S a o l t a a g A t h r ú .

************************

Línte tosaigh an úrscéil chailiúil úd, A Tale of two Cities, le Charles Dickens, a rith liom, cupla oíche ó shoin, agus mé ag iarraidh roinnt smaointe ar Nollaigí m’óige, a chur i dtoll a chéile, do phíosa Nollaigiúil na seachtaine seo, píosa, b’fhéidir, a chuirfeadh duine ag smaoineamh ar na hathruithe móra atá tagtha ar an saol le seachtó bliain anuas….

“It was the best of times, it was the worst of times.”

Sílim fhéin go bhféadfaí an rud céanna a rá faoin tráth seo bliana, nó chomh fada is a bhaineann sé leis an aos óg, níl a shárú le fáil faoi luí na gréine, ach go minic, i gcás na ndaoine eile úd, a bhfuil bunús a n-oilithreachta críochnaithe acu, nó dóibh siúd a ndeachaigh cúrsaí an tsaoil ina gcoinne, d’fhéadfadh an tráth seo bliana bheith níos uaigní dóibhsean, ná tráth ar bith eile ó Lá Caille go hOíche Chinn Bliana.

Ach le ceann a bhaint den scéal, nach maith atá a fhios againn uilig an chaoi a bhaineann an t-aos óg toit agus spórt as Féile seo na Nollag. Ní call dúinn ach ainm an fhir mhóir, ramhair, groí, úd, San Nioclás fhéin, a lua, le loinnir a chur i súile an aosa óig, ar smaoineamh dóibh ar fhéastaí, ar bhronntanaisí, ar fhéiríní, agus ar bhréagáin. — Anois, níor chóir dom dearmad a dhéanamh ar uimhir áirithe páistí nach mbaineann taitneamh nó spraoi as an Séasúr beannaithe seo, toisc go gcaitear leo go holc, go brúidiúil, agus go bhfágtar iad gan grá, gan meas, gan cúram, ach tríd is tríd, déanann tuismitheoirí gach dícheall le freastal ar an óige a bhíonn faoina gcúram, an tráth seo bliana. — Ach ar an dtaobh eile den scéal, ní gá dom ach an focal, uaigneas. a lua, agus tuigfidh tú láithreach, cé mar a chuireann Séasúr na Nollag isteach ar roinnt áirithe díobh siúd, a bhfuil deireadh an ráis ag druidim leo, le luas lasrach. Smaoiníonn siad siúd ar chairde caillte, ar laethe a bhí, agus ar fhailleanna nár rugadh orthu. Sea, is dócha go bhféadfadh duine a rá le fírinne…

“It was the best of times, it was the worst of times,

it was the season of Light, it was the season of Darkness,”

Feictear do dhream amháin gurb é an séasúr is gile ar bith é, ach don dream eile, níl séasúr chomh dorcha le fáil sa bhith críoch.

Ach, b’fhéidir anois, nárbh olc an smaoineamh é, súil a chaitheamh siar, le spléachadh a fháil ar na Nollaigí a bhí, len iad a chur i gcomparáid leis na Nollaigí a bhíonn againn ar na saolta deireannacha seo.

Is cuimhin liomsa na Nollaigí a bhíodh againne thiar in Iorras, i dtriochaidí na haoise seo caite.

Ag magadh fúm atá tú, ach níor cheap mise go raibh éinne chomh haosta sin !

Geallaimse dhuit é go bhfuil, agus é beo beathaíoch fós! Ach ní chuige sin atá mé an babhta seo.

Bhuel, cén cineál Nollaigí a bhíodh agaibh, má sea?

Nollaigí sona, sásta; Nollaigí carthannacha, críostaí; agus Nollaigí aeracha, meanmnacha. B’fhéidir nach mbíodh mórán airgid againn agus muid ag ceannacht na Nollag, ach mura raibh fhéin, bhíomar sona, sásta, leis an méid a cuireadh ar fáil dúinn. Ba é an scéal céanna ag óg agus ag aosta é, ní bhídís ag súil le mórán, agus dá bhrí sin, bhídís sásta leis an mbeagán.

It was the season of Light, it was the season of Darkness,

It was the Spring of hope, it was the Winter of despair,

We had everything before us, we had nothing before us,

Breathnaigh nóiméad ar cheist sin na mbréagán. Sa lá atá inniu ann, ní bhíonn páistí áirithe sásta, mura bhfaigheann siad Ríomhaire, nó “Play Station”, nó rud eicínt dá leithéid. I ndáiríre, ní bréagáin iad a leithéidí, in aon chor, ach gléasanna oibre, nó chaitheamh aimsire. Ní bheadh girseacha an lae inniu sásta le bábóg beag tuí, nó le rud eicínt dá leithéid. Geallaimse dhuit é, nach mbeadh. Is amhlaidh a bheadh rothar, nó scútar, nó teach bábóige, ag teastáil uathu in éineacht leis an mbábóg tuí chéanna sin, sea, agus b’fhéidir “Surprise”, chomh maith leo sin, sára mbeadh roinnt áirithe de ghirseacha an lae inniu sásta, nó leath-shásta, b’fhéidir. Féach ar an mbrú a chuireann páistí an lae inniu ar a dtuismitheoirí! A Mham, “How come” go bhfuair Seáinín na ngiobal, thuas an bóthar, “Play Station” agus rothar sléibhe, maraon le cupla “surprise”, agus níl le fáil agamsa ach an scútar lofa sin? An é nach bhfuil grá ar bith agat domsa anois? Feictear domsa go bhfuil níos mó le fáil ag Seán an Gheata fhéin ná mar a fhaighimse, bíodh nach bhfuil ann ach maicín altrama! Beidh na gasúir eile ag gáire fúmsa anois, agus iad ag fiafraí díom ar tháinig San Nioclas fhéin chugamsa, in aon chor, nó arbh amhlaidh nár tháinig chugamsa ach a chúntóir? Sea, mh’anam, agus Mamaí bhocht ar a míle dhícheall, ag iarraidh an Nollaig a cheannacht don chlann ar fad, agus gan aice ach pingneacha beaga chuige sin.

Agus nach mbíodh na cleasa céanna ar siúl agaibhse, seachtó bliain ó shoin? Ní bhíodh, mh’anam, nó, ar an gcéad dul síos, bhíomar uilig chomh bocht lena chéile. Ní bhíodh ag an gcuid ba mhó againn ach bréagáin baile, bréagáin a deineadh sa bhaile. Ach nach mbíodh bréagáin siopa agaibh, freisin?

Bhuel, anois is arís, b’fhéidir go bhfaighfeá guinnín, nó cairrín, nó saighdiúirín, nó a leithéid, ach b’annamh go maith a gheofá a leithéid, agus ní bheifeá ag dul timpeall ag clamhsán, go bhfuair duine de na comharsain gunna, nó carr, nó saighdiúir, nó a leithéid, ach dá bhfaighfeá fhéin a leithéid, bheadh tú buíoch beannachtach, agus dá bhfaigheadh do chomharsain é, bhuel, b’fhéidir go ligfeadh sé duit seal a chaitheamh ag súgradh leis, am eicínt, i ndiaidh na Nollag!

Agus an mbíodh tada eile le fáil agaibh mar bhronntanas Nollag ó San Nioclás, na laethe úd?

Ó, bhíodh. Bhíodh milseáin, úlla, piorraí, oráistí, agus a leithéid, agus mura mbeadh na hearraí sin flúirseach ag Mam, bhuel, ansin dá mbeadh an t-ádh ort, chuirfeadh sí mám rísíní isteach sa stoca dhuit.

Agus ar thaitin earraí dá leithéid libh, an t-am sin?

Cuirfidh mé geall go dtaitníodh, agus nach muidinne a bhaineadh an cnagairt as earraí dá leithéid! B’ór buí, agus b’airgead geal, dúinne, na hearraí céanna sin. Sin an fáth a ndeirim gur mór idir inné agus inniu. Agus an rud a shásódh sinne, seachtó bliain ó shoin, ní bheadh gasúr, nó girseach, ar bith, sásta leo, sa lá atá inniu ann. Le fírinne, ní dóigh liom go raghaidís trasna na sráide, le féiríní dá leithéid a phiocadh suas.

An é mar sin, go bhfuil saol i bhfad níos sona ag páistí an lae inniu?

Ní hea, in aon chor, nó cuirfidh mé geall, gur bhaineamarna an oiread céanna spraoi agus spóirt, as a raibh againne, an tráth úd, agus a bhaineann gasúir an lae inniu, as a mbíonn acusan anois. Ní bhíonn an tsaint fite fuaite i ndúchas an pháiste. Ní bhíonn uaidh ach grá agus spraoi, agus is féidir leis spórt a bhaint as bosca na mbréagán fhéin fiú, sa chás sin.

“It was the best of times, it was the worst of times

it was the season of Light, it was the season of Darkness,

it was the Spring of hope, it was the winter of despair,”

Sea, don té atá imithe anonn sna blianta, agus a bhfuil an aois mar mheáchan anuas ar a chnámha, agus a bhfuil cúrsaí an tsaoil mhóir imithe ina choinne, is scéal eile ar fad dósan an Nollaig chéanna sin. Tá a chairde agus a chlann imithe uaidh, faoin am seo, agus é fágtha ina chadhain aonraic, leis fhein, agus gan de chomhluadar anois aige ach a smaointe duairce, dorcha, dubha, fhéin.

Ach nach gceapfá, go dtógfadh gliondar agus spraoi an aosa óig a chroí agus a mheanmna dó, agus go gcuifeadh ceol agus rince an tSéasúir ríméad ar an gcroí istigh ann?

Beag an baol go dtarlódh tada dá leithéid. Nuair a fheiceann seisean na daoine óga ag déanamh a gcuid cleas, agus ag súgradh lena bhféiríní Nollag, is amhlaidh a thosaíonn seisean ag smaoineamh siar ar na laethe úd fadó, nuair a bhí a chlann ag fás aníos agus iad ag súgradh thart air fhéin, nó b’fhéidir go dtéann sé siar go dtí laethe órga a óige fhéin fiú. Sea, agus céard tá fanta aige anois sa nead?

Tada! Níos lú ná tada, nó mura mbeadh tada aige, ní bhrisfeadh sin a chroí, nó an rud nach raibh riamh aige, ní aireodh sé a leithéid uaidh, ach i gcás na bpáistí úd atá anois glanta leo as an nead, bhuel, tá a gcuimhne fanta ina ndiaidh, agus itheann agus creimeann an chuimhne sin fuil agus feoil an chroí istigh ann, sa chaoi gurb é séasúr an dorchadais, agus an éadóchais dósan é. Agus breathnaigh ar na daoine eile úd, atá imithe anonn sna blianta, agus atá anois ar an anás agus iad fágtha gan foscadh, gan fothain. An é do thuairim go mbíonn siadsan sona sásta aimsir na Féile móire seo? Bí cinnte nach mbíonn, nó arís, is iad na smaointe ar na laethe a bhí, a fhilleann orthu anois, len iad a chrá agus a chéasadh. Cuimhníonn siad ar na féastaí a bhíodh acu fadó, le linn dóibh bheith ag fás aníos i dtigh a muintire, agus féach orthu anois, gan an oiread acu is a cheannódh builín aráin, nó braon bainne, dá gceadphroinn, ach iad ag brath ar na “Samaritans” nó ar lucht “Meals on Wheels”, le greim a coinneáil leo. Ní haon ionadh, gur tráth uaignis, agus briseadh croí, dóibhsean, Séasúr na Nollag.

“It was the best of times, it was the worst of times,

It was the season of Light, it was the season of Darkness,

It was the Spring of hope, it was the winter of despair,

We had everything before us, we had nothing before us. “

Anois, ní gá dhom a rá, nach faoin Nollaig a bhí an t-údar cáiliúil, Charles Dickens, ag scríobh, agus na focail thuas á mbreacadh síos aige, ach murarbh ea fhéin, nach breá feiliúnach iad, mar theist ar an tráth seo bliana?

Ach raghaimis siar nóiméad arís, go dtí na Nollaigí gortacha úd, ar dhein mé tagairt dóibh thuas, agus mé ag scríobh faoi na Nollaigí a chaith mé fhéin, agus mé ag fás aníos, thiar in Iorras, thart ar sheachtó bliain ó shoin anois, ach bhí comhábhar amháin, sa mheascán sin, nár dhein mé tagairt ar bith dó, agus mé ag scríobh fúthu.

Agus cén comhábhar é fhéin, an ea?

An spioradáltacht, nó an chríostaíocht, a bhí fite fuaite i saol an uile dhuine againn thiar, ag an am sin. Ní ag maíomh as sin atá mé anois, nó ba chuid den saol a bhí thart orainn é, agus ní sinne a chruthaigh, nó a chum. Ach ag an am gcéanna, ag breathnú siar ar chúrsaí anois, ní féidir a shéanadh, ach gur chuir an spioraadáltacht chéanna sin go mór le saibhreas na beatha dúinne páistí. Cinnte, bhíodh súil in airde againn do na féiríní agus do na bronntanaisí Nollag, ach bhí níos mó ná sin ag baint leis an Séasúr beannaithe sin dúinne. Nár lá breithe é? Lá breithe an tSlánaitheora fhéin!

Sea, agus thosaíodh muidinne ag ullmhú don cheiliúradh sin ar an gcéad lá de Mhí na Nollag, nó ar an lá sin, chuireadh muid tús le nós an Chúig Mhíle Áivé. B’in nós a bhí againn thiar in Iorras, ag an am, agus i ndáiríre, níor chuala mé riamh go raibh an nós sin le fáil áit ar bith eile sa tír, ach ba é a bhí i gceist sa nós sin, nó go raibh orainn cúig mhíle Áivé a rá, idir an lá sin agus Lá Nollag, agus bhí le tuiscint ansin, go bhfaighfeá do mhian, ach an méid sin Áivé a bheith ráite agat, taobh istigh de na dátaí sin. Bhí de nós againne an bronntanas sin a thabhairt do Mham, mar bhronntanas Nollag uainne páistí. Ach tuigtear ón méid sin, go mbíodh an saol eile, chomh maith leis an saol seo, ar ár n-aire againne, an tráth úd, agus i ndáiríre, is dócha go raibh an taobh sin den scéal chomh tábhachtach leis an taobh saolta den Séasúr, agus chomh maith le sin, is dócha gur chuir sé craiceann eile ar fad ar scéal Fhéile na Nollag dúinne.

“It was the best of times, it was the worst of times,

It was the season of Light, it was the season of Darkness,

It was the Spring of hope, it was the Winter of despair,

We had everything before us, we had nothing before us,

We were all going direct to Heaven, we were all going direct the other way.”

Sea, mh’anam, don óige, is é an tráth is fearr den bhliain é, Séasúr an tSolais, Earrach an dóchais, tráth a bhfuil an saol uilig leata os do chomhair amach, agus tú ar do shlí chun na bhFlaitheas, nó is í an óige séasúr an dóchais, na bhfíseanna, agus an tráth is fearr. Ach, ag an am gcéanna, ní mór dúinn cuimhneamh, go bhfuil daoine eile ann, a bhfuil a ndóchas-san iompaithe ina éadóchas, a bhfíseanna iompaithe ina dtromluithe, agus a n-óige fhéin caillte, agus ina háit, níl fágtha anois ach roic, agus dathacha. Ná síltear anois go dtarlaíonn sin do chuile dhuine, nó tá aithne agamsa, agus agatsa freisin, ar dhaoine atá imithe anonn sna blianta, ach má tá fhéin, choinnigh siad greim i gcónaí ar an óige fhéin, gona físeanna, gona dóchas.

Conas a tharlaíonn a leithéid, an ea?

Bhuel, braitheann na hathruithe céanna sin ar roinnt mhaith rudaí, agus ina measc siúd tá, an tsláinte, na croiseanna a leagtar ar dhuine, agus an chaoi a luíonn coraí crua an tsaoil anuas ar a ghuaille. Má tá tusa imithe anonn sna blianta, agus má tá greim dóide agat fós ar fhíseanna na hóige, daingnigh do ghreim orthu, ar eagla go sciorrfaidís uait, ach ag an am gcéanna, cuimhnigh orthu siúd a bhfuil a ndóchas iompaithe ina éadóchas orthu, agus a bhfíseanna iompaithe ina dtromluithe, agus an óige fhéin imithe soir siar uathu. Sea, bíodh na daoine sin inár smaointe agus inár bpaidreacha, an tráth seo bliana, agus thairis sin, má fhaigheann muid an deis, déanaimis gar dóibh, le spiorad na Nollag fhéin a athbheochan ina gcroíthe arís.

“It was the best of times, it was the worst of times,”

Nollaig faoi shéan is faoi mhaise dhaoibh uilig, idir óg agus aosta, agus go mbeirimid beo ar an am seo arís.

.

*****************

Peadar Bairéad.

*****************

.

gaGaeilge