní Ghríofa……………………….€7.50

Peadar Bairéad

Geasa na Gealaí

I mbliana a seoladh, Résheoid, díolaim filíochta ó pheann aclaí, cliste, an fhile seo, Doireann Ní Ghríofa. As Contae an Chláir do Dhoireann ó dhúchas agus Céim Máistreachta sa Nua-Ghaeilge bainte amach aici, le déanaí. Tá an file óg seo i mbun pinn le scathamh anois, agus dánta lei foilsithe go rialta in irisí éagsúla. Bhronn an Chomhairle Ealaíon sparántacht uirthi i mbliana. Deir Alan Titley linn, i nóta ar chlúdach cúil an leabhair seo:-

“Tá teanga shnoite shaorlíofa cothaithe ag an údar a iompraíonn dánta a bhfuil idir iontas agus dhraíocht agus sceimhle iontu”

Seacht ndán is trí scór atá le fáil againn idir chlúdaigh mhaisiúla, dea-dheartha, an díolaim dána seo, agus is mór an chreidiúint do Choiscéim cur i láthair an tsaothair bhláfair, so-léite, seo.

Céard faoin ndán “Résheoid” as ar ainmníodh an leabhar,? Seo chugaibh ina iomláine é, nó tuigeadh dom, go raibh an chumadóireacht anseo ró-dhlúth, ró-shnoite, le giotaí a phiocadh as….

RÉSHEOID

Táim faoi gheasa ag an ngealach

Lonraíonn sí trím’ bhrionglóid

Seolann si inspioráid

Ar thonnta dorcha na hoíche

Le lapadaíl cuilithíní.

Dúisíonn sí mé

De phreab,

Leathbháite

M’anáil sciobtha aici.

Brúnn sí mo pheann luaidhe

Chun scríobadh ’s scrábáil

Ar pháipéar leathstróicthe

Mo shúile dúnta, dallta.

Táim faoi gheasa ag an ngealach

Caithfear í a shásamh.

Cuireann an ghealach an file faoi gheasa, agus trína hinspioráid spreagtar féith na filíochta ina croí, agus tugann sí faoi dhán a scríobh ar pháipéar leathstróicthe, a súile dallta ag solas na gealaí, ach níl éaló óna geasa, agus caithfidh sí an dán a chur ar phár. Feiceann tú chomh cliste is a cumtar an dán seo ina aonad críochnaithe amháin.
Féach freisin, mar a úsáideann sí an teanga go samhlaíoch sa chéad dán ina gcuireann sí síos ar ‘An Stáitse’ agus an Fhoireann réidh le teacht i láthair a lucht éisteachta…..

Cuilithíní comhrá…

Clingeann an ceolán.

“Íslíonn

cleití beaga bána

an chiúnais”

.

Ardaíonn an brat trom

Go mall, sa dorchadas.

.

Sampla amháin eile, le scil agus ealaíon an fhile seo a leagan os do chomhair amach. ‘An Loch’ a bhaist sí ar an ndán seo..

Péire eala

Ar snámh mall

Oíche fhuar cois locha,

Muiníl lúbtha

Ag síorcheistiú

Ciúnas domhain an uisce.

Scaipeann neart

A gcosa scamallacha

Na néalta

Ó scáilí preabarnacha

Na réaltaí.

Aonad deas iomlán samhlaíoch arís anseo againn. Agus féach mar a chuireann sí críoch lena dán “BEAN NÍOCHÁIN”…

Fáisceadh éadaí fliucha in uisce fiuchta

Feadaíl fhíochmhar fuipe na focail

Gol géar goirt.

.

Deora galaithe.

.

Ní gá tuilleadh samplaí a thabhairt anseo, nó níl le déanamh ag duine ach an leabhar seo a léamh le taitneamh a bhaint as a bhfuil leagtha os a chomhair amach ag an bhfile.

Tá mé ag súil go mbainfidh tú taitneamh as na seacht ndán is trí scór atá le léamh idir chlúdaigh bhláfara an díolaim thaitneamhaigh seo.

.

gaGaeilge