I m B é a l a n P h o b a i l .
****************
The August Holiday .
Ó tharla go dtiteann chomóradh lá mo phósta i rith na saoire seo, tá de nós againn, sé sin, mé fhéin is mo bhean, scuabadh linn an tráth seo chuile bhliain, le roinnt laethe a chaitheamh linn fhéin, áit eicínt álainn, i dtír seo na hÉireann, agus i mbliana, shocraigh muid ar na laethe sin a chaitheamh thíos i gCiarraí. Bhuel, tar éis roinnt mhaith ama a chaitheamh ar ár marana, ba é a shocraigh muid, i ndeire na feide, nó aghaidh a thabhairt ar an gCom, i leithinis Chorca Dhuibhne, i mbliana
In time for the Match !
Bhuaileamar bóthar luath go leor ar an Satharn, an 31ú d’Iúil, agus shroicheamar an Com in am don Chluiche idir Chill Chainnigh agus an Clár. Ní gá dhom a rá, gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid, ar an ócáid áirithe sin! Ar ais linn ansin go dtí ár dteach lóistín “Suan na Mara”, atá suite tamall gearr amach ón gCom.
An tráthnóna sin, agus idir ocras agus tart orainn, thugamar aghaidh ar Phroinnteach an Aghasaigh, i lár an Choim. Chomh luath is a chuamar thar tairseach isteach, bhí a fhios againn go raibh an rogha ceart déanta againn, nó bhí an áit ag cur thar maoil le daoine. Ba ghearr gur leagadh dinnéar ríoga os ár gcomhair amach. Ní bréag a rá, go sásódh an béilí ceanna sin goile fathaigh, gan trácht in aon chor ar an nduine daonna. Ní call a rá, gur chodlaíomar go sámh an oíche sin, ár gcéad oíche riamh ar an gCom.
The Trip to Dingle .
Ar an nDomhnach, tar éis dúinn Aifreann a éisteacht i séipeal álainn an bhaile, thugamar aghaidh ar an nDaingean, ach in áit dhul amach ar Bhóthar an Daingin, is amhlaidh a chuamar amach thar na sléibhte arda úd, a dtugtar Sliabh Mis orthu. Chuaigh chuile shórt ar aghaidh go breá i dtosach, ach de réir mar a chuamar chun tosaigh, is ea ba mhó a chuaigh sé i bhfeidhm orainn, nárbh aon “Freeway”, nó “Motorway” ach oiread, a bhí sa bhóithrín caol, anacair, casta, a roghnaíomar. Ní raibh ach rud amháin le déanamh áfach, agus b’in treabhadh chun tosaigh, ag súil go sroichfeadh muid áit eicínt, i ndeireadh na dála! Chuamar thar an nDún ársa úd, Cathair Con Rí, agus go gearr ina dhiaidh sin, shroicheamar an pointe is airde ar an mbóthar céanna sin, agus go gearr ina dhiaidh sin, fuaireamar an radharc ab iontaí dá bhfaca mé fhéin le mo shúile cinn, riamh, nó i bhfad, i bhfad, thíos fúinn, agus os ár gcomhair amach díreach, bhí radharc álainn le fáil againn ar Bhá an Daingin agus í ag spréacharnach faoi sholas geal na gréine buí. B’éigean dúinn an gluaisteán a stopadh tamall, leis an radharcra céanna sin a ól isteach, agus a chur i dtaisce i gcóifrín na cuimhne, ionas go mbeadh fáil againn air, amach anseo, nuair a bheadh gruamacht agus gráice an Gheimhridh dár gcrá. Leanamar linn ar aghaidh trí Abhainn na Scáil, Lios Póil, agus ar deireadh thiar, shroicheamar baile dosháraithe an Daingin fhéin. Smaoinigh mé ansin ar Pheig bhocht Sayers, agus í ag cur síos ar thithe móra, arda, an bhaile sin, agus ar Lá an Aonaigh, nuair a bhí na sráideanna dubh le daoine. Céard déarfadh an créatúr dá mbeadh radharc le fáil aice anois ar na sráideanna céanna sin, arsa mise liom fhéin, nó níor bhréag ar bith a rá, go raibh na sráideanna céanna sin plódaithe le daoine ó cheithre hairde an tsaoil mhóir, agus a scéal fhéin, sea mh’anam, agus a theanga fhéin freisin, ag chuile dhuine acu.
On Board the Jeannie Johnston .
Ar deireadh, thugamar faoi deara go raibh an-bhrú daoine thíos bealach na cé. Céard a bhí á dtarraingt uilig sa treo sin? adúramar linn fhéin. Ba gherar go raibh freagra na ceiste sin le fáil againn, nó thíos ansin, feistithe agus ar ancaire, bhí an “Jeannie Johnston”, macasamhail na loinge úd a d’iompar na mílte siar go Meiriceá agus go Ceanada, thart ar aimsir an Ghora Mhóir, sea, agus bhí na céadta ina scuaine mhór, fhada, ruballach, ansin, ag síneadh siar ón long sin, agus iad ag fanacht, ar a seal, le dul ar bord, go bhfeicfidís an cineál loinge a d’iompar na mílte sin uilig. Shocraíomar fhéin gur mhaith linn dul ar bord. Fuaireamar ticeid agus chuamar isteach ag deireadh na scuaine, agus d’fhanamar ar ár seal. Chuamar ar bord, ar ball, agus caithfidh mé a admháil, gur bheag nár bhain an radharc istigh deoir asainn. Chonaiceamar an chúinge agus an doircheacht inar mhair na himircigh bhochta sin, ar feadh breis is sé seachtaine, ar a dturas chun an domhain úir, sea, agus gan mórán acu, i bhfoirm bia nó dí, fan an aistir fhada chéanna sin. Ach, thuigeamar, ag an am gcéanna, nárbh aon “Coffin Ship” í an Jeannie Johnston céanna sin, nó níor cailleadh oiread is duine amháin, ar bord na loinge sin, ar a turasanna fada ó Chiarraí go dtí an domhan úr. Chonaiceamar na leapacha loinge agus daoine bréige iontu, agus a scéal á ríomh dúinn ag gleas taifeadta ar bord. Caithfidh mé a admháil go ndeachaigh an chuairt úd, ar an Jeannie Johnston, i bhfeidhm go mór orainn, agus ní dóigh liom, go ndéanfaimid dearmad uirthi go luath. Ar ball, chuamar abhaile, agus ní gá a rá gur chaitheamar seal an oíche sin ag cur scéal an Jeannie Johnston trí chéile.
***************
Peadar Bairéad.
**************
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.