S l a d g a n C h ú i s !

.

**********************************

.

Scríobh mé píosa anseo, tamall ó shoin, faoin chaoi a bhfuil ruifínigh, agus lucht foréigin, ag glacadh seilbhe ar shréideanna agus ar bhóithre na Cathrach Áille seo, Chill Chainnigh, agus mar is eol do chách, d’fhéadfá an rud céanna, geall leis, a rá, na laethe seo, faoi chuile bhaile agus faoi chuile chathair, i gCríoch seo na Naomh is na nOllamh. Dá chomhartha sin, nach beag duine againn a mbeadh sé de dhánacht ann, spág a leagan in ionaid áirithe, le linn uaireannta an dorchadais, nó fiú, i lár an lae ghil fhéin, ar eagla go ndéanfaí ionsaí air, ar chúis amháin, nó ar chúis eile. Ar an drochuair, ní scéal scéil atá i gceist agam anseo, ach lomchlár na fírinne. Ar chúis amháin, nó ar chúis eile, adúirt mé, bhuel, mo dhearmad, nó tá boicíní gránna amuigh ansin, a bheadh sásta duine a ionsaí, gan chúis dá laghad chuige, agus gan ar chumas éinne, miniú a thabhairt ar a ghníomh, ach amháin go bhfuil an drochbhraon ann. Sin mar atá cúrsaí, faoi láthair, agus nach beag oíche a théann thart, gan mugáil nó robáil, ionsaí nó bualadh, briseadh nó bascadh, a tharlú áit eicínt, i mbaile, nó i gcathair eicínt, i dtír seo na hÉireann, agus gan ar chumas Rialtais, nó Údaráis, Garda nó Airm, go nuige seo, ach go háirithe, stop a chur leis an ruifíneacht, nó leis an sladaíocht seo.

Táid ann, gan amhras, adéarfadh, nach bhfuil ach leigheas amháin ar scéal seo an fhoréigin, agus sin tomhas a láimhe fhéin a thabhairt dóibh, nó ní thuigeann fear buile tada ach adhmad! go háirithe, nuair a thugtar blas an adhmaid sin sa cheann dó! Go breá, ar fad, ach ní tráth magaidh é, nó ní tráth faille é, ach oiread. Tá an t-am tagtha ag saoránaigh an Stáit seo, beart a dhéanamh, le deireadh a chur leis na céapair seo, agus seilbh a ghlacadh athuair, ar sráideanna agus ar bhóithre a mbailte agus a gcathracha. Mura ndéantar go luath é, beidh sé ró-dhéanach chuige, agus beidh seilbh bhuan gafa ag na ruifínigh, ar ár mbailte, agus ar ár gcathracha, agus beidh faitíos orainne ár dtithe a fhágail, fiú i lár an lae ghil. Bhuel, b’in an port a bhí á sheint agam anseo, tamall ó shoin, agus ní dóigh liom, gur tháinig mórán feabhais ar chúrsaí, san idirlinn. Anois, caithfear a rá go bhfuil an foclóir ceart á úsáid ag an Aire Dlí agus Cirt, agus é ag cur síos ar na cúrsaí seo, agus tá moladh tuillte aige, as an méid sin fhéin, ach an gcuirfear leis an bhfoclóir céanna sin, amach anseo, nó an ndéanfar beart dá réir, feasta. Sin í an cheist. Agus táimid uilig ag súil go ndéanfar.

Ach, i ndáiríre, ní chuige sin atá mé, in aon chor, an tseachtain seo, ach chuige seo.

Céard tá idir chamáin agam in aon chor, an ea?

Tá seo. Gur cuireadh ag smaoineamh ar na cúrsaí sin uilig mé, athuair, nuair a léigh mé an t-alt breá, spreagúil, leis an nDochtúir John Bradley, ó Roinn na Staire, Ollscoil na hÉireann, Má Nuat, ar Kilkenny People na seachtaine seo caite. Ní hamháin go bhfuil na ruifínigh seo ag iarraidh sinn fhéin a bhascadh, ach anois, tá siad ag dul níos fuide fós, nó tá siad ag iarraidh ár n-oidhreacht a mhilleadh orainn freisin.

Cén oidhreacht at idir chamáin agam anseo, an ea?

Is é atá i gceist agam nó an sladaíocht, agus an creachadh, atá á ndéanamh, agus déanta, thart ar Eaglais Mhuire, i lár na cathrach áille seo. Labhair an Dochtúir oilte, ildánach, seo, faoi na tuamaí, na leachtanna, agus na clocha cuimhne luachmhara, ar deineadh slad orthu, i Reilg Eaglais Mhuire, atá suite taobh thiar den Tholsel fhéin, i lár na cathrach. Briseadh agus bascadh cuid acu, agus deineadh roinnt eile a mhilleadh le péint, agus le péinteáil, sa chaoi go bhfuil, faoin am seo, dochar, beagnach doleigheasta, déanta do roinnt acu. Tá an scéal chomh dona sin, go ndeir an Dochtúir linn, go mbeadh náire air cairde leis a thabhairt isteach ansin anois, le breathnú ar sheoda sin ár n-oidhreachta, seoda, adeir sé, nach bhfuil fáil ar a leithéid, áit ar bith eile sa tír, nó b’fhéidir taobh amuigh di, ach oiread.

Anois, ar an gcéad dul síos, caithfidh mé a rá, gur mór an feall go deo é, gur fágadh seoda chomh luachmhar sin in áit go bhféadfaí a leithéid de shlad a imirt orthu. Is cuid den stór, de sheoda luachmhara, náisiúnta, a fágadh againne le huacht, agus a rabhthas ag súil, go seolfadh muid ar aghaidh, slán, sábháilte, iad chuig na glúnta a bhí le teacht, inár ndiaidh. Ní hamháin gur le Cill Chainnigh, nó le hOsraí iad, is leis an náisiún, frí chéile, iad, agus sa chás seo, nach féidir dul i bhfad Éireann níos sia leis an scéal, agus a rá, gur chuid d’oidhreacht saibhir na hEorpa iad, agus go bhfuil dualgas orainne, mar sin, na seoda sin a chosaint láithreach, ar ruifínigh bharbartha na haoise seo, atá meáite ar ollmhaitheasaí luachmhara sin ár n-oidhreachta, a mhilleadh agus a bhascadh, mar spórt agus mar spraoi, agus le caitheamh aimsire spóirtiúil a chur ar fáil dóibh, lena laethe a líonadh le scleondar agus le corraíl !

Ach, céard is féidir linn a dhéanamh le sin a chur i gcrích? a d’fhiafródh duine, b’fhéidir.

Bhuel, ar an gcéad ásc, mura bhfuil ar chumas úinéirí na hEaglaise, agus na Reilge sin, Naomh Mhuire, iad a chosaint ar bharbaracht, déarfainn go bhfuil de dhualgas ar an Údarás Áitiúil freagracht a ghlacadh chucu fhéin as. Tá cupla bealach acu le sin a dhéanamh. D’fhéadfaidís dul i bpáirt leis na húinéirí, leis an gcosaint chuí sin a chur ar fáil, nó mura bhféadfaidís sin a dhéanamh, ní bheadh de rogha acu, ach freagracht iomlán a ghlachadh chucu fhéin as, tríd an suíomh ársa sin a cheannacht, nó trí sheilbh a ghlacadh air, ar bhealach eicínt eile, dá dteipfeadh orthu sin a dhéanamh. Is dócha freisin, go bhféadfaí smaoineamh ar dhualgas an Stáit s’againne, séadchomharthaí dá leithéid a chosaint, agus a chaomhnú, mar chuid d’oidhreacht an Aontais Eorpaigh, agus i gcás dá leithéid, d’fhéadfadh sé, go mbeadh an tAontas céanna sin sásta teacht i gcabhair orainn, leis an gcuspóir sin a chur i gcrích.

Agus an bhfuil bealach ar bith eile le séadchomharthaí dá leithéid a chosaint ar bharbaracht na haoise seo?

Bí cinnte go bhfuil, agus ualach asail de bhealaí eile ann, leis an mbeart sin a dhéanamh.

Agus, gan ach trácht a dhéanamh ar bhealach amháin le sin a dhéanamh, céard faoi áit na gcúirteanna i réiteach faidhbe dá leithéid? Am ar bith a thógtar coirpeach os comhair na cúirte, agus dá dtarlódh go bhfaighfí ciontach é, i sladaíocht, nó i réabadh reilge frithshóisialta, bhuel, in áit seal i bpríosún a ghearradh ar dhuine dá leithéid, nár chóir é a chur isteach i suíomh dá leithéid, lena ghlanadh suas, agus chomh maith le sin, nár chóir go gcuirfí iachall air, bail a chur athuair ar na huaigheanna millte, agus ar na clocha chinn uaighe a briseadh ansin, gan chúis gan ábhar. Dá ndéanfaí a leithéid, ar a laghad, chuirfí toradh na barbarthachta ar ceal, agus chomh maith le sin, b’fhéidir go múinfí ceacht do lucht réabadh reilge, sa chaoi nach mbeadh fonn orthu, milleadh dá leithéid a dhéanamh, feasta.

Ná síltear anois, go bhfuilim ag maíomh anseo, nach bhfuil dualgas ar bith ar an Rialtas s’againne, tada a dhéanamh, le séadchomharthaí dá leithéid a chosaint, nó nílim. Tá de dhualgas ar an Rialtas, sa chead áit, dlithe cuí a achtú, le srian a chur ar iompar réabadhreilgeach dá leithéid, agus ansin, sa dara háit, ba chóir dóibh féachaint chuige, go gcuirfí na dlithe céanna sin i bhfeidhm, chuile bhabhta, ar cibé a fhaighfí ciontach, in iompar frithshóisialta dá leithéid. Agus tabhair faoi deara anseo, cé go bhfuil Eaglais áirithe anseo i gCill Chainnigh i gceist agam, toisc go bhfuil an Reilg thart uirthi réabtha, millte, ar ruifínigh bharbartha, tá mé cinnte, go bhfuil gníomhartha réabadhreilgeacha dá leithéid ag tarlú i mbailte agus i gcathracha, ó cheann ceann na tíre seo, agus ní gníomh annamh atá i gceist agam anseo, ach rud a tharlaíonn áit eicínt, chuile sheachtain, geall leis, d’fhéadfá a rá. Níl iompar dá leithéid inghlactha feasta, nó má tá muid sásta glacadh le céapair dá leithéid, ansin, níl dabht ar domhan ann ach go bhfuil muid ag filleadh ar ré na barbarthachta, gan mhagadh, gan bhréag.

Agus céard fúinne, saoránaigh?

Arís, níl dabht ar domhan ach go bhfuil orainne freisin seasamh daingean cinnte a ghlacadh, sa chogadh seo i gcoinne na sibhialtachta. Caithfidh muid bheith ar thaobh amháin, nó ar an taobh eile. Agus má theastaíonn uainne críoch a chur leis an gcineál seo iompair, bhuel, ansin, caithfidh muid sin a chur in iúl, ar an gcéad dul síos, dár muintir fhéin, agus ansin, do mhuintir an phobail, de réir mar a fhaigheann muid an deis chuige sin.

Dá ndéanfaí mar adúirt mé sa phíosa seo, tá mé cinnte, nach mbeadh aon ghá le filleadh anseo, taobh istigh de bhliain, le píosa eile a scríobh ar an dtéad céanna seo arís, ag iarraidh daoine a spreagadh, le deireadh a chur le hiompar réabadhreilgeach, barbartha, dá leithéid, arís. Mar sin, anois an t-am againn uilig, aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb dho-scaoilte, mhíthaitneamhach, ghranna seo. Sea, agus smaoinigh ar an seanrá adeir, go dtéann focail le gaoth, ach go dtéann buille le cnámh.

Agus féach, mar bhuille scoir, céard faoi chomórtas nua a chur sa tsiúl, féachaint cén baile, nó cén chathair, is fearr a thugann aire dá séadchomharthaí. Nach gcabhródh comórtas dá leithéid, le daoine a chur ag smaoineamh arís, ar a seandachtaí, ar a séadchomharthaí, ar a n-oidhreacht? Sea, agus b’fhéidir go gcuirfeadh comórtas dá leithéid críoch leis an réabadh reilge atá coitianta inár measc, na laethe seo.

Sea, agus ná ceap gur dhein mé dearmad ar na scoileanna, nó ar na múinteoirí, nó níl dabht ar domhan, ach go bhféadfadh idir dhaltaí agus mhúinteoirí, an-chúnamh a thabhairt dúinn, agus muid ag iarraidh spiorad na sibhialtachta a chothú, agus a fhorbairt, i gcroí ár bpobail, feasta. Nár chomhartha an chultúir é, chuile lá riamh, go mbeadh ómós ag daoine dóibh siúd a d’imigh rompu, ar Shlí na Fírinne, agus go mbeadh meas acu ar shaothar a lámh agus a n-aigne. Agus tá súil agam, nach mbeidh altanna le léamh againn feasta, ó sheandálaithe aithnidiúla, áitiúla, arís, ag éagaoin mhilleadh ár n-oidhreachta uaisle.

.

****************

Peadar Bairéad.

****************

.

gaGaeilge